Na críocha déanacha

Má tá fonn ort an pláinéad a shlánú, ba cheart duit níos lú stuif a cheannach


Tá’s agam go bhfuil an Nollaig ag teacht agus go bhfuil dualgas ar gach duine a bheith ag cur feisteas an áthais agus an ghealadhraim air féin, ach uaireanta tagann fear an froc bháin agus loiteann an chóisir.

Táid siad i gcónaí ann, an buachaill beag ag an bhfleá lá breithe a sciobann na milseáin go léir, an aint a scaoileann rún an teaghlaigh ag an mbainis, an bullaí adeir le leanaí óga nach ann do Santa Claus in aon chor, in ainneoin na fianaise.

Is ea, bíodh an ghrian ag taitneamh le brothall, ach tá scamall ar gach gealán.

Bhítí ann go minic na daoine leis na fógraí dhá chlár ar an tsráid ar a mbíodh: ‘The End is Nigh.’

READ MORE

Is mó sin duine a d’fhógair sin ach tá imithe iad féin i bhfad sular tháinig na críocha déanacha chugainn go léir.

Deirtear gur chreid Pól Aspal sin, gan trácht ar dhaoine a fheiceann comharthaí sa spéir lasnairde gach lá dorcha, nó iad siúd a shamhlaíonn tubaist na cruinne le gach fiach dubh a thuirlingíonn ar sceach.

Shíl eolaithe eolgaiseacha go raibh an deireadh chugainn ar thairseach an mhilleniuim agus go stadfadh na heitleáin ina seasamh ar an aer agus go dtitfeadh na ríomhairí uile mar a thiteann Conor McGregor nuair a bheirtear greim scornaí air.

Fágtar iad sin go léir i leataoibh na slí, tá sé againn go hoifigiúil anois ó ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus ó David Attenbourgh féin go bhfuil ár bport seinnte agus ár gcaiscín meilte agus ár bpraiseach ar fud na mias mura ndéanfaimid rud éigin mar gheall ar théamh leanúnach an domhain.

Cé déarfadh nach bhfuil an ceart acu?

Is í an cheist mhór ná cad é an ‘rud éigin’ atá le déanamh ag an gcine saghas daonna?

Deirtear nach foláir dúinn na hastaíochtaí carbóin a laghdú, ach tá 992 milliún bó ar domhan de réir m’áirimhse, gan trácht ar dhaimh agus ar gheacanna agus ar bhuabhaill, agus is dócha go bhfuil broim gach ceann díobh chomh lofa lena chéile.

Is beag duine a cheap nuair a bhí an t-ár gan chrích á dhéanamh ar bhuabhaill mhachairí Mheiriceá go raibh an t-éirleach ag cabhrú le sláinte an domhain.

Veigeatóirí

Ní léir dom ach an oiread go mbeidh na sluaite ag iompáil ina veigeatóirí de dhroim oíche, agus cad a dhéanfaidh na veigeáin nuair a gheofar amach go bhfuil beatha mhothaitheach ag na plandaí chomh maith?

Agus cá bhfuil na daoine nach mbeidh toilteanach dul ar chuaird ábhaille samhraidh go dtí Langarotti agus Tóinarife agus Beanindorm in áit na sléibhte a shiúl sa bhaile agus cnónna a ithe ar shliabh sa bháisteach?

Ach go fiú is dá staonfadh gach bó den bhroimneach, go n-éireodh gach neach slogtha feola as stéig a ithe, is nach ngluaisfeadh ár gceannaithe agus eolaithe chun cruinnithe go rialta ó thaobh taobh an domhain ar eitleáin chun insint dúinn gurbh fhearr don chuid eile againn gluaiseacht de shiúl ár gcos, go fiú is dá dtarlódh sin agus tuilleadh bheadh an mórphonc ag gabháil tharainn go ciúin is go fáilí gan feiscint.

Is é sin le rá, d’fhocal gearra, ní hiad na nithe sin go léir arna gcur le chéile ó cheann ceann na spéire in aon slabhra amháin is buntrúig ár gcrá is ár gcontúirte; is é fáth ár mbuartha agus siocair ár scriosta ná an dúil mhallaithe atá ag an saol polaitiúil agus sóisialta san ‘fhás eacnamaíochta’.

Ní féidir ‘an eacnamaíocht’ ag bheith ag fás go deo. Is é an fás eacnamaíochta namhaid an domhain.

Má stupann tú is má stuáileann tú an saol le stuif, séidfidh sé.