Leabhar nua ar Phádraig Mac Piarais le foilsiú

Aistí nua ó shraith Raidió na Gaeltachta

Seolfaidh Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, an leabhar nua An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht (Cló Iar-Chonnacht, in eagar ag Gearóid Ó Tuathaigh) Déardaoin, 30ú Meitheamh ag 8p.m. in Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.

Aithníonn gach aon duine go bhfuil Pádraig Mac Piarais ar dhuine de mhórphearsana stair na hÉireann ach is fada díospóireacht agus iaróg ann faoin duine féin, faoina chuid polaitíochta agus faoina thionchar ar stair na hÉireann

Cuireann an leabhar nua seo ceist an-simplí: cérbh é?

Is iomaí sin léargas a thug staraithe, polaiteoirí agus scríbhneoirí ar an Phiarsach ó chuir arm na Breataine chun báis é tá 100 bliain ó shin.

READ MORE

Scrúdaíonn údair an leabhair seo an t-iriseoir agus an t-eagarthóir nuachtáin; an t-idéalaí agus an Conraitheoir dílis; an t-oideachasóir agus an máistir scoile; an gearrscéalaí, an file agus an drámadóir; an t-agóidí; an tÓglach, an réabhlóidí, an ceannaire míleata agus Uachtarán Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann.

Agus, ar deireadh, tá an laoch, an naomh, an mairtíreach glórmhar.

Agus ar an láimh eile, tá an fear a bhí róthugtha don rómánsachas i ngach gné den saol, fear a shamhlaigh é féin mar shlánaitheoir na nGael, a bhí an-tógtha leis an fhéiníobairt agus le doirteadh fola.

Mar chuid den chomóradh 100 bliain ar Éirí Amach na Cásca, mhothaigh RnaG gur mhithid súil a chaitheamh an athuair ar an fhear.

Tá an leabhar seo, bunaithe ar léachtaí a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, scríofa ag scoláirí as gach cearn d’Éirinn.

Thug siad aghaidh ar ghnéithe éagsúla de shaol, de shaothar agus de smaointeoireacht Mhic Phiarais agus iad ag iarraidh léargas as an nua a thabhairt ar an Piarsach.