Is míorúilt agus mistéir tú

Ní thuigeann muid i ndáiríre gur míorúilt atá san uile dhuine againn


Tá sliocht cáiliúil in A Portrait of the Artist as a Young Man le Joyce ina bhfuil Íosánach sagart ag trácht ar phianta Ifrinn agus ar an tsíoraíocht.

San aistriúchán a dhein Séamas Ó hInnéirghe ar an úrscéal, cuireann go fileata os ár gcomhair:

“An tSíoraíocht! Cén aigne dhuineata a thig leis a thuiscint?...Is minic a chonaic sibh gaineamh na trá. Chomh mín is a bhíonn a chuid gráinní bídeacha. Agus de na gráinní beaga bídeacha seo, cé mhéad acu ins an ghlac bheag a lámhaíonn leanbh ina shúgradh?

“Samhlaigí anois sliabh na gainimhe sin, an milliún míle ar airde, ag síneadh ón domhan go ruige na flaitheasa is faide uainn, agus an milliún míle ar leithead… agus é iolraithe chomh minic is a bhíonn duilleoga san fhoraois, braonta uisce insan aigéan fairsing, cleití ar éin, gainní ar éisc, fionnadh ar ainmhithe, dúradáin i bhforleithead anall an aeir; agus samhlaigí go dtagann éinín chuig an sliabh i ndeireadh gacha milliún bliain agus go n-iompraíonn sé ina ghob gráinne bídeach na gainimhe sin.

READ MORE

“Cén oiread milliún ar mhilliúin na n-aoiseanna a rachadh thart sula mbeadh fiú aon troigh chearnach amháin den sliabh sin iompartha seachad ag an éan sin, cén oiread aimsir na n-aimsirí sula mbeadh an t-iomlán seachad aige?”

Is píosa iontach scríbhneoireachta é, fág fírinne nó bréaga a bhfuil ann i leataoibh na slí.

Is ag iarraidh tadhal leis na nithe éigríochta atáthar leis an tsamhlaíocht is sínte meanman dá bhfuil ann, samhlaíocht níos sia amach ná na rud is lú is féidir leis an matamaitic breith air.

Is chuige sin atáim. An bhfuil aon mhatamaitic ann ar féidir léi na seansanna atá agatsa teacht ar an saol a mheas?

Nílim ag caint ar do mháthair a bheith torrach atáim, ná go díreach go mbeadh tusa difriúil ó chách eile a chéile. Tá sin míorúilteach go leor, ach go díreach go dtiocfadh tusa, tusa tú féin, tusa tú féinig féineach fhéin singilte aonair seachas aon duine eile den chintilliúin ilmholzilliún multiqhuilliún pluriganáireamhphlontrilliún iolramheganeamháirithe de sheansanna go dtiocfá ar bith, go nginfí tusa!

Ní féidir leis an matamaitic tú a ghabháil nó a cheapadh. Ba cheart go bhfaighfeá bás de gheit ach smaoineamh ar do ‘tharlú ann’.

Chuir duine a raibh samhlaíocht níos fairsinge ná an mhatamaitic aige mar seo é.

Abair nach bhfuil ach aon iasc amháin san fharraige. Sin farraigí uile an domhain soir siar, idir aigéin atlantacha agus ciúine agus indiacha agus farraigí agus mara agus lochanna ó thús go deireadh.

Agus abair go léimfidh an t-iasc aonair sin aníos am éigin, áit éigin, aon uair amháin?

Agus abair go bhfuil baoi tarrthála agat, agus go gcaitheann tú isteach sna huiscí seo é aon uair amháin.

Is lú an seans atá ann go dtiocfaidh tusa ar bith ná go léimfidh an t-iasc aníos tríd an mbaoi tarrthála sin!

Is é sin, is cuma nó míorúilt tú. Is cuma nó míorúilt gach duine. Ní thuigimid a mhíorúiltí is atáimid.

Ach focail sheanchaite iad sin. Níl aon fhocail ann a dhéanfaidh cur síos ar tusa a theacht ann, ach an oiread is nach bhfuil aon mhatamaitic. Táimidne anseo, nach iontach agus nach dochreidte sin!

Tá rud éigin le rá ag Shakespeare, mar a bhíonn, in Iúl Caesar:

‘But once he has attained the upmost round/ He then unto the ladder turns his back/ Looks in the clouds, scorning the base degrees/ By which he did ascend…’

Is ea. Bainimid céim éigin amach sa tseansúlacht gan chuibheas arb é a theacht go bith é. Uaireanta is gá smaoineamh gur thrasnaigh tusa an teorainn idir a bheith ann agus as.

Murab ionann agus daoine eile.