Lá eachtrúil i measc na dtuirbíní gaoithe

‘Ní Conamara Conamara a thuilleadh!’ arsa duine as an áit liom


Le gairid, ar mo bhealach go dtí Sliabh an Aonaigh, súil le tamall a chaitheamh ag iascaireacht, mar is iondúil liom bhuaileas isteach i gcoinne bricfeasta in óstán i Móinín na gCiseach gur ordaíos leite orgánach, rísíní agus mil.

In ionad na rísíní agus na meala, ámh, ba é a tugadh dom cinnamon agus plumaí bácáilte. Is cosúil, faoi go bhfeictear é ar oiread seo biachlár, gurb é an cinnamon an bheatha mhór faoi láthair.

I dtaca leis an leite de deirtear liom go scaoileann sí a cumhacht go mall agus mar sin d’fhanas i mo shuí mar a rabhas ar feadh scaithín ag léamh an fhorlíonadh nuachtáin ar chúrsaí spóirt.

Ar aghaidh liom ansin go Bóthar na Trá le castáil ar Phádraic Ó Griallais as Indreabhán a bhfuil drioglann nua bunaithe aige. Poitín dleathach, ar ‘Micil’ an t-ainm atá air, á tháirgeadh aige; an baisteadh seo óna shin-shin-shin-sheanathair, an stiléara iomráiteach, Micil Chearra.

READ MORE

Ó, a Mhaighdean, an trealamh nua-aoiseach atá ag Pádraic le hais na seanstíle amuigh ar an gcriathrach! An tsingleáil agus an dúbláil á ndéanamh in aon iarracht chumasach amháin.

Fearacht na seanmhuintire is nós ag Pádraic ‘bearnán’ a chur mar bhlaiseadh trína chuid biotáille; ar planda é seo a fhásann i locháin draoibe sa sliabh, ar ‘bog-bean’ a thugtar i mBéarla air.

Faoi gur ‘bearnán lachan’ a bhí Pádraic a thabhairt air, agus mise ag rá ‘bearnán lathaí’, bhí comhrá suimiúil againn. Dheamhan ceachtar den dá théarma, ach ‘pónaire churraigh’, atá ag de Bhaldraithe agus Ó Dónaill, ámh.

Ach, an gaiscíoch é féin, Ó Duinnín, mura bhfuil ‘bearnán lachan’ mar mhalairt leagain aige! Mar sin féin, ní ghéillim nach bhfuil ‘bearnán lathaí’ chomh ceannann ceart!

Nuair a shroiseas Sliabh an Aonaigh bhí sé ina bhrádán trom báistí. É ina chalm téigle chomh maith céanna. Ní teir liom fearthainn ach is leasc liom uain a chaitheamh ag tiaráil trí shliabh garbh go dtí bruach locha agus, i ndeireadh an tonnáiste, nach dtig liom oiread is cuileog ar shnuada a theilgean.

Mé ag tógáil foscaidh i mo charr ar mhullach an aird, níorbh aon dea-ghiúmar a bhí na tuirbíní nua gaoithe os mo chomhair ag cur orm. Tá sciar den dúiche foirgthe leo.

Riar acu cosúil i bhfoirm le marcshlua aduain. Díorma bagrach díofa anoir as Cnoc an Locha. Is eagal liom nach chun suaimhnis atá Cnoc Suain a dhul. Ach faoi go mbeidh siad ann i bhfad i mo dhiaidhse déanaim iarracht gan a bheith róchasaoideach fúthu.

Conamara

“Ní Conamara Conamara a thuilleadh!” arsa duine as an áit liom.

De bharr nach rabhas in ann a dhul ag iascaireacht thogair mé ar a dhul ar cuairt go dtí cara liom i nGleann 'ac Muirinn, Peadar Breathnach, arb é an té is sine é de chlann Mhichael Phatch Pheadair ónar thógas, sna 1970í, na seanscéalta atá foilsithe in Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhair.

Chaith Peadar cuid mhór dá shaol mar bhuitléara agus mar mhaor éan ag an Uasal Ronald Stevens as Shropshire Shasana a mba leis Cúirt Fhormaoile, baile atá buailte ar Ghleann ‘ac Muirinn.

Is mór an áilleacht a bheith ag éisteacht le Peadar ag cur síos ar chearca fraoigh agus ar fheadóga buí, agus an ghráin a chuireadh an fheannóg air. Fear níos séimhe cineálta ná Peadar ba dheacair a theacht air.

Agus bí ag trácht ar an mbeadaíocht bhéile a réitíonn sé!

Baile aistreánach i gcroí Chonamara é Gleann ‘ac Muirinn agus tá teach Pheadair Bhreathnaigh crochta os cionn dhá loch mhóra, Loch Ghleann ‘ac Muirinn agus Loch na Coille, ar ag Peadar atá na cearta iascaigh orthu; móide sciar de Loch Mhuiceanach Choille.

Tá Loch na Coille an-domhain agus deirtear go bhfuil fáil fós ar an ruabhreac (char) inti. Ach, dáiríre píre, tá an fhúirse éisc a bhíodh tite go tubaisteach agus is beag éadáil do Pheadar na lochanna seo anois.

Ar ball bhuaileas liom abhaile síos trí Sheanadh Phéistín óir theastaigh uaim na tuirbíní gaoithe a tógadh ansin a shonrú; agus freisin an damáiste a rinne an loscadh sléibhe le gairid i gCoill na Cluaise.

De thoradh an cheobhráin, ámh, ba dhona a bhíos in inmhe cuid ar bith den Chluais a fheiceáil; ach bhí na tuirbíní áibhéalach, mar ghruagaigh uafara ar dhá thaobh an bhealaigh.

I dtobainne gur thaibhsigh foireann ainmhithe amach as an gceo. Mar mhórspioraid dhiamhra. Ar fhoireann chapall, aníos as stáblaí Sheoighe i ngar d’Uachtar Ard, a bhí iontu. Iad á marcaíocht suas an aird shléibhe, na marcaigh chomh meidhreach is dá mba lá gréine a bhí ann.

Gheit mo mhisneach.