Mílte na n-each

CROBHINGNE: SCRÍBHNEOIRÍ ÁITIÚLA iad formhór de scríbhneoirí na hÉireann

CROBHINGNE:SCRÍBHNEOIRÍ ÁITIÚLA iad formhór de scríbhneoirí na hÉireann. Is maith linn a cheapadh go bhfuil préamhacha acu mar atá ag meacain agus ag prátaí. Samhlaímid go mbíonn dlúthbhaint acu le háit faoi leith agus go dtugann siad guth don ionad sin ina gcuid scríbhneoireachta. An Cadhnach agus Cois Fharraige; an Direánach agus Árainn, Joyce agus Baile Átha Cliath.

Ní mar sin do Mhyles na gCopaleen, áfach; nó do Bhrian Ó Nualláin, mar a bhí air nuair a baisteadh é; nó Flann O’Brien mar a thug sé air féin ina chuid úrscéalta Béarla. 100 bliain ón lá inné a rugadh é ar an tSrath Bhán, Co Thír Eoghain – ach is beag duine a thabharfadh scríbhneoir “Ultach” air.

An saothar litríochta a bhain clú amach dó ina dhiaidh sin, An Béal Bocht, At Swim Two Birds, agus The Third Policeman a foilsíodh tar éis a bháis, fara na gcéadta alt a scríobh sé don nuachtán seo agus d’fhoilseacháin eile, saothar liteartha Éireannach é go smior. Fáisceadh é as tuiscint dhomhain don mheon a bhí thuas lena linn, ach gur bhain sé a chasadh agus a chaime féin as.

Ba bheag é beann Myles ar chogadh síoraí na gcanúintí, bíodh is go raibh scríbhinní a uncail, Gearóid Ó Nualláin a bhí ina ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, bunaithe go dlúth is go dílis ar scríbhinní an Athar Pheadair Uí Laoghaire.

READ MORE

Níor fhág sin nach mbíodh sé ag spochadh de shíor as an scríbhneoireacht sin, agus dúirt sé uair amháin: “ní litríocht ar chor ar bith, olc nó maith, aon líne a scríobh an tAthair Peadar”.

Níor ghá go mbeadh an méid sin fíor, go fiú is má scríobh Myles féin é, bíodh is go bhfuil léaspairtí eile litríochta scaipthe ar fud a chuid scríbhinní. B’ann dóibh, seans, toisc go bhfuair sé tógáil thar a bheith neamhchoitianta. Níor cuireadh é féin ar scoil go dtí go raibh sé sna déaga luatha, ach is amhlaidh go mbíodh múinteoirí taistil chuige sa bhaile agus fairsinge leabhar le léamh.

B’é toradh a bhí air seo ná gur léigh siad go craosach gan stiúir, gan treo, gan churaclam, gan chlár oibre, gan chúrsa cinnte, gan phlean straitéiseach, gan torthaí foghlama, gan chuspóirí ceachta, gan aidhm, gan scéim, gan fios an bhealaigh, idir Ghaeilge agus Bhéarla. An sórt oideachais is dual don duine, déarfá, ach lucht pleanála a chur faoi ghlas sa seomra is cúinge a d’oirfeadh dóibh.

Murach an t-oideachas seo, (nó a easpa), ní móide go scríobhfadh sé riamh ar scríobh sé. An té a léann go fada is go fairsing tuigeann sé an saol; agus an té a thuigeann an saol, sealbhaíonn sé greann, agus íoróin agus soiniciúlacht.

Ní hé gach aon duine a thuigfeadh an bhrí fholaigh a bhí i ráiteas an mhúinteora bharbartha a bhí aige adúirt leo le binb cúpla seachtain roimh scrúdú na meánteistiméireachta: “I’ll make ye dence”, agus mar adúirt sé féin “said with unintended pronunciational ambiguity”.

B’é an meas seo ar ghuagacht teanga a dhein scríbhneoir grinn de. Buaileadh isteach ina aigne nach raibh cathair na bhfocal mar a tuairisc, agus b’eol go maith dó go raibh brí gach a raibh ann sleamhain agus feamainniúil. É seo sular thosnaigh na teoiriceoirí leamha Francacha ar a leithéid a nochtadh le casúir throma agus le prós chomh tiubh leo féin.

B’in a thug air, leis, an oiread sin earraíochta a bhaint as foclóir an Duinnínigh, agus leis an ngreann ba dhual dó a mhaígh gur éirigh sé as scríobh na Gaeilge dá dheasca: “Sun you say is “grian”. Not at all. Dineen shouts that “grian” means “the bottom (of a lake, well)”. You are a bit nettled and mutter that, anyway, “gealach” means moon. Wrong again. “Gealach” means “the white circle in a slice of a half-boiled potato, turnip etc.” That, of course, is why I no longer write in Irish...Call me a bit fastidious if you like but I like to have some idea of what I am writing.”

Ina choinne sin, b’é An Béal Bocht an leabhar ab ansa leis de na leabhair go léir a scríobh sé, agus dá réir sin, is é leabhar Bhreandáin Uí Chonaire Myles na Gaeilge an leabhar is mó léargas ar Mhyles é féin agus ar a shaothar.

Dá mhéid a chuid soiniciúlachta faoin saol chosain sé a theanga dhúchais go héag in aghaidh na mbiogóideach agus na gciníochaithe nÉireannach frithÉireannach atá i gcónaí farainn. Is fiú a fhreagra ar lucht ár gcáinte a ghreanadh ar chloich: “I may be a wild paddy but I take the view that the free expenditure of public money on a cultural pursuit is one of the few boasts this country can make...”

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar