Moltar na mná tí

Tá luach as cuimse le cúrsaí Gaeltachta agus leis an arán laethúil


Arán bán. Im. Scian smeartha le subh. Suipéar Gaeltachta.

Gasúir challánacha na cathrach ar chúrsa cruinn faoin tábla; iad ag ionsaí an ime lena sceana ar nós scaifte Samúraí.

Ná bí rómhúinte. Ní bheidh de thoradh ar an dea-mhúineadh ach ocras. Agairt bhean an tí “Suipéar réidh! Suipéar réidh!” imithe faoin am seo. Níl le cluinstin anois ach cogaint, caint, impí: “Don’t eat all the bread, ya greedy bastard!”

Cad é mar a chuir na mná tí suas linn, ‘scoláirí’ agus muid inár gcónaí ina dtithe le linn chúrsaí Cásca agus samhraidh?

READ MORE

Cad é mar a chuir muid féin suas linn féin, déagóirí garbha, mórán againn as ceantair bhochta cathrach gan d'eolas againn ach ar choirnéal sráide s'againne féin, tacsaithe dubha, busanna, muid leathfhiáin, gauche, faiteach.

Ach chuir siad suas linn agus, ó bhí mise ar chúrsa Gaeltachta den chéad uair tá 35 bliain ó shin, tá siad ag cur suas linn ó shin.

Scoláirí?!

Ba cheart cosc a chur ar an fhocal.

Thuigfeá léann agus múineadh agus daoine stuama le scoláirí. Ní raibh ionainn ach scaifte as na garbhchríocha.

Ach chuir na mná tí suas linn agus tá siad ag cur suas le mo leithéidí le fada fada an lá.

Fáilte

Moltar iad. Moltar as a ndaonnacht iad go dtig leo fáilte a chur roimh strainséirí bliain i ndiaidh bliana agus tearmann a chur ar fáil dóibh.

Tá glúin nua anois ann agus iad níos múinte gan amhras.

Diomaite de m’iníonacha féin, bhí nianna agus neacht de mo chuid ar chúrsaí le tamall de bhlianta anuas.

Beidh mo chailíní féin ag pilleadh ar chríocha Conallacha le linn an tsamhraidh agus mórán cairde ag dul leo. Téann siad siocair go dtaitníonn sé leo; téann a gcairde siocair go dtaitníonn sé leo.

Deis chun saoirse; deis le héalú ar thuismitheoirí. (Áiméan, a deirim.)

Tuilleann mná tí a gcuid airgid agus tuilleann siad go maith é.

Ní hábhar iontais é, mar sin, go bhfuil grúpa stocaireachta na hearnála, CONCOS, anois i mbun feachtais le cúpla euro sa bhreis a fháil dóibh.

Ní mórán d’éileamh é.

Tugann Roinn na Gaeltachta €9.50 sa lá do bhean an tí as an chuach sa nead agus tig leo 12 duine a choinneáil sa teach.

€10.50 a bhí ann sular ghearr an Rialtas an ráta agus is é dóchas CONCOS an euro sa bhreis sin a fháil ar ais – ar a laghad.

Caithfidh na coláistí samhraidh féin airgead a thabhairt don bhean tí fosta agus ba chóir go bhfaigheadh gach bean tí thart faoi €20.90 an dalta sa lá. (Thiocfadh liom féin luach €20 d’arán, im agus subh a ithe gach lá!)

Measann lucht tacaíochta na gcoláistí samhraidh gur fiú €50m sa bhliain gnó na gcoláistí agus meastar nach gcosnaíonn sé ach €5m sa bhliain ar Roinn na Gaeltachta.

Mar bharr ar an donas, tá líon na ndaoine atá ag freastal ar chúrsaí ag titim; bhí 4,000 duine níos lú ar chúrsaí 2015 ná mar a bhí ann in 2008.

Ní dea-thuar é sin don am atá le teacht agus ní dea-thuar é go bhfuil an chosúlacht air nach bhfuil an Roinn róbhuartha: “Níl sé i gceist go mbeidh aon ghearradh siar ar an deontas a íoctar do na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoin scéim i 2016 agus níl sé i gceist go laghdófaí na huimhreacha sna tithe ach an oiread.”

Níl gearradh le bheith ann ná, is cosúil, ardú.

Is é an trua go bhfuil an Rialtas chomh fuar i gcás na mban tí.

Luach

Baineann luach nach beag leis an chúrsa Gaeltachta dúinn, lucht foghlama, agus baineann luach nach beag leis do gheilleagar na Gaeltachta.

Téann na páistí chun na Gaeltachta, tugann mamaí agus daidí cuairt orthu agus caitheann siad airgead le linn dóibh bheith sa cheantar.

Tá rud inteacht acu – an Ghaeilge dhúchasach – nach bhfuil áit ar bith eile agus meallann sé daoine. Ní ar mhaithe leis an aimsir a thugann duine ar bith aghaidh siar!

Cinnte, ní bhíonn aird ag daltaí air sin. Is ar ranganna Gaeilge ann agus ranganna damhsa agus siúl ar an trá agus céilí bréagéadaí a bhíonn a n-aird.

Sin mar is fearr é.

Bíonn brú as cuimse ar chuid mhór déagóirí sa lá atá inniu ann; brú le bheith tanaí; brú le bheith aibí. Deis atá sa chúrsa samhraidh bheith óg, bheith i do dhéagóir; deis atá ann éadaí amaideacha a chaitheamh ag céilí; pictiúir a thógáil; búir a ligean.

Deis atá ann siúl abhaile san oíche, caint le cairde agus – yikes – bheith i gcuideachta buachaillí agus cailíní.

(Mar a bhí riamh.)

Agus an deis is tábhachtaí – le go bhfeice siad gurb ann don Ghaeltacht, gurb ann don Ghaeilge, go bhfuil daoine ar an saol a scairteann “Suipéar réidh!” agus a labhrann Gaeilge eatarthu féin.

Ba cheart an caidreamh sin a láidriú agus a chothú oiread agus is féidir.

Cad é an rud ba thábhachtaí a bhí le déanamh ag deireadh an chúrsa nuair a bhí an t-arán, an t-im agus an tsubh uilig ite?

Airgead a bhailiú le bronntanas a cheannach do bhean an tí.

Ní ligfeadh an náire duit pilleadh abhaile gan bosca seacláidí féin a thabhairt do bhean chróga an tí.

Nach míle trua nach bhfuil an Rialtas chomh flaithiúil le gasúir gharbha mo linne?