Léamh eile ar an scéal

Thiocfadh le hathrú beag amháin sa Bhunreacht an caipitlíochas gránna a scriosadh bun barr


Deirtear gur dócha go mbeidh ocht gcinn de reifrinn againn an bhliain seo chugainn ar ábhair éagsúla. Is aoibhinn liom féin reifrinn mar cuireann siad leis an ngealadhram náisiúnta agus leis an teas ginearálta le linn dúluachair na bliana.

Suíomh amháin iad ina bhfuil guth ceart éigin ag an iománaí ar an gclaí. Beidh cuid acu chugainn tromchúiseach go maith, mar is léir agus dhá champa ar son agus in aghaidh an 8ú leasaithe úd ina ndíormaí sna díogacha cheana féin.

Beidh cuid eile fós ábhar neamhchonspóideach agus gan tábhacht. Ach tá ceann amháin díobh gur dóigh liom féin go mbaintear míbhrí as go minic, agus go bhféadfaí é a chur chun leasa daoine ach é a léamh ar shlí eile.

Is iad sin Airteagail 41.2.1 agus 41.2.2 a mbíonn conspóid áirithe ina dtaobh ann is as. Is iad sin na hairteagail ina n-admhaíonn an Stát “go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais”.

READ MORE

Ní cúrsaí iontais é go gcuirfeadh seo cochall daoine in airde, mar níl aon amhras ná gur tháinig ann dó le linn tréimhse i stair na hEorpa nuair a síleadh gurb é an baile ionad na mná, go minic aon ionad na mná.

Tá dlíthe na hEorpa breac le samplaí de dhlíthe gránna a thugann stádas níos ísle do mhná seachas d’fhir, dlíthe ar dícheall dúinn iad a thuiscint inniu.

Níor ligeadh do mhná dul ag obair gan chead a bhfir chéile sa bhFrainc go dtí 1965!

Go dtí 1976 dob fhéidir le fir teora a chur le cineál fostaíochta ‘a gcuid’ ban san Ostair nua-aimsireach!

Agus i Sasana féin, idéal agus sprioc agus ceann scríbe gach intinne forchéimnithí, b’iad na mná pósta a d’áitigh go héiritheach in aghaidh mná singilte a bheith fostaithe sa státseirbhís sa bhliain 1921!

Is mó is suimiúil, áfach, an dara cuid den fhoráil sin: “Uime sin, féachfaidh an Stát lena cur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.”

Léigh é sin arís. Léitear go mall é. Cuirtear friotal eile air. An bhfuil sé á chiallú agatsa mar atá agamsa?

Ceart go leor, is fíor go mbaineann siad araon le ham agus le hionad agus le tuiscintí atá scuabtha chun siúil.

Agus is fíor, leis, gur féidir é a léamh mar mhasla do na fir, ar dhóigh leat orthu nach bhfuil puinn tábhachta lena saol sa teaghlach, agus dá réir sin gur saoránaigh den dara grád iad maidir le tógáil clainne seachas a bheith ina sclábhaithe tuarastail.

Ach ní chuige sin mé. Ach seo. Má thuigim i gceart a bhfuil scríte lom go maith, is é atá á chur os ard sa Bhunreacht beannaithe ná nár cheart gur ghá do bhean obair a dhéanamh lasmuigh den teaghlach!

Nár ghá! Nár ghá! Ní deirtear áit ar bith go gcaithfidh sí fanacht sa bhaile. Gur cheart go mbeadh dóthain airgid á thuilleamh ag saothraí amháin d’fhonn an teaghlaigh a chothú.

Cén fáth nár thug bean bhocht ar bith cás in aghaidh an Stáit mar gur chaith sí dul ag saothrú allais “de dheasca uireasa” i monarcha shalach nó ina scibhí tí mhóir in aghaidh an Bhunreachta?

Uasdátaítear an t-airteagal anois, agus cuirtear ‘bean nó fear’ isteach ar son cothroime.

Nach mbeadh sin ar an leasú ba réabhlóidí a d’fhéadfadh a bheith ann?

Nár ghá ach aon tuismitheoir amháin obair a dhéanamh ar son soláthair a dhéanamh don teaghlach!

Nach scriosfadh sé an caipitlíochas gránna bun barr ó na fothacha aníos?

Cad é an ciúnas sin a chloisim ag teacht aniar?