Leabhair fhada a thugann ár ndúshlán

Teastaíonn misneach le tabhairt faoin charn de leabhar

Mhionnaigh mé is mhóidigh mé na blianta ó shin nach scríobhfainn léirmheas ar leabhar nach raibh léite agam.

Tuigim go maith nach riail dhaingean í seo i gcás gach duine, agus go deimhin, b’fhéidir gurb alt creidimh é ag léirmheastóirí áirithe gan an saothar a léamh in aon chor. Ní hionann leabhar a bheith idir lámha agus an rud lofa a oscailt.

Is é baol atá ann, gan amhras, ná go ndéarfá rud éigin dála ar scríobh Myles na gCopalleen faoi phianadóir nár chuala sé, “go raibh sé chomh cumasach ar na heochracha dubha is a bhí ar na cinn bhána”.

Thuirling na smaointe seo orm gan choinne nuair a chuala gur bhuaigh leabhar 832 lch. ar fhad an duais Man Booker an tseachtain seo caite.

READ MORE

Is í an chéad cheist a rithfeadh leat, seachas go sábháilfeadh a cheannach turas chun an ghiomnáisiaim ort, ná an ndéanfá é a léamh ó chlúdach go clúdach?

Chuireas samhradh iomlán amú im óige bhaoth ag treabhadh trí The Portrait of a Lady le Henry James agus nuair a fheicim leabhar ar bith leis ó shin tagann fonn fíochmhar orm cat a chiceáil.

Ina choinne sin, chabhraigh cuid d’úrscéalta fada Dostoievksi liom an doircheacht ar bharr an staighre in árasán in Leningrad (St Petersburg duitse) a shroichint slán.

Tá dúshlán ag baint leis an saothar mór fada nach ionann agus tabhairt faoin abhlainn leathphingne chaol de leabhar. Ní foláir anáil fhada dhoimhin a tharraingt, siúl timpeall air cúpla uair, gach rud eile a chur i leataoibh agus tumadh isteach ann ceann ar aghaidh.

Is féidir an gnáthúrscéal bleachtaireachta a léamh ar thuras bus nó traenach, an haikiú a bhlaiseadh go tapaidh ar an Luas, ach ní chuirfeá The Luminaries Eleanor Catton díot go fiú is dá mbeifeá ag eitilt chun na Nua-Shéalainne.

Ina choinne sin ráiteas faoi leith is ea an leabhar fada. Ráiteas is ea leabhar ar bith, gan amhras, agus is de shuimiúlacht go n-iontaíonn popréaltaí ar a slí amach, nó peileadóirí ar an trá fholamh, go roghnaíonn siad an leabhar mar fhoirm nuair is mian leo an focal deiridh a bheith acu.

É seo in ainneoin rochtain a bheith go saoráideach acu ar na físmheáin. Tá an chuma air go bhfuil buaine éigin ag baint le bheith idir dhá chlúdach.

Ní hé ach an oiread gurb é an méid a mheánn, mar a mhaítear go minic. Is mó sin seanfhocal a bhfuil níos mó gaoise dingthe isteach ann ná taighde síceolaíochta ar bith.

Ní hea: tá níos mó gaoise dingthe isteach i ngach aon seanfhocal ná i ngach aon phíosa taighde síceolaíochta sa mbith.

Uaireanta d’fhanfadh íomhá ghonta amháin as liricín ceithre líne leat níos faide ná leabhar ar chaith tú dua siar amach leis.

Bíodh sin mar atá, baineann gaisce éigin leis an leabhar fada. B’éigean do dhuine éigin cúpla bliain dá shaol a chaitheamh á thaighdeadh, á mhachnamh, agus á scríobh.

Is éigean don léitheoir comaoin seachtainí nó míonna a dhéanamh ar an leabhar agus súil aige gurbh fhiú an t-allas, agus an fhoighne.

Uaireanta is é is leabhar fada ann cleiteog na péacóige, is é sin taispeántas baothaireachta nó nochtadh féinmhuiníne, glaomaireacht an choiligh ar a charn féin.

Uaireanta eile, is é an focal deireanach é, óir, an bhfuil aon eolas faoinár gcluiche dúchais le fionnadh tar éis Scéal na hIomána, nó cé a thabharfaidh faoi fhilíocht pholaitiúil an 18ú haois ar shála Aisling Ghéar?

An bhfuil cúinne ar bith de chuid an amhránaí mhóir le nochtadh nach bhfuil in Seosamh Ó hÉanaí: nár fhágha mé bás choíche le Liam Mac Con Iomaire?

Nach fearr an aithne a bheadh agat ar Phiaras Béaslaí tar éis a bhóithre ar fad a shiúl ina chuibhreann i mbeathaisnéis Phádraig Uí Shiadhail, aithne níos fearr b’fhéidir ná daoine a raibh caidreamh aige leo?

Breis agus 1,300 lch atá in The Great War for Civilisation le Robert Fisk, agus bíodh nach raibh mé i bhformhór na dtíortha a bhfuil lua orthu ann, bhraith mé go raibh. Níor shamhradh amú aon phioc de na laethanta sin a chaith mé ina theannta.

Mar sin féin, beidh mé tamall fós ag féachaint ar The Luminaries. Gabhfaidh mé de choiscéimeanna faichilleacha timpeall air, féachfaidh mé ar an gclúdach tosaigh agus cúil. Déanfaidh mé é a bholú is a láimhseáil.

Tógfaidh mé toise an chló agus léifidh mé smut anseo, snab ansiúd.

B’fhéidir go bhfanfainn ar an dlúthdhiosca labhartha agus é giorraithe anuas, nó an scannán féin.

Nó tamall dá réir a chaitheamh le leabhar eile ar fad.