Molann Mac Coille RnaL

Mhol craoltóir clúiteach RTÉ, Cathal Mac Coille, Raidió na Life as seirbhís 20 bliain a chur ar fáil do phobal Bhaile Átha Cliath le linn ócáide i dTeach an Ardmhéara san ardchathair.

Dúirt sé go raibh an stáisiún Gaeilge le moladh as seirbhís a chur ar fáil nach ndearna dream ar bith eile: “Is mar gheall ar an éagsúlacht cheoil is minicí sílim a fhaigheann éisteoirí tré thimpiste an leid is túisce gur Raidió na Life atá curtha ar an raidió acu.

“Ní dóigh liom go bhfuil rogha cheoil chomh leathan á soláthar ag stáisiún ar bith eile atá ag craoladh sa phríomhchathair.”

Bhí aithne aige féin ar chomhghleacaithe i RTÉ a fuair oiliúint mar chraoltóirí le Raidió na Life – Sharon Ní Bheoláin, Fachtna Ó Drisceoil, Colm Ó Mongáin, Sinéad Crowley agus Ruairí Mac Con Iomaire. Ach dá fheabhas an t-oideachas a fuair siad, ba é cinneadh Raidió na Life tabhairt faoi rogha eile ábhar, idir cheol agus chúrsaí reatha, a thuill gradam don stáisiún: “Molaim an díograis, an dúthracht, an tsamhlaíocht agus an cur chuige difriúil arb é a thoradh an t-ábhar spreagúil a chuireann an stáisiún ar an aer ó mhaidin go hoíche.”

READ MORE

Tá ainmniúchán faighte ag Raidió na Life den chéad uair riamh i mbliana i nGradaim na Meán Ceilteach 2013 agus iad ainmnithe ar an ghearrliosta i rannóg ‘Stáisiún Raidió na Bliana’