Moltar an tarracóir!

Seo chugainn na tarracóirí a spreagann amhrán agus dán


Deirtear go bhfuil ré an charbaid thart in Éirinn.

Baineann an carbad le Cú Chulainn. Ní fheicfeá carbad in Éirinn níos mó; tá muid róshofaisiticiúil inár gcuid Audithe agus BMWanna.

Níl a fhios agam. Feicim cuid mhór carbad ar bhóithre na tíre an t-am seo bliana. Tagann an solas agus seo chugainn scata acu – tarracóirí!

Sea, is cinnte gurb é an tarracóir rogha an Ghaeil mar charbad sa lá atá inniu ann. Tagann línte áille R.S. Thomas chugam am ar bith a bhfeicim tarracóir ar na bealtaí móra:

READ MORE

Ah, you should see Cynddylan on a tractor.

Gone the old look that yoked him to the soil;

He’s a new man now, part of the machine,

His nerves of metal and his blood oil.

The clutch curses, but the gears obey

His least bidding, and lo, he’s away

Out of the farmyard, scattering hens.

Ar ndóigh, ní dócha gur Cynddylan atá ar an tiománaí sa taobh seo tíre ach Seán nó Paddy nó Sammy nó Billy.

Mar sin féin, is ionann iad agus Cynddylan; iad mórtasach as an inneall iarainn atá thíos faoina dtóin.

Oiread chéanna le carbaid chogaidh na sean-Ghael, níor cheart duit moill a dhéanamh os comhair tarracóra.

Is fíor nach mbíonn sleánna ceangailte de na boinn ach bíonn trealamh eile ceangailte den tarracóir a chuirfeadh tancanna millteanacha an Chogaidh Mhóir i gcuimhne duit. Dá gcruinneofá na carbaid uilig le chéile, déarfainn go mbeadh cathlán agat a chuirfeadh eagla ar Gheingeas Cán féin.

Cráite atá mo chéile mná bocht – iníon feirmeora bhig – ag mo chuid ceisteanna faoin am seo. “Cad é a dhéanann sin?” a deirim. Míníonn sí dom úsáid an fhearais aistigh atá greamaithe den tarracóir agus gach aon ‘ó’ agus ‘á’ asam.

Ag dul chun cogaidh sa chuibhreann a bhíonn an tarracóir an t-am seo bliana.

Ní fheiceann tú rómhinic sa gheimhreadh iad nó bíonn an cuibhreann róbhog ag an fhearthainn. Oiread chéanna le tuismitheoir agus páiste, tugann an feirmeoir aire dá chuid tailte féin. Níor maith leis dochar a dhéanamh dóibh.

Cuirtear an t-eallach chun sciobóil ionas nach ndéanann siad scrios den talamh lena gcrúba – ná scrios dóibh féin dá dtiteadh siad.

Ach tá turadh anois ann. Tá teas inteacht ann. Tá an féar ag fás. Tá obair le déanamh sna cuibhrinn agu seo chugainn an tarracóir. Ceann amháin; an dara ceann; an tríú ceann.

Seo chugainn iad agus laochra ina mbun. Is cuma an tiománaí óg nó aosta, bíonn siad ag stiúradh leo ar nós gur leo an bealach mór. Agus is leo.

Murab ionann agus tarracóirí beaga bídeacha an lae inné, tá tarracóirí an lae inniu mór cumhachtach.

Níl siad ach ag útamáil sna cuibhrinn go fóill. Ní fada, ámh, go mbeidh fir an tsadhlais chugainn. Ní fada go mbeidh an féar fásta agus fada go leor le gur féidir leo é a bhaint.

Cluinfidh tú go luath ar maidin agus go mall san oíche iad – na tarracóirí ag trasnú an talaimh ar a seacht ndícheall, ag iarraidh oiread a bhaint agus is féidir sula mbíonn luí na gréine ann.

Is iomaí sin súil a bheas ag amharc ar ghortanna na hÉireann sna seachtainí romhainn.

Beidh fáithe ag scrúdú na scamall agus ag déanamh staidéir ar an ghréin. Is iomaí sin comhrá a bheas ann faoi thuradh agus faoi fhearthainn.

Beidh imní ann nó tá airgead san fhéar féin. A luaithe agus a ghearrtar an féar, beidh súil ann leis an dara gearradh agus, cá bhfios, an tríú ceann?

Beidh dúil ann oiread féir a bhaint agus is féidir. Cuirfear i dtaisce é don eallach le linn an gheimhridh. Sea, tá an feirmeoir ag smaointeamh ar an gheimhreadh cheana féin!

Ní mhaireann an tEarrach rófhada agus is gairide arís a mhaireann an Samhradh ar laethanta seo an téamh domhanda, is cosúil.

Seans, má tá cónaí ort sa chathair, nach dtabharfá an féar faoi deara. Ach ní hamhlaidh an scéal faoin tuaith. Tá cothú san fhéar agus fir na dtarracóirí toilteanach an toradh glas sin a bhaint.

Massey Fergusons is coitianta a bhíonn le feiceáil sa taobh seo tíre agam ach chonaic mé tarracóir nó dhó de dhéantús John Deere i dTír Eoghain an lá faoi dheireadh.

Ní chreidim go bhfuil an Massey Ferguson luaite in amhrán ar bith ach tá tagairt don John Deere san amhrán galánta sin ag Nanci Griffith, Trouble in the Fields.

Is ag canadh faoin Spealadh Mór atá sí: “But if we sell that new John Deere/And then we’ll work these crops with sweat and tears./You’ll be the mule I’ll be the plow./Come harvest time we’ll work it out.”

An bhfeiceann tú sin?

Spreagann an tarracóir filíocht agus amhrán.

Moltar an tarracóir!