Mo leithscéal don Nollaig

Ní foláir do chuid againn dul siar ar pheacaí na bliana


Tá biaiste agus séasúr agus tomhaltóireacht dea-mhéine na Nollag i neas dúinn.

Dá réir sin, ní foláir do chuid againn dul siar ar pheacaí agus ar easnaimh na bliana féachaint cérbh iad na daoine nach rabhamar cothrom leo agus ar dheineamar éagóir orthu in ainneoin ár ndíchill.

Is ea, thugas a cheart do Jimmy Doyle in ainneoin an dochair a dhein sé do chuid againn.

B’fhéidir nach rabhas iontach carthanúil le hInda, ach beidh bliain nó blianta eile aige lena chionta a mhaitheamh dó.

READ MORE

Braithim go dona, áfach, mar gheall ar Sur Seon de Brútóin a raibh mé dian air go mion is go minic ann is as gach seans dá bhfuaireas i gcaitheamh an ama, agus ina dhiaidh, dá bhfaighinn an deis chuige.

Ó, is fíor go bhfuil eagla mo chraicinn orm roimh na mbliain seo chugainn nuair is dócha go leanfaidh sé den phort a bhí riamh aige, abraimis, viz ed, .i. is é sin le rá, go raibh craiceann aiséirí na Cásca gan luach, ach go raibh craiceann an Somme agus na Dardanelles agus gach coscairt eile go breá agus go dleathach agus go hoifigiúil agus go ceart agus mar sin de.

Tá cuid againn a dhein loighic ar an ollscoil atá beagán trí chéile mar gheall air sin.

Ach mar sin féin, seans go bhfuil croí maith mór aige, bíodh a aigne ina ciolar ciot, dar liom, agus dar lena lán.

Níor ghá go mbeadh gach ní mícheart nó iomrallach nó tóin thar ceann nó go díreach ar deargbhuile toisc go ndúirt an Brútóineach é, nó Bertie, nó Burton Joan, nó Kissinger, nó an Dollaí Lhama, nó aon de na Pápaí, nó duine den liosta neamhdheas dar leat sin atá i bpóca cúil do bhríste agat.

Tharlódh go mbeadh ciall agus dealramh le smaoineamh as féin; is é sin smaoineamh beag beann ar an duine a nochtann.

Bíodh is gur ghoill sé orm, b’éigean dom a admháil go ndúirt an Brútóineach rud éigin le dealramh le déanaí ar an raidió a thug orm dúiseacht agus cuid den charraigín a bhíonn agam mar bhricfeasta a shlupadáil amach ar an urlár glan.

Dúirt sé – agus ní ag caint ó na fiacla amach a bhí sé, ná ní raibh a theanga ina phluc aige – nárbh fholáir léarscáil an Mheánoirthir a tharraingt as an nua arís!!!

Ba dhóbair dom léim a dhéanamh agus an scolb a pholladh sa díon lasnairde de gheit.

Níor dhein sé an ceangal soiléir gurbh iad na cumhachtaí móra impiriúla, abraimis, viz ed, .i. is é sin le rá, an Bhreatain agus an Fhrainc agus na saighdiúirí Réamonnacha a bhfuil sé féin tugtha dóibh ina ruathair fola agus ola a bhí freagrach as na línte seo gan dealramh a scríobadh ar an ngaineamhlach agus leis an ngá an léarscáil a bhreacadh arís.

Ach scaoilimis sin tharainn mar tá an Nollaig ag teacht.

Bhí amhras riamh orm faoi Pheadar na Súdarlainne. Fear é a ghabh an cúlbhóthar ard chun na cumhachta agus chun an údaráis.

Is fíor nár toghadh riamh é mar is léir go n-aithníonn gnáthmhuintir na hÉireann na gnáthdhaoine ar mhaith leo a thoghadh go comhghnách.

Fiú muintir shaibhir Bhaile Átha Cliath aithníonn siad an difear “eadar pighinn is dhá phighinn” mar adeireadh ‘Máire’ faoi mhná na Rosann, ach ní ar an tslí a bhí i gceist acu siúd.

Ní hé go maíodh aon duine a chuid airgid air, mar is airgead é a shantaíonn daoine nach bhfuil sa tsaol acu ach airgead, agus seoladh fansaí, agus gutaí a chamfaí sa scornach thanaí.

Tá amhras ar dhaoine roimh an bpáirt a bhí aige in Goldmann Suchs; is iad Goldmann Suchs súmairí fola an domhain, vaimpírí ár linne.

Ach tá an Nollaig ag teacht, agus mé ag cur mo bhundúin amach ag iarraidh a bheith carthanúil agus gan aighnistí na cruinne a mhúscailt ar feadh tamaill.

Is chuige sin gur léim an geimhreadh isteach sa samhradh nuair a léigh mé smut den agallamh a bhí ag Peadar na Súdarlainne sa nuachtán seo tá coicíos ó shin.

Maidir leis na teifigh, na hinimircigh, na fánaithe, na deoraithe, na daoine le Dia isteach chun dúnphort na hEorpa dúirt sé an rud ba ghaoismhire nach mbeifí ag súil leis uaidh maidir leis an rogha atá againn: “Is féidir iad a fhágáil ar an trá, iad a chur faoi ghlas i gcampaí géibhinn, nó iad a chur ar ais chun an Ifrinn as ar éalaigh siad.”

An bhfuil ráiteas ar bith níos soiléire ná sin maidir leis an gcor ina bhfuilimid?

Ní fhágann san nach mbeidh mé chucu ar ais, lán na beirte acu, san athbhliain – sa mhéid is gur cuma leo.