Moltar an tsúil eile a fheiceann rudaí as an úr

Is é is míorúiltí anois mar gheall ar TG4 ná go bhfuil glacadh go hiomlán léi


Cá bhfaighimid ár gcuid eolais?

Is beag rud a ghluaiseann chugainn ná gur féidir linn amhras éigin a chaitheamh air.

Ní mar sin dúinn, áfach, ach ag slogadh gach bladair a thagann inár dtreo ó na meáin a sheoltar chugainn ar an aer, na ráflaí a chloisimid ó dhaoine a ndúirt bean leo, agus ó na nuachtáin tablóideacha arb iad an phiast sa phráta iad siar amach.

Ní gan chúis a rug Rupert Murdoch greim scrogaill ar na meáin mhóra san Anglaisféar.

READ MORE

Ní gan chúis a raibh an Sacra Congretatio de Propagande Fide ag an Vatacáin.

Agus, ar eagla Ghardaí na hEilbhéise, níl aon cheangal á dhéanamh agam idir aon cheann díobh sin thuasluaite!

Ach is amhlaidh gur thuig, agus go dtuigeann siad go léir, nach dtéann focail le gaoith, ach go ngabhann siad sa mheabhair bhog isteach: ‘You are what you read,’ mar adeir nuachtán amháin, nó ‘Before you make up your mind, open it,’ mar adeir smugacheirt laethúil.

Agus, ó sea, ba dhóbair dom: tá mo dhuine san Ungáir ag dúnadh nuachtáin ar dalladh.

Agus ba bheag duine adéarfadh gur saoirse cainte is mian le Putin, agus níl ach idirlíon oifigiúil ar fáil sa tSín, go díreach ar eagla go léifeá rud éigin ó Fox News.

Abhus anseo, áfach, tá cead cainte agus saoirse tuairimíochta agat fad is go síneann suas go compordach lena bhfuil á rá ag cách eile.

Gach saghas liquorice allsorts ar fáil fad is go bhfuil siad go léir dubh, an uile shaghas romhat amach ach fágtar an blas céanna ar do theanga.

Na céadta, mura bhfuil na mílte stáisiún teilifíse agus raidió ansin amuigh ar phont an chnaipe, ach is é do dhícheall teacht thar eolas maidir lena bhfuil ar bun i dtíortha beagthábhachta in aice láimhe.

Eisceacht

Tá aon eisceacht amháin ann sa chlaisceadal seo d’aonghuth.

Nuair a bunaíodh TG4 tá 20 bliain ó shin anois ann ghlac siad mar mhana chucu féin – ‘Súil Eile’.

Ní miste a rá gur súil eile iad, fiarshúil go minic nuair a bhíomar ina gátar; súil chaoch ar amaidí nár bhain leis an gcine meabhrach; súil ghéar nuair a bhí gach duine eile maol; súil mhillte nuair ba ghá an drochshúil a chleachtadh; guth ar shúil an bhóthair nuair a bhí cách eile balbh.

Is é is míorúiltí anois mar gheall ar TG4 ná go bhfuil glacadh go hiomlán léi.

Cuid den aeráid í, troscán an tí.

Ní mar sin a bhí riamh agus bhí na gnáthamhrasáin amuigh le gramhas is le binb ag iarraidh í a thachtadh sa bhroinn sular saolaíodh in aon chor í.

Ní dóigh liom fiú, go dtugann duine ar bith Tee Gee Fór uirthi níos mó.

Beidh a rogha féin ag cách. Thug sí tosaíocht riamh do spórt na mban a raibh faillí déanta ann ag na meáin eile, agus do chluichí na n-óg, agus do chomórtais áitiúla.

Is beag clár grinn ar mhó a dheineas gáire faoi ná C.U.Burn.

Tugann Fíorscéal léargas fíorannamh idirnáisiúnta dúinn.

Bíonn 7 Lá chomh géar le gaoith ón Mangartain.

Bíodh nach gcleachtaim sópoparaí de ghnáth, óir is maith liom duine a bheith sona anois is arís, tá scriopt agus aisteoireacht Ros na Rún míle uair níos ealaíonta ná Fare Sihhi.

Tá TG4 in aois fir agus mná anois.

Nára thé sí i stóinsitheacht, ach in óige feasta, mar is dual di.