Litríocht na hiomarca

Chuir Sartre deighilt idir an fhealsúnacht agus an ghaois


Duine de ghaiscígh mhóra na hÉireann é Breandán Ó Doibhlin. Ní fear mór gaiscíoch mé sa ghnáthshlí – mar is iad na gaiscígh is mó ná iad siúd nach bhfeictear – ach gaiscíoch san obair dhochreidte atá déanta aige ar son na hÉireann.

Níor chaill sé riamh an creideamh, agus ní hé an creideamh sa Chríostaíocht ná sa Chaitliceachas atá i gceist agam, rud nár dhein go dearbh, ach nár chaill sé riamh an creideamh sa litríocht.

An litríocht mar áis oscailte mheabhrach, mar ghléas tuisceana, mar shás chomhbhá a mhúscailt, agus go deimhin, mar fhoinse phléisiúir focal.

Is dána an seasamh é sin sna laethanta seo nuair atá gach aon disciplín riamh á mhiondealú agus á sprúilliú ina ngiotaí beaga praicticiúla –aidhmeanna ceachta agus cuspóirí teagaisc á leagadh amach mar a bheadh céimeanna ar dhréimire.

READ MORE

Is é nach dtuigeann na tiarnaí oideachais – a bhformhór, daoine a d’éirigh as aon rud a fhoghlaim le fada – ná go bhfuil an dréimire cam, agus gach céim ann déanta de rubair.

Léirigh sé a dhiongbháilteacht féin tá leathchéad bliain ó shin anois ann nuair a threoraigh sé an foilseachán breá sin Irisleabhar Mhá Nuad i dtreo na litríochta, agus na nua-litríochta go háirithe.

Den chéad uair bhíothas ag cromadh ar ghlacadh leis an litríocht a bhí á scríobh go comhaimseartha mar dhíol staidéir agus machnaimh.

B’in beart chomh réabhlóideach sa léann is a bhí le déanamh, agus mar adúirt Sur Bob Geldof mar gheall ar Yeats, níor ghá aon fhoréigean a imirt!

Chum sé foclóir don chriticeas, foclóir atá ag caolú isteach uidh ar n-uidh sa tráchtaireacht.

Is maith ann é, mar bochtaíodh dioscúrsa litríocht na Gaeilge go mór le cúpla céad bliain anuas agus ba ghá instealladh mór garbh sa phrumpa isteach d’fhonn a mhúscailte.

De thoisc é a bheith Francbhách, nó doirte ar litríocht na Fraince agus ar gach a ngabhann léi, níorbh aon ionadh gur bhronn sé orainn leagan Gaeilge den aliénation a raibh scríbhneoirí saibhre áirithe faoi shníomh anama ina thaobh. ‘Coimhthíos’ an téarma Gaeilge a thug sé air, agus is maith mar a d’oir.

B’fhéidir gur mhaith mar a d’oir óir is beag an chiall a bhí, nó atá leis, maidir le litríocht na muintire saibhre san Eoraip phribhléideach leis.

Níorbh é sin a bhí i gceist ag Marx nuair a thionscain sé an téarma.

Ba bhuachaill b’eacnamúla ná sin a bhí ann. B’ionann an estrangement seo agus an deighilt a bhraith an t-oibrí idir a raibh d’allas á chaitheamh aige agus a raibh d’airgead gan chrích ag na bossanaí.

Is estrangement é sin a thuigfeadh duine ar bith, go háirithe lucht tiomána traenach nó múinteoirí beaga an mhórshaothair atá ag bagairt go dána faoi láthair.

Rud eile ar fad is ea estrangement agus alienation na bhfealsamh mboga bhFrancach a bhí breá sásta a bheith ag alpadh nó ag slogadh leo san "Dá Chruimh", nó sa Les Deux Magots mar a thugtar air i dteanga éigin eile.

Conas a cheap Eoin Pól Sartre agus Síomón na Bó Mhaith go raibh coimhthíos ar bith ag siúl leo?

Beirt ba phribhléidí ná iad ba dheacair a fháil.

Ní raibh sa choimhthíos riamh ach cleas deas de chuid na meánaicme a bhí ag súgradh le smaointe chun a thaispeáint go raibh siad cróga.

Má bhí coimhthíos riamh ag baint le daoine geala sna 50í cúnga bhain sé le tráilleanna oirthear na hEorpa, le hinimircigh Arabacha sa bhFrainc, le naibhithe iarthar Éireann, lenar tháinig mar shnámraic i dtír i Sasana ar an Empire Windrush agus ina dhiaidh.

Ach nílimid ag iarraidh labhairt orthu sin, an bhfuil?

Is fuiriste go mór suí ag súmaireacht absinthe san Deux Magots ná an coimhthíos réalaíoch a shamhlú – an coimhthíos a raibh impireacht na Fraince chomh dian ina bhun leis na Sasanaigh, is leis na Poirtingéiligh, is pé eile a raibh longa ar sáile amuigh.

Ceann de na buanna ba mhó a bhí ag Sartre ná deighilt a chur idir an fhealsúnacht agus an ghaois. Chothaigh sé stíl inar thug sé le fios go raibh gach rud á rá aige nuair nach raibh faic i ndáiríre.

Bhí aithne mhaith agam ar mhic agus ar iníonacha léinn a bhí lofa le hairgead a léigh Sartre agus a ghabh timpeall ag geonaíl go raibh ‘coimhthíos’ orthu.

Ní aithneodh siad coimhthíos dá léimfeadh suas is dá mbainfeadh plaic as a bplaic.

Foilsíodh As Tobar an Doibhlinigh (Coiscéim), cnuasach d'aistí agus de mhíreanna machnaimh Bhreandáin Uí Dhoibhlin le déanaí. Roghnaigh Tracey Ní Mhaonaigh sleachta as na haistriúcháin a dhein sé ar Pascal agus ar Montaigne.

Anois, b’in beirt fhealsamh Fhrancacha a thuig agus a shaothraigh an saol beag beann ar théarmaíocht a phiocadh anuas ón spéir, murab ionann agus an chomplacht bheag shaibhir úd a dhorchaigh an litríocht agus an fhealsúnacht orainn ar feadh cúpla glúin.