Iomann na hathbhliana


Ní mórán daoine a bhíonn ag tnúth le cluiche iomána ná peile ag tús na hathbhliana. Cén fáth go mbeadh?

Páirceanna fliucha, lán le puiteach. Imirt mhístuama ó imreoirí nach bhfuil ullmhaithe fós don bhliain.

Ach, corruair, bíonn daoine ag tnúth leis na cluichí seo. Bhí os cionn 1,300 duine ag páirc imeartha Dhroichead Abhainn Ó gCearnaigh Dé Domhnaigh seo caite. In ainneoin na báistí, na drochaimsire, na dtuilte, bhíodar ann.

An chuid is mó acu tagtha is dóigh chun féachaint ar radharc nach bhféadfaí a thuar an t-am seo anuraidh. Dónal Óg Cusack ar an taobhlíne, mar leathbhádóir ag Davy Fitzgerald.

READ MORE

Bhí aithne mhaith acu ar a chéile tráth, ach ní haon rún é gur minic go rabhadar in adharca a chéile. Bíodh sin mar atá, tá sé soiléir anois cé nach raibh aon ghrá mór acu dá chéile, go raibh meas acu ar a gcumas imeartha.

Is iontach an cleamhnas é ar bhealach. Cé nach mbeadh ag iarraidh breathnú ar an gcéad damsha ag an mbainis seo, a tháinig gan choinne?

Go deimhin, bhí sé cosúil leis an stró a chuirtear ar lánúin a chuireann laincisí an phósta orthu féin thar lear. Bíonn orthu é a dhéanamh faoi dhó.

Uair amháin os comhair cláraitheora, gan aon searmanas, gan aon spraoi, agus ansin tá cead acu dlús a chur faoi na himeachtaí. Rud beag, a chaithfear a dhéanamh, le go mbeidh an lá mór acu leis na maisiúcháin ar fad.

Ócáid fhuar a bhí sa mbainis seo. Ní raibh tada galánta faoi. Bhí goimh san aer, an contae timpeallaithe ag scrios na dtuilte, agus thosaigh sé ag báisteach. Cúpla smugairle ar dtús, ansin níos troime, agus tháinig múr clocha sneachta ansin.

Scoilt an spéir ag leathama agus níor stop an bháisteach go raibh an cluiche thart. Aimsir rugbaí, ní iomána.

Theastaigh an bua uathu, fiú muna raibh ann ach saghas réamhbhabhta don bhainis cheart a tharlóidh sa chraobhchomórtas níos déanaí i mbliana.

Bua do Chontae an Chláir. Buíochas le Dia, a dúirt go leor. Déanfaidh an bua sin maitheas do mhuinín na n-imreoirí agus cuirfidh sé tuilleadh muiníne i gcinneadh Davy Fitzgerald Dónal Óg a thabhairt isteach sa champa.

Tá go leor fulaingthe ag Davy ina chontae dúchais. Cinnte, d’fhéadfaí a rá gur tharraing sé cuid den ábhar air féin, ach ní fhaca mé fós aon bhainisteoir ag fáil an oiread íde béil agus cáineadh óna mhuintir féin agus atá faighte aige.

Go háirithe nuair a bhuaigh siad an chraobh i 2013, bliain nach raibh súil ar bith leo. Ansin, shílfeá, gur cothaíodh an iomarca barúla dóibh. Bhí daoine ag súil go mbeadh na craobhacha ag teacht i ndiaidh a chéile, agus mura mbeadh, gur buailte sa chluiche ceannais a bheidís, nó sa bhabhta leathcheannais, dá mbeadh rudaí go dona uilig.

Ach níor tharla sé sin. Thriog an bhliain dár gcionn iad, rud a tharlaíonn do go leor foirne. Níl sé éasca dhá bhliain i ndiaidh chéile a bhaint amach.

Ach níor éirigh leo anuraidh ach oiread.

Shílfeá. Go dtí go mbreathnaítear ar an mí-ádh a bhuail iad. Bhí drochthús sa tsraith acu, agus ghéill siad sa deireadh tar éis athimirt le Cill Chainnigh.

D’fhéach siad go raibh siad fós ar strae sa bhfásach sa chraobhchomórtas, go dtí go raibh teacht aniar de chineál acu in aghaidh Chorcaí. Ach níor éirigh leo. Dhá bhliain i ndiaidh a chéile, bhíodar amuigh as an gcomórtas sula raibh cluiche ceathrú ceannais na hÉireann fiú bainte amach acu.

Maitheadh dó é an chéad bhliain. In ainneoin chomh gar agus a chuadar do chluichí éagsúla i 2015, facthas gur peaca marfach a bhí ann.

Ar suíomhanna Idirlín, ach go háirithe, dúradh rudaí uafásacha. Crógacht a bhí ann breith ar an bhfón agus glaoch ar Dhónal Óg.

Tá a fhios againn uilig nach bhfuil an oiread bainte amach ag foireann óg Davy agus ar cheart a bheith acu, bunaithe ar a gcuid scileanna agus ar a dtallann. Bunaithe ar na craobhacha faoi 21 atá acu.

Tá a fhios againn go bhfuil ‘sé’ iontu. B’fhéidir go raibh an iomarca acu ró-óg. Ní féidir go mbeadh cluiche a imríodh ar pháircín tuaithe ar an gcéad Domhnach den bhliain mar shlat tomhais dá bhfuil le teacht.

Ach níl mórán a d’fhág nach bhfaca an tuar dóchais, agus chuile chosúlacht air, go bhfuil an spéir ag glanadh in am do shamhradh Chontae an Chláir.

Is iriseoir le Nuacht TG4/RTÉ í Máire Treasa Ní Cheallaigh