Idir churacha agus chapaillíní

Iomróir ag iarraidh poll ina churach a dheisiú ar an gcladach, é ag eascaine


Mar chuid d’Fhéile an Tóstail i lár 50í an chéid seo caite thionóltaí Rástaí na gCurach i mBóthar na Trá i nGaillimh agus bhíodh foirne i láthair as mórán áiteacha in iarthar na hÉireann: Na Cealla Beaga, Gleann Cholm Cille, Ceathrú Thaidhg, Acaill, Béal an Mhuirthead, Conamara, Carraig an Chabhaltaigh, Na Machairí agus Cuas an Bhodaigh; cé go mba iad na deartháireacha Seoighe as Inis Bearacháin, Leitir Móir, na hiomróirí ba cháiliúla ag an am. Ghnóthaigh siadsan an corn trí bliana as a chéile.

Ar cheann de na féilte sin déanadh maor asam féin bíodh is nach rabhas ach 14 bliain d’aois. Uncail liom a bhí mar bhall de bhardas na Gaillimhe faoi deara sin le go bhfaighinn ceapairí agus buidéal sú oráiste saor in aisce.

Níor tugadh aon dualgas ar leith dom, ámh, agus dheamhan tada a rinne mé. Ach d’éirigh an lá ina rilleadh báistí agus fliuchadh go craiceann mé.

Is é an fliuchadh céanna an chuimhne is glé atá agam de na rástaí ach tá cuimhní glinne eile freisin agam. An t-ardmheas a bhí ar na Seoighigh agus an liúireach i nGaeilge óna lucht tacaíochta!

READ MORE

Cuimhne shoiléir eile atá agam ná iomróir as Carraig an Chabhaltaigh ag iarraidh poll ina churach a dheisiú ar an gcladach, a léine fhliuch scaoilte siar ag an ngaoth agus é ag eascaine is ag mallacht ar a bhionda.

Cuimhne gheal eile agus sin d’fhoireann na Machairí. Triúr fear níos breáichte ná iad, i dtaca le féitheacha is matáin choirp, ní bhfaighfeá in Éirinn. A gcuid ceathrún is colpaí ba é peileadóir lárpháirce na Gaillimhe ag an am, Frank Evers, a chuireadar i mo cheann.

Leithinis chaol dhumhcha idir Baile Uí Thaidhg agus Cnoc Bhréanainn i gCiarraí iad na Machairí, agus de bharr bhreáthacht na bhfear seo fadó lena naomhóg bhí dúil i gcónaí agam an áit a fheiceáil, ach diabhal a ndeachas ann ina dhiaidh sin go dtí le gairid.

Mé ag fiafraí díom féin is mé ag taisteal go dtí í, a raibh de bhlianta caite, an mbeadh naomhóg ar bith fanta sna Machairí, ná pobal féin?

Ach, m’anam, go raibh: daoine agus báid. Mórán cineálacha báid, ceangailte le céibh nó ar ancaire sa chuan. Agus mura raibh dhá naomhóg, luchtaithe le potaí gliomaigh, ag filleadh óna gcuid oibre!

Dúrthas liom an t-iascach a bheith somhaoineach go maith fós san áit.

Áilleacht mhara

Agus i dtaca le háilleacht mhara ba dheacair í a shárú. Buail suas ar an gcnocán aerach.

I ndiaidh mo gheábha ar na Machairí thugas m’aghaidh ar Uíbh Ráthach, ar thábhairne an Red Fox atá suite idir Cill Orglan agus Gleann Beithe ar Mhórchuaird Chiarraí. Ar phlásóg an tábhairne údaí a thionóltar seó bliantúil Chapaillíní Portaigh Chiarraí.

De réir mar a thuigim is iad na capaillíní seo, móide capaillíní Chonamara, a bhfuil de phórtha dúchasacha capaillíní in Éirinn; an capaillín portaigh cuid mhaith níos lú ná capaillín

Chonamara ach cuid mhaith níos airde, agus níos aclaí i gcosúlacht, ná an capaillín Sealtannach. Na deich lámh ar airde, nó beagán faoina bhun sin, atá an capaillín portaigh.

Ní nach ionadh is ar an bportach is mó a bhaintí feidhm as an gcapaillín portaigh. Nó ag tarraingt móna abhaile. Go mbaintí feidhm as chomh maith ag iompar daoine ar Aifreann, i gcarr nó i dtrapa nó ar a mhuin féin.

Ba chneasta ná an t-asal é agus ba shaoire le cothú é ná capall.

Ach de réir mar a tháinig laghdú ar shaothrú na móna, nó go dtáinig méadú ar líon na dtarracóirí, thosaigh riachtanas an chapaillín portaigh ag dul i ndísc. Gur laghdaigh a thábhacht go hanacrach nó faoi dheireadh na 1960í go raibh a n-uimhir chomh híseal sin go rabhadar ionann is imithe i léig.

Murach gur bunaíodh cumann lena sábháilt – Cumann Chapaillíní Portaigh Chiarraí – ní móide go mbeadh an pór sin beo inniu.

Go tráthúil thángthas ar chorrchapaillín díofa scaipthe ar fud na tíre agus bhíothas in ann athbhorradh a spreagadh.

Is ainmhí sochma, i gcruth is i meon, é an capaillín portaigh agus mar a léiríonn an seó bliantúil tá a gcineál beo beathach anois arís.

Le hais an Red Fox tá músaem beag ina dtaispeántar gnéithe áiride de sheanshaol an phortaigh – idir uirléisí is cineálacha tithe na n-oibrithe – agus coinnítear sciar de na capaillíní portaigh ar féarach i ngarraí scóipiúil lena thaobh. Móide dhá fhaolchú Éireannacha sa chlós!

Cá mbeifeá gan uaisleacht?

An péire faolchon seo ag caitheamh a saoil go compóirteach, idir bheatha is aclaíocht laethúil á dtabhairt dóibh ar a sáimhín só.