Labhrann an t-airgead

Is féidir liomsa gluaiseacht ar fud an domhain gan phas, gan chol, gan bhac


Is mise an tAirgead, ar eagla nach raibh a fhios agat!

B’fhéidir go gcloiseann tú ag clingireacht id phóca mé, ach is dealraithí nach bhfuilim ionam anois ach plaisteach.

Is dealraithí fós nach bhfeiceann tú mé, mar is mise an taibhse a rialaíonn an saol, an púca sin nár ghéill sibh riamh dó sa bhéaloideas.

‘Duine’ tusa atá á léamh seo. Nó sin a cheapann tú. Tú saor, dar leat. Ach níl ná saor.

READ MORE

Féach, is féidir liomsa gluaiseacht ó thír go tír, ó áit go háit, ó ghleann go gleann, ó chrích go crích, agus ní chuirfear aon bhac liom.

Ní féidir leatsa bogadh pé áit is mian leat. Tá na Gardaí ar an teorainn romhat. Mura bhfuil mise agat níl seans dá laghad agat.

Ach má tá mise id phóca laistigh, ar a laghad éistfear leat.

Is mise an Tiarna. Ní gá éisteacht lem ghlór. Mar is ann dom in ainneoin glórtha eile an domhain mhóir bhraonaigh.

Is féidir libh Dia a mharú, agus na déithe a mharú, agus na hidé-eolaíochtaí a chaitheamh isteach i mbruscar brocach na staire, is féidir libh cur as do na leoin agus do na heilifintí agus don fhiadhúlra álainn, ach fós, is sclábhaithe sibh ar fad domsa.

Nach gcloiseann sibh na slabhraí atá agam timpeall oraibh?

Ní chloiseann, mar is aoibhinn libh iad. Níl aon rud is mó is ansa libh fad a mhaireann ná a bheith ag sléachtadh domsa.

Pógaim sibh ar fad ar bhur gcloigne bochta, mar is sibhse na hamadáin.

Is féidir liomsa gluaiseacht áit ar bith. Tá sibhse teanntaithe tachtaithe fáiscthe isteach in bhur gcúinge féin.

Faigheann sibh bás ar an bhfarraige toisc nach bhfuil mise libh, sciúchann sibh ar an bhfásach mar níl mise in bhur dteannta, sclogann sibh sna favelas agus sna smúchbhailte mar nach raibh sibh ábalta ar mé a adhradh i gceart.

Níor dhein sibh go leor lenarbh fhiú sibh mé.

Chreid sibh i ndia beag éigin eile. Cothromaíocht, nó ceart dom ceart duit, nó críostaíocht nó cumannaíocht nó comhdhaonnacht nó comhchacamas éigin dá shórt.

Chreid sibh i dtaibhsí na haimsire caite. Ach géilleann sibh anois do thaibhsí an lae inniu.

Ó, nach aoibhinn liom daoine! Is aoibhinn liom bhur n-aighnistí beaga gan dealramh timpeall air seo is air siúd is air ar an áilleagán is lú.

Rachaidh sibh chun cogaidh timpeall ar chluiche peile, nó focail bheannaithe, nó cúpla orla d’éadach mná.

Maróidh sibh a chéile in bhur milliúin, agus go deimhin, amach anseo in bhur mbilliúin.

Ach nuair a ghlanfaidh an ceo agus nuair a scuabfar an smionagar i leataoibh, beidh mise anseo romhaibh fós ag feitheamh, agus ag gáire.

Óir, filleann siad orm tar éis gach áir, agus d’fhillfeadh sibh orm dá scriosfaí an saol.

Nach dtógann sibh teampaill dom?

Níos airde ná mar a bhí riamh sna meánaoiseanna, níos snasghlointe, níos spiagaí, níos dathannaí fós chun mearbhaill a chur oraibh, a amadána le hoideachas?

Agus nach bhfuil séipéil pharóiste agam ar fud an bhaill, bainc naofa agus ionaid airgeadais agus comhair mhaoine agus úsairí áille a bhfuil an feisteas naofa go cruinn orthu go laethúil?

Ó sea! Is féidir liomsa gluaiseacht ar fud an domhain go saoráideach gan phas, gan chol, gan bhac fad is atá sibhse do bhur mbá ar muir agus do bhur marú ar tír.

Is mise a bhronnann luach ar bhur gcuid tithe, a thugann meas ar bhur gcuid éadaí, a mheasann bhur gcuid saothar ealaíne.

Agus is é is fearr ar fad, ná go ngéilleann sibh dom gan faiteadh na súl! Ceistítear mé agus is tú is measa, a amadána saonta ar talamh!