Ní fiú an dua an páirtí nua

Ní i bhfad a mhaireann an páirtí nua polaitiúil

Tá ceithre cinn de pháirtithe polaitiúla nó gluaiseacht pholaitiúil á mbagairt nó bunaithe le sé mhí anuas. Míshástacht de chineál éigin is cúis le gach ceann acu.

Tá an Páirtí Náisiúnta Neamhspleách corraithe faoi mhorgáistí, tá Tús Nua (New Beginning) ag obair chun fadhb na bhfiach sa tsochaí a réiteach agus, anuas air sin, tá reibiliúnaithe ó Pháirtí an Lucht Oibre agus ó Fhine Gael a luaitear le páirtithe nua.

Chuile sheans go gcloisfear tuilleadh faoi pháirtithe eile ó leithéidí Declan Ganley.

An mhórcheist ná an fiú páirtí nó gluaiseacht nua? Luann siad go léir an gá le polaitíocht de chineál nua ach an dtarlóidh sin?

READ MORE

Má tá ceacht ar bith le foghlaim ón stair, ní dóigh liom é. Is mar sin a thosaigh gach páirtí beag amach, iad lánchinnte go n-athróidís an córas go ndéanfaidís difríocht.

Is minic gur grúpa abhcóidíochta nó agóide ar aon ábhar amháin a bhíonn i gceist. Éiríonn go maith leo ar feadh tamaill, agus ansin creideann an grúpa nó páirtí go gcaithfidh siad dul isteach i gcomhrialtas chun a gcuid cuspóirí a bhaint amach.

Tá correisceacht – ar nós an Pháirtí Shóisialaigh – a bhíonn sásta treabhadh leis ina n-aonar.

Ceachtanna
Tá na ceachtanna faoi chomhrialtas agus páirtithe beaga an-soiléir ón stair. Ó na 1930í ar aghaidh is iomaí páirtí a tháinig agus a slogadh.

Bhí deichniúr teachta ag Clann na Talmham agus ag Clann na Poblachta sna 1940í agus 1950í. Bhí an dá pháirtí sa chéad rialtas eadarpháirtí ach d’fhulaing siad dá bharr sin.

Nuair a cuireadh an dara ceann ar bun d’fhan Clann na Poblachta lasmuigh ach thug tacaíocht dó. Bhí an dochar déanta áfach agus chuaigh an dá pháirtí i léig.

Ag deireadh na 1980í agus na Glasaigh ag fás ar fud na hEorpa d’fhásadar anseo freisin ach chuir tréimhse sa chomhrialtas deireanach deireadh leo.

Bhí páirtithe sóisialta poblachtánacha ann freisin ach chuaigh a ruball isteach sa Lucht Oibre le himeacht ama.

Tháinig an páirtí nua is mó chun tosaigh sna 1980í nuair a bhunaigh Des O’Malley an Páirtí Daonlathach.

Bhí iarrthóirí so-aitheanta acu agus an-rath orthu in olltoghchán 1987 dá bharr sin nuair a thógadar 14 suíochán.

Daonlathaigh
Mhair na Daonlathaigh níos faide ná an dá pháirtí sna 1950í ach tar éis blianta i gcomhrialtas le Fianna Fáil fágadh ar an lag trá é gan aige ach dhá Theachta Dála agus b'shin a dheireadh.

Goilleann comhrialtas ar an Lucht Oibre i gcónaí ach, go dtí seo, d’éirigh leis an bpáirtí is sine sa Stát maireachtáil gach uair cé go raibh sé gonta go dona.

Cén seans go n-éireoidh le haon ghluaiseacht nó le haon pháirtí nua go praiticiúil? Bhí iarrthóirí ag Fís Nua, atá an-chosúil le Tús Nua, in olltoghchán 2011 ach is beag tacaíocht a fuaireadar.

I gcás iarbhaill na bpáirtithe tá buntáiste acu, aitheantas acu go háitiúil agus go náisiúnta, ach fós féin, gan meaisín seanbhunaithe ní bheidh sé chomh héasca sin.

Tóg Róisín Shortall, mar shampla, toghadh ar an chéad chuntas faoi dhó í – i Rabharta Spring i 1992 agus arís i 2011 nuair a bhí rabharta den chineál céanna tacaíochta ag an Lucht Oibre.

Bhí sí sa dara nó sa tríú háit sna toghcháin eile uilig agus mórán tráchtairí den tuairim in 2007 go raibh sí i gcontúirt ó Shinn Féin.

Chuaigh Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh go hiomlán le hiarrthóirí den eite chlé i 2011.

Bheadh seans maith aici mar neamhspleáchaí nó mar cheannaire ar pháirtí nua ach is cinnte nach mbeadh sé éasca – beidh Fianna Fáil, atá anois ag tearnamh, ag súil le suíochán a bhua ar ais anseo agus beidh Sinn Féin sa tóir ar an dara suíochán.

Maidir leis an seisear Teachtaí Dála agus beirt Seanadóirí atá lasmuigh de pháirtí parlaiminte Fhine Gael shílfeá orthu nach raibh siad róchinnte céard a theastaíonn uathu.

Tá Brian Walshe ó Ghaillimh Thiar oscailte faoi bhealach ar ais sa pháirtí a lorg agus deir Denis Naughten ó Ros Comáin/Liatroim Theas gur teachta neamhspleách anois é. Is comhghuaillíocht de theachtaí atá ar aon intinn atá ag na teachtaí agus seanadóirí, dar leis.

Táthar ag caint faoi
iarrthóirí a chur chun tosaigh sna toghcháin Eorpacha agus don Dáil, áfach, agus murab páirtí é sin céard é?

Is í Lucinda Creighton is mó atá á lua le ceannaireacht an pháirtí nua ach n’fheadar an mbeadh Naughten nó an seanfhondúir eile sa ghrúpa sin, Billy Timmins, róshásta leis sin. Is acusan is mó atá taithí.

An mhórcheist eile ná an gcoinneoidh siad a gcuid suíochán?

Bheadh cóir na gaoithe leo mar neamhspleáchaithe más fíor do na pobalbhreitheanna ach den 14 teachta neamhspleách a toghadh i 2011 níl san ardchathair ach triúr díobh – ábhar imní shílfeá do Creighton, Terence Flanagan agus Peter Mathews.

Bheadh an-obair le déanamh acu le páirtí iomlán nua lena gcuid suíochán féin a choinneáil gan trácht ar chur leo – rud a bheadh de dhíth chun aitheantas a bheith acu
d'urlabhraithíocht Dála.

Má tá siad dáiríre tá sé in am acu teacht anuas ón gclaí agus fógra cinnte a dhéanamh.

Pé seans atá acu ní chabhróidh moilleadóireacht leis – ach ní shílim gur fiú an dua é.