Níl mo ghnúis ar Facebook ná ar Straoisleabhar

Cérbh é an duine ó Dháil na Breataine in Westminster a bhí ag iarraidh eolais fúm?

Ní mé an té is líofa ar na meáin shóisialta. Go deimhin is cuma nó meánshóisialtafóibiach mé. Níl aon chuntas Twitter agam mar ní cheapaim gur twit ar fad mé; agus níl mo ghnúis ar Facebook ná ar Straoisleabhar ná ar Phusphróifíl ná ar Chuntanóschuntas ná ar Aghaidhamaidí ná ar Ghnaoighréasán ar bith díobh. Is leor an seanríomhphost féin le sciar maith mór den lá a shlogadh, agus tá sin dona go leor mar a ritheann.

Géillim ábhairín don mhéid adúirt Groucho Marx tráth: ‘Is iontach an áis oideachais í an teilifís; nuair a chuireann duine ar siúl sa tseomra í, gabhaim amach agus déanaim leabhar a léamh.’ Níl ann ach go bhfuil méid áirithe uaireanta an chloig sa lá, agus is fút féin atá sé an leas is fearr a bhaint astu. Tá páistí feicthe agam ag cur téacsanna teileafóin chun a chéile ó thaobh taobh chlós na scoile in áit scairt mhór ghroí a ligean nó, neachtar acu, go sábhála Dia sinn, an fiche slat trasna na slí a shiúl.

Sa tseanshaol réamh-Pheig, níorbh fholáir do dhaoine leisciúla éirí aníos den bholgtolg, gabháil de choiscéimeanna troma trasna an tseomra suite d’fhonn na stáisiúin teilifíse a athrú. Ansin, tháinig an cnapaire agus bhí cúpla céad stáisiún faoi shmacht do mhéire. Tá smacht ag na méireanta céanna anois ar gach dá bhfuil ar siúl ar fud an domhain, nó ar a laghad i measc an chúpla céad cara atá agat nach bhfaca tú riamh.

Tá aon cheangal amháin ann, áfach, a bhfuil mé páirteach ann. Is ball de LinkedIn ar chúis éigin mé. Ní foláir nó gur tháinig púca éigin i gcoim na hoíche agus cláraíodh ann mé. Má chuirim rud éigin leis uair san dá bhliana, sin é é, mar bíonn orm dul agus mo phasfhocal a lorg i measc na ndosaen de phasfhocail eile atá agam i gcomhair cuntais agus eagraíochtaí agus earnála agus áisínteachtaí agus eile a éilíonn a leithéid.

READ MORE

Uair sa tseachtain, áfach, tagann tuairisc chugam faoi dhaoine amuigh ansin sa liútar éatar atá ag fiosrú fúm. Ní bhíonn aon ainm leo, ach luaitear an cineál lena mbaineann siad. Agus is ea, bíonn iriseoir anois is arís ina measc, neach ollscoile nach bhfuil ag teagasc, scríbhneoir nach bhfuil ag scríobh, feirmeoir nach bhfuil ag grafadh is ag gearán. Ach, as blonag an mhéid sin nochtann neachanna suimiúla nach bhfeadair mé cé hiad, agus cad ina thaobh a mbeadh spéis acu ionam.

Cérbh é an duine, mar shampla, ó Dháil na Breataine in Westminster a bhí ag iarraidh eolais fúm? Tar éis an tsaoil níl sé i gceist agam móid dílseachta a ghlacadh go luath, agus níl aon ghaol díreach agam le Guy Fawkes ach an oiread. Fiosrú eile bhí ó dhuine éigin i gcomhlucht slándála. Chuir sin mearbhall orm, óir tá beagán meirge ar mo chuid ealaíne comhraic, agus íocaim mo chuid billí i ngach siopa, go bhfios dom.

Níos measa fós ná sin is ea na bainisteoirí monarchan a bhíonn dom thaighdeadh. Is féidir liom a rá go neamhbhalbh anois nach mbeadh puinn maitheasa ionam in aon ghrád oifigiúil in aon déantúsán de shaghas ar bith in Montevideo. An tseachtain cheana bhí speisialtóir tráchtála san eastát réadach, innealtóir comhairleach ríomhaireachta, agus réaltfhisiceoir trasphlainéadach dom ghrinneadh. Arís eile, mo lámh is m’fhocail go léir air, ní shílim gur mise an té daoibh. Nó an é rud éigin adúirt mé?

Glacaimse leis go bhfuil maitheasaí móra ag baint leis na meáin shóisialta don té a n-oireann sin dóibh. Ach, uaireanta, nárbh fhearr dul amach chun éisteachta leis na héin ag twittireacht, nó go díreach, féachaint ar an bhféar ag fás?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar