Imeachtaí óige fógartha ag Gael Linn

Ócáidí éagsúla dírithe ar dhaltaí bunscoile, meánscoile agus ollscoile


Tá Gael Linn ag cur cuiridh ar scoláirí na hÉireann clárú leo agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí óige atá acu agus an méid Gaeilge – beag nó mór – atá acu a úsáid.

Tá Coirm, féilte siamsaíochta stáitse, dírithe ar Ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna Gaeltachta, agus tá Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain, comórtas díospóireachta dírithe ar iarbhunscoileanna a ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu. Lena chois sin, tá Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh dírithe ar iarbhunscoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu.

Tá Siansa ina chomórtas agus ina cheardlann cheoil do ghrúpaí traidisiúnta le ceoltóirí idir 12 agus 19 bliain d’aois; tugann Scléip deis do dhaltaí iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a dtallann a léiriú agus béim ar cheol comhaimseartha agus tá comórtas cainte poiblí d’iarbhunscoileanna i gCúige Uladh, Abair, ann, mar aon le Tráth na gCeist, sraith d’ócáidí quizbhoird d’iarbhunscoileanna Uladh.

Ní dhéantar dearmad ar lucht ollscoile, ach an oiread. Tá Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn ann do mhic léinn tríú leibhéil atá ag déanamh staidéir ar an dlí agus Díospóireachtaí Tríú Leibhéil dóibh sin atá deisbhéalach faoi chúrsaí móra an tsaoil. Eolas: 01-6753299 nó www.gael-linn.ie