Ní bhíonn Keano ag caoineadh

Insíonn Keane an fhírinne shearbh i gcónaí

Casadh fileata i scéal fada achrannach ab ea ceapachán Roy Keane mar leasbhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann agus tógáil croí a bheidh ann é a fheiscint os comhair na meán inniu agus san Ávívá Dé hAoine.

Is fíor nár ghabh an FAI an leithscéal poiblí le Keane atá ag dul dó, ach níor chóir, is dócha, a bheith ag súil leis an iomarca.

Dúirt John Delaney ar an Late Late Show an oíche eile "go mb'fhéidir go raibh an ceart" ag Keane sa cháineadh a dhein sé ar an FAI aimsir Saipan, agus bíodh is nach raibh aon ghá leis an
"b'fhéidir" san, déanfaidh sé sin cúis go fóill.

An uair dheireanach a chuaigh Ultach dárbh ainm Ó Néill go Corcaigh ar lorg cabhrach, chríochnaigh sé go tubaisteach ag Cionn tSáile, ach tar éis dóibh cúpla bliain chorraithe a chur isteach tá ábhar dóchais arís ag lucht tacaíochta Roy Keane.

READ MORE

Níor éirigh go rómhaith le Keane mar bhainisteoir ar Ipswich agus cé nár dheineamar riamh ár gcreideamh a shéanadh níorbh aon obair gan dua é a bheith á chosaint, go háirithe nuair a thosaigh Roy ar an bhféinsciúrsáil.

An ceart ag Keane
Má bhíonn an ceart i gcónaí ag Roy Keane, cad is féidir a rá nuair a deireann Roy Keane féin nach mbíonn an ceart i gcónaí aige?

Go bhfuil dul amú ar Roy Keane sa chás áirithe seo?

Go bhfuil an ceart ag Roy Keane go bhfuil sé mícheart?

Faoi mar dúirt mé, tá cúpla bliain chruaidh curtha isteach againn.

Ar ndóigh, ní bhíonn saoi gan locht agus tá botúin déanta ag Roy Keane.

Le linn dó a bheith mar bhainisteoir ar Sunderland, mar shampla, cheannaigh sé Rade Prica, strampálaí Sualannach nach ndéanfaidh éinne a chonaic aon cheann de na sé chluiche a d’imir sé don chlub sin dearmad go deo air.

Ach mhaithfeá Rade Prica do Keane toisc gur thóg an Corcaíoch Sunderland ó bhun an Championship go dtí an Premiership agus toisc chomh maith gur choiméad sé sa phríomhroinn iad, gaisce nach beag a dhéantar neamhní de go rómhinic.

Go deimhin, bhí Sunderland fós sa phríomhroinn nuair a thit Keane amach le húinéir an chlub, an fear céanna a thug bata agus bóthar do bhainisteoir nua na hÉireann, Martin O’Neill, agus a cheap Paulo di Canio ina áit.

Shamhlófá mar sin gur ag Keane chomh maith a bhí an ceart nuair a scar sé le Sunderland.

Ach ní haon chúis iontais é sin, mar bíonn an ceart ag Roy Keane i gconaí faoi na mórcheisteanna.

Bhí sé ceart aimsir Saipan agus cé nach gcloisfeá mórán á rá, chuir Keane comaoin mhór ar Alex Ferguson chomh maith nuair a chuir sé in iúl go neamhbhalbh dó go raibh Manchester United imithe in ainm an diabhail fad is a bhí an bainisteoir ag déanamh buartha faoina chapall ráis.

Ní hí an chaibidil faoi Keane an ceann is suimiúla i leabhar nua Alex Ferguson ach an ceann a bhaineann leis an dtréimhse inar thit an bainisteoir agus a chaptaen amach lena chéile.

Sa chuid eile dá dhírbheathaisnéis cuireann Ferguson síos go húdarásach neamhleithscéalach ar gach a bhain sé amach le Manchester United.

Ach sa chaibidil áirithe seo, “Lean Times” braitheann tú an glór údarásach san ag teip ábhairín.

Deir Ferguson linn faoi Kleberson, Brasaíleach nár éirigh go rómhaith leis ag United, go raibh cumas ann ach gur phós sé bean a bhí ró-óg dó, go raibh sé rómhór faoi smacht a athar chéile agus go raibh an fear bocht róchúthail chun Béarla a fhoghlaim.

Agus Ferguson ag sracadh leis ag iarraidh míniú éigin a thabhairt ar theip Eric Djemba Djemba, an Camarúnach a bhí chomh holc sin “gur ainmníodh fé dhó é”, thaibhseofaí duit go ndein Keane gar dá bhainisteoir nuair a chuir sé de a racht feirge faoi chruachás an chlub a raibh a chroí agus a anam istigh ann.


'An fhírinne'
"You can't dodge the truth about those years," a deir an bainisteoir agus é ar a dhícheall amhlaidh a dhéanamh.

Ba é a chaptaen is túisce a chuir an fhírinne shearbh ar a shúile dó agus cé nach n-admhódh Ferguson riamh é, bhí an ceart ag Roy Keane.

Agus nuair a chuimhním anois air, bhí an ceart aige faoi Rade Prica chomh maith.

Ba i gcoinne Birmingham a d’aimsigh an Sualannach stágach an t-aon chúl amháin a scoráil sé do Sunderland. Chinntigh a chúl bua i gcluiche cinniúnach a chabhraigh go mór le Sunderland fanacht sa phríomhroinn in 2008.

Dhein Sunderland brabach beag nuair a díoladh le Rosenborg é an bhliain dár gcionn.