Marú fuilteach cois teorann i bhFear Manach

Clár faisnéise ar TG4

As Radharc na Súl – Out of Sight, Out of Mind (Dearcán Media) is ainm do chlár faisnéise a chraolfaidh TG4 san oíche amárach ag 9.30pm.

Scrúdaíonn an clár trí dhúnmharú a tharla ar theorainn Fhear Manach i nDeireadh Fómhair 1972.

Mharaigh an IRA Robin Bell, ball den UDR, Dé Domhnaigh 22ú Deireadh Fómhair, taobh amuigh de Newtownbutler. Bhí a athair agus a dheartháir sa charr leis nuair a ionsaíodh iad.

Bíodh is nár maraíodh iad féin, d’fhág an t-ionsaí marfach brúidiúil seo a rian orthu uilig.

READ MORE

Fuarthas coirp beirt náisiúntóirí an lá dár gcionn – Michael Naan agus Andrew Murray, dhá dhúnmharú eile a chuir go mór leis an scéin sa cheantar.

Faoi dheireadh na 1970í, léirigh fiosruithe de chuid an RUC agus arm na Breataine gur shaighdiúir de chuid an airm a d’ionsaigh an bheirt.

Ciontú

Ciontaíodh ceathrar saighdiúirí as a rólanna sna maruithe seo ach níor cúisíodh duine ar bith riamh as marú Robin Bell.

Labhrann muintir na marbh le láithreoir an chláir, Dónall Mac Ruairí, faoin scéal scáfar seo, faoin chaill mhór a bhí ar na teaghlaigh agus faoin tionchar a bhíonn ag cúrsaí dlí orthu go fóill.

Bhí an bhliain 1972 thar a bheith fuilteach sa Tuaisceart agus rinne an pobal mór dearmad ar na dúnmharuithe seo go luath.

Ní hamhlaidh an scéal dá muintir.