Níl na haontachtóirí ó dheas imithe

An mbeimis níos fearr as dá bhfanfaimis sa Ríocht Aontaithe?


Is dona liom go gcaithfidh mé é seo a dhéanamh. Is feall nach mór ar mo chuid slite argóna féin a bhfuil le teacht.

Ní maith liom nach foláir tarraingt as an aon tobar a bhféadfadh feidhm a bheith leis. B’fhearr liom áiteamh agus reitric agus bladhmann agus féachaint isteach im chroí, ach faraoir cráite agus mo mhíle threighid, uaireanta ní oibríonn sin.

Uaireanta, caitheann tú dul i muinín na fianaise, agus na béisteanna gránna eile sin, fíorais agus factanna a thabhairt leat chun cóisire na cabaireachta.

Tá’s agam chomh maith céanna gur chuma cad iad na factanna agus na fíorais, go mbeidh daoine chomh daingean ina gclaonta leis an gcos sa tuairgnín agus nach mbogfaidh an saol ná a mháthair iad.

READ MORE

In ainneoin na fianaise céanna sin, níor mhiste liom smaoineamh go bhfuil daoine áirithe fós amuigh ansin a rachadh gnéithe de ghnúis an tsaoil i bhfeidhm orthu.

Sna díospóireachtaí iomadúla atá ar bun le bliain anuas ó thosnaigh daoine ag smaoineamh ar an gcéad chogadh mór, agus dá réir sin ar an Éirí Amach, is minic an cheist á cur, arbh fhiú ar tharla?

Is í an mhuc sa pharlús, an cheist ag snámh ar an aer, ach nach gcuirtear os ard go rómhinic, ná an mbeimis níos fearr as dá bhfanfaimis sa Ríocht nó sa Bhanríocht saghas Aontaithe?

Nuair a dhéanann údarás rialaithe dár gcuid féin praiseach de shórt éigin, cloiseann tú an monabhar, an cogar-mogar, an chaint ós íseal: “Nach mbeimis níos fearr as dá bhfanfaimis le Sasana?”

Bain anuas an screamh, scríob díot an crústa agus is é is brí leis an gcur i gcoinne na réabhlóide a thosnaigh le hÉirí Amach na Cásca agus leis an leithscéal timpeall ar Chogadh na Saoirse ná go mbeimis níos rafaire, níos sona, níos saibhre, níos sláintiúla dá bhfanfaimis ag lúitéis don teaghlach ríogúil.

Níl aon bhrí eile leis. Na haontachtóirí ó dheas, níl siad imithe, tá’s agat.

Ach faraoir géar, ní mar sin a léiríonn an fhianaise. Maith dhom arís, a chairde Gall, go gcaithfidh mé an t-earra gránna sin, an súmaire a dtugtaí “fianaise” air, a thabhairt isteach sa phlé.

Sula gcuirim cos thar tairseach, gan amhras, caithfear na teipeanna móra againn féin a admháil. Ní státaire mór mé agus táim sásta ár gcuid lochtanna féin a admháil go faoistiniúil ar Chnoc na Teamhrach le héirí na gealaí. Bhí an bladar riamh iomarcach agus an t-éileamh rómhór. Mar thús, peaca gan mhaitheamh an imirce shíoraí. Náire shaolta easpa idéalachais na bpolaiteoirí nár éirigh riamh os cionn an chlais sa bhóthar nó an t-asal i ngort na gcomharsan.

Scannal ba ea an tsaint gan teorainn ar ar bheathaigh an aicme shaibhir iad féin ar an aicme róshaibhir a bhí ag tál ar chách. Sin iad ár gcuid peacaí, agus tuilleadh, nár cheart iad a mhaitheamh dúinn go furasta.

Ach seasaimis i leataoibh. Bímis idirnáisiúnta. Cuirimis uainn an chúngaigne agus an oileándacht. Och, no, ní fhéadfaimis sin a dhéanamh! Ach d’fhéadfaimis sinn féin a chur i gcomparáid leis an mBreatain. An bhfuil eagla ort?

Abraimis rud beag amháin mar thosach. Ní rud beag é dóibh siúd atá atá ag dul in aois, ach mar sin féin. Is faide saol an duine ar an meán in Éirinn ná ar an ‘mórthír’ (íoróin anseo ar eagla na heagla) de réir staitisticí na Náisiún Aontaithe. B’fhéidir go mbeifeá i gclúidíní donna sna blianta deireanacha sin, ach mar sin féin…

Don bhourgeoisie a shocraíonn an saol is mó go mór an ráta úinéireachta tí atá againn ná ar an móroileán.

Is fada mé ag rá gur fearr ar fad a éiríonn linn i gcomórtais idirnáisiúnta oideachais PISA agus gach comórtas oideachais eile, ná iad siúd a bhí ag cur smachta orainn.

Go breá san léitheoireacht, mar ba dhóigh leat, ach buaimid caoch orthu sa mhataimitic agus san eolaíocht chomh maith!

Thar aon rud eile, áfach, bhíomar riamh chun cinn ar an máthairthír san Innéacs Forbartha Daonna a chuireann Na Náisiúin Aontaithe le chéile (“but sure, what would they know about it?”) de réir gach toise a bhaineann le sláinte, le hoideachas, le sonas, fad saoil, oscailteacht, cearta daonna, cothromaíocht, pé rud is maith leat.

Fág dínit agus féinmheas as an áireamh, go lom fuarchúiseach oibiachtúil eacnamaíoch pingin-id-phóca blianta-led-bheatha go tomhaiste, an mbeimis níos fearr as agus bratach an bhúistéara timpeall orainn dár gclúdach?

Deireann gach pioc fianaise nach mbeadh, ach cad is fianaise dhobhréagnaithe ann in aghaidh na gclaonta a cuireadh id chroí?