Molann an tAire Oideachas sa Tuaisceart cúrsaí Gaelscolaíochta

Tugann John O’Dowd cuairt ar aonaid Ghaeilge i mBéal Feirste agus i bPort an Dúnáin

Thug Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, John O’Dowd (SF), cuairt ar dhá ionad oideachais Ghaeilge sa Tuaisceart inné. D’fhreastail sé ar oscailt oifigiúil áitreabh úr Naíscoil Bheann Mhadagáin i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tá an t-ionad ag cur seirbhísí oideachais i nGaeilge ar fáil do pháistí ó bhí 1996 ann. Rinne an Roinn Oideachais infheistíocht £232,000 leis an aonad a chóiriú as an nua.

Dúirt John O’Dowd gur aithin “muid uilig an tionchar díreach dearfach a bhíonn ag oideachas réamhscolaíochta ardchaighdeáin ar thorthaí oideachasúla an pháiste níos faide anonn sa saol. Tógtar, leis an oideachas réamhscolaíochta, ar an luathfhoghlaim a bhíonn ar siúl sa bhaile ón bhreith agus leagtar síos bunsraith dhaingean faoin aistear leanúnach foghlama atá le déanamh ag gach páiste.

“Is ábhar suntais é oscailt na naíscoile chomh maith nó is ionann seo agus túsphointe le togra forbartha níos leithne, as a dtiocfaidh áitreabh nua a thógfar don bhunscoil mar aon le páirc imeartha 3G agus seomraí feistis. Rachaidh an soláthar úr seo chun tairbhe, ní amháin pháistí an cheantair ach leoga, rachaidh sé chun tairbhe an mhórphobail i gcoitinne ...”

Thug sé cuairt ina dhiaidh sin ar Bhunscoil Eoin Baiste, Port an Dúnáin, Co Ard Mhacha, scoil atá ceiliúradh 15 bliain den Ghaelscolaíocht. Dúirt sé: “Le 30 bliain anuas, tháinig claochlú ar earnáil na Gaeilge ar fud an Tuaiscirt agus is bunchuid bheoga, dhinimiciúil dár gcóras oideachais anois í. Tá mé tiomanta do chinntiú go leanann tuismitheoirí anseo den rogha a bheith acu oideachas a thabhairt dá bpáistí inár dteanga dhúchais. Go deimhin, páistí atá dátheangach agus iad óg, tá dúshraith dhaingean acu maidir le foghlaim gach ábhair amach anseo agus is minic gur furasta leo teangacha eile a fhoghlaim. Is iomaí cineál buntáiste, mar sin de,a bhaineann leis an Ghaelscolaíocht.”

READ MORE

Mhol sé obair lucht na scoileanna agus i mBéal Feirste agus i bPort an Dúnáin as an oideachas Gaelach a chur chun cinn.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times