Jane Austen agus zombaílitríocht

Chicklit do dhaoine ar féidir leo abairtí beagán níos faide ná Bills and Moon a fhulaingt


Tá an saol máguaird orainn ramhar le Jane Austen faoi láthair. Bhuel, b’fhéidir nach ramhar ar fad, ach is cosúla anoireicse de réir an phróis a scríobhadh sí.

D’éalóinn uaithi dá mb’fhéidir, ach tá glas na meán go láidir, agus níl fonn ar bith orthu scríobh mar gheall ar an scrios atá á dhéanamh go laethúil san Éimin agus nithe gan tábhacht mar sin.

Is cosúil go bhfuair sí bás 200 bliain ó shin, bíodh gur mhór an trua nár imigh sí as sular fhoghlaim sí conas peann leamh a chur le páipéar bán.

Saghas mistéire dá lán againn nach gamail ar fad sinn go bhfuil trácht fós uirthi nuair ba chóra dhi a bheith in aon chónra le Rupus Chumpwood agus Ali Blockwit, agus le scríbhneoirí eile Béarla de chuid a linne leimhe.

READ MORE

M’anam ort nach scríobhfainn air seo beag ná bídeach ná neamhníoch féin murach éileamh an lae, agus eagla an chait ag an doras romham.

An bhfuil aon úrscéalaí eile ar dhroim an domhain a bhfuil ainmneacha chomh háiféiseach ar na carachtair aici nó aige?

Abraimis, Emma Woodlouse í féin, agus Mary Crawthump agus Fitzwilliam Darkly agus George Nightly agus Hanna Purseplease agus Charles Hater agus Lady Dalpimple, gan trácht ar Fanny Price nach foláir nó bhí íoróin éigin á leanúint mar ainm?

Is geall le meilt ghainimh tríd fhiacla, neantóga a ithe ar thaobh an bhóthair nó dul chun búistéara fhiaclóra gan snáthaid faoisimh a cuid próis blancmangúil a léamh.

Is measa fós an teachtaireacht atá á reic aici, agus seo é cnag agus cnó na cúise. Chaith feiminigh mórán allais agus uaireanta fola agus níos minice pianta d’fhonn a thaispeáint go bhfuil an bhean cothrom leis an bhfear ar gach uile shlí, agus lán an chirt acu.

Ach abair le bean gurb í Jane agus a cuid carachtar an eiseampláir den fheimineachas is táire agus is sclábhúla agus is maslaí den bhaineannacht dá bhfuil ann agus tá chomh maith agat dul go Peiteagó agus an tIfreann atá gar dó nó is duit is measa.

Is í cúis go bhfuil Jane Austen ar an sampla is measa do mhná an domhain agus do bhantracht na linne seo ná gurb í aidhm atá ag a cuid carachtar ná fear a ghabháil. Sin uile.

Abair feimineachas!

Abair saoirse!

Abair intinn ded chuid féin!

Chicklit do dhaoine ar féidir leo abairtí beagán níos faide ná Bills and Moon a fhulaingt.

Airgead agus fearann

Is measa fós ná sin nach leor an fear a ghabháil is a cheapadh as féin. Caithfidh airgead agus fearann agus talamh agus maoin a bheith aige.

Sin é an t-idéal atá á chur os comhair óige bhaineann na dtíortha ina gcuirtear siar orthu Jane a léamh. Pósadh plus talamh plus fearann plus airgead plus béasa plus hata. Ná bactar le leithscéal. Más feimineach ceart tú, ba cheart a cuid leabhar a dhó le háthas.

Ar eagla na míthuisceana baoithe, ní gráin é seo a bhaineann le fir. Is fíor go raibh fir mhórcháile áirithe, Tennyson, Nabokov, Mark Twain, D.H.Lawrence nach bhféadfadh í a fhulaingt, ach bhí amhras mór ag Virginia Wolfe uirthi agus an dearg-ghráin ag Charlotte Bronte ar a cuid aicmeachais shleamhain – agus b’in beirt a raibh paisean na mothúchán ina bpinn acu seachas tábhacht mhór mheitifisiciúil phósadh fhear an airgid.

Tháinig úrscéal grinn amach tamall ar ais dar teideal Pride and Prejudice and Zombies le Seth Grahame-Smith. Ach ní úrscéal grinn é lándáiríre.

Mar is zombaíonna carachtair Jane ar fad agus zombaís a stíl phróis.

Ba mhaith liom dul ar aghaidh leis seo! Coinnítear siar mé!

Fós, braithim níos fearr anois.