Ní féidir go raibh sé i gceist...

Tá muid ag tógáil ballaí roimh ár ndaoine muinteartha féin


Ní raibh sé i gceist go dtarlódh sé seo go léir arís, an raibh?

Ní raibh sé i gceist go mbuamálfaí cathracha anuas ón aer arís, an raibh?

Tar éis Londain agus Dresden agus Hiroshima agus Gernika agus Hanoi go leagfaí Aleppo inniu agus Mosul amárach agus Sana’a gach lá nuair a oireann. Nach bhfuil rud éigin scríte áit éigin i ndlí éigin ag duine éigin mar gheall air seo?

Ní raibh sé i gceist go dtosnófaí ag tógáil ballaí arís chun daoine a choimeád amach nó a choinneáil istigh tar éis ar fhoghlamaíomar le balla Bhéirlin i ndéanaí aimsire, nó thart faoin tSín fadó, an raibh sé i gceist go gcuirfí fálta go haer ar theorainneacha oirthear na hEorpa, agus claíocha den tsreing dheilgneach ar imeall na hUngáire, nó balla brící mar chrios geanmnaí ar ghabhal Mheicsiceó?

READ MORE

Ní féidir go raibh sé i gceist go ligfí do dhaoine bás a fháil ar an bhfarraige ag iarraidh beatha níos fearr a rochtain dóibh féin nó ag éalú ó thíorántacht mar a dhein na milliúin Gael ar a dteicheadh dóibh sna cónraí adhmaid ón ngorta gan chrích ina dtír féin, nó na Vítneamaigh úd a dtugtaí ‘muintir na mbád’ orthu níl rófhada ó shin ann, nó a n-amhlachas siúd arís ar a gcoimeád ón Albáin nuair a bhí an rialtas Cumannach ag titim, ní féidir go raibh sé i gceist go ndéanfaí linn mhór bháite den mheánmhuir toisc go bhfuil daoine eile ag gabháil don ghnó ceanann céanna is a dhéanfadh duine ar bith dá mbeadh a bheatha i mbaol?

Ní féidir go raibh sé i gceist go mbeifí mórálach as daoine bochta gan dóchas a bhailiú isteach i gcampaí géibhinn agus gabhála tar éis a bhfaca an cine a mhaíonn a bheith daonna dá leithéid ó, abraimis Bloemfontein na Breataine móide eile, nó Tulare na Stát Aontaithe do na Seapánaigh móide eile, nó Belokorovichsky na Rúise móide eile, nó Luderitz na Gearmáine móide eile, nó El Palmar de Troye na Spáinne móide eile, go siúrálta ní féidir go raibh sé i gceist go rachadh Dabaab agus Calais agus Osmaniye agus Manduria agus Nyaragusu móide na céadta eile síos in annála na mídhaonnachta i mblianta seo an inlightinmint agus an dul chun cinn agus an réasúin?

Ní féidir go raibh sé i gceist, ach caithfidh go raibh, tar éis réabhlóid na Fraince, agus muirthéacht na Rúise, agus formhór na ríthe lofa a bheith díbeartha, agus caisleán na n-uasal ar lár, agus a bhfuil d’airgead mór caite ar oideachas in iarthar an domhain, agus tar éis fás na cothroime comhdheise i dtíortha dhaonlathais shóisialta, ní fhéadfadh a bheith go bhfuil formhór de mhaoin an domhain súite suas ina bpócaí domhaine féin ag dornán olagarc, agus teanga na ndaoine amuigh ag lúitéis roimh cheiliúráin, theaghlaigh ríogúla agus réaltaí scannán?

Ní féidir go raibh sé i gceist tar éis an domhanchogaidh mhóir bharbartha dheiridh nuair a shocraigh an Eoraip go mbunófaí síocháin ar domhan go buan, ní féidir go raibh sé i gceist ag go leor de na tíortha Eorpacha céanna dul ag pleancadh soir is siar is gabháil de chosa i dtíortha eile nár smaoinigh riamh ar ionsaí a dhéanamh orthu siúd, abraimis, bhuel, mar thús, an Afganastáin, an Iaráic, An Libia, An tSiria, An Chéinia, An Ailgéir, An Cósta Eabhair, Sead, An Malae, An Éigipt, agus ar aghaidh go bun an cholúin, ní féidir, an féidir, nár fhoghlaim daoine tada?

Ní féidir, an féidir, go bhfuilimid beo san aimsir láithreach seo agus teacht againn ar gach faisnéis faoin spéir, ach gan faic ar eolas againn?