Lá stocaireachta i mBaile Átha Cliath

Maoiniú agus stádas na teanga in Éirinn agus thar lear le plé

Tá Conradh na Gaeilge ag eagrú Lá Stocaireachta in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 11ú Meitheamh.Tá an grúpa le cuireadh a chur ar gach polaiteoir sa Dáil agus Seanad teacht agus bualadh le hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla agus cás na Gaeilge in Éirinn agus san Aontas Eorpach a phlé leo.

Faoi láthair, tá an conradh ag iarraidh foráil nua a chur san Acht úr Teangacha le go mbeadh gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta i nGaeilge faoi dheireadh 2016. Tá siad ag moladh fosta go mbeadh “ar a laghad 30 faoin gcéad d’fhostaithe nua sa státseirbhís in ann cumarsáid sásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge”.

Iarrann siad go mbeidh “Cothrom na Féinne” don Ghaeilge sa cháinaisnéis. Ba cheart, de réir an eagrais, “na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a mhaoiniú i gceart, i. stop a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus na ranna cuí agus tús a chur leis na buiséid a mhéadú”. Lena chois sin, ba chóir deireadh a chur le “maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil” san Aontas Eorpach.

Dúirt ardrúnaí an chonartha, Julian de Spáinn, go raibh “práinn” leis na ceisteanna seo agus Bille na dTeangacha Oifigiúla os comhair an Oireachtais faoi láthair agus an cháinaisnéis ag druidim leis an phobal go luath. D’iarr sé ar lucht na Gaeilge teagbháil a dhéanamh leis faoina moltaí féin don Acht ag cearta@cnag.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times