Iarmhar an uafáis

Is cóir cuimhneamh ar na mairbh ach is ceart ceist a chur cén fáth ar maraíodh iad?


Tháinig cuid againn slán ón bpoppychac, ach ar éigean é. Ráinig go raibh mé féin thar lear nuair a bhí an chuid is táire den olasmearadh ar siúl, mar sin d’éirigh liom éalú ón gcuid ba mhímhacánta de chomóradh na milliúnloscadh a raibh na meáin gafa leis an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí ceart agus cóir, gan amhras, go gcuimhneofaí ar an ár agus ar an sléacht agus ar an sclascairt agus ar an mbarbaracht a dhein cuid den chine mídhaonna ar chuid eile den chine neamhdhaonna tá 100 bliain ó shin ann.

‘Ní dhéanfar dearmad oraibh’, is fíor, ach i gcónaí riamh ní foláir na ceisteanna breise a chur. Ní foláir an ciseal thuas a bhaint, an ghearb a ardú agus a fhiafraí, ‘Cad ar a shon a bhí siad ag troid?’

Níl aon fhreagra amháin air sin, agus b’fhéidir gur freagraí na milliún éagsúla a gheofá dá ndéanfaí ceann de na suirbhéithe sin a choinníonn ranna socheolaíochta beo. B’é ba chúinge den chuimhneamh, áfach, ná gur dearmadadh an toise idirnáisiúnta, an toise a rinne an cogadh teidealach a bheith ina ‘chogadh domhanda’.

READ MORE

Fíorbheagán urchar a caitheadh san Áise Mhór, mar shampla, agus ar éigean gur diúracadh saighead i Meiriceá ó dheas. Ba dhéanach a tháinig na Poncánaigh féin isteach sa mharú, agus ní heol dom gur ídíodh aon duine san Antartach ná sa Mhol ó thuaidh.

Ina choinne sin, bhí breis agus milliún go leith duine de chuid na hIndia sáite sa chogadh, agus níl aon áireamh ceart ar an méid díobh siúd a leagadh, óir ar nós choncas na hIaráice le déanaí, ‘ní choinnítear cuntas ar choirp’, de dhath áirithe.

Ghearáin na Gearmánaigh leis an mBreatain agus leis an bhFrainc nach raibh an cluiche á imirt de réir na rialacha acu. Bhí saighdiúirí de chuid na hAfraice á dtabhairt isteach sa chogadh, agus dá réir sin, bhí buntáiste na barbarachta leo.

Is ea, ba cheart cogaí idir tíortha Eorpacha a fhearadh de réir rialacha ‘féir plé’!

Go deimhin agus go deimhnitheach féin, bhain na Francaigh leas as nach mór leathmhilliún saighdiúir de chuid na gcoilíneachtaí, dream a bhí chomh saonta ina ndílseacht is a bhí lucht an phoppy sheamrógaigh abhus.

Gealladh na hoirc is na hairc dóibh, mar a gealladh dúinne, ach b’fholamh agus ba bhaoth gach geallúint díobh.

Is deacair anois a shamhlú a amaidí is a bhreallsúnta is a bhí daoine. Gandhi féin, ardshagart agus príomhImam agus puja mór na síochána, rinne Réamonnach de féin nuair a mhol sé d’fhir óga na hIndia dul sa chogadh ar son is go bhfaighidís miosúr beag caol den rialtas baile sin a gealladh dúinne agus do ghéillseanaigh lúitéiseacha eile.

Nach é a bhí simplí? Gan trácht ar a bheith mí-ionraic go soláthródh marú Gearmánach agus Ostaireach saoirse chúng leithscéalach dá phobal féin. Chuir na cumhachtaí Impiriúlacha ar gach taobh dallamhullóg go héag ar gach duine a bhí sásta go gcuirfí dallamhullóg air.

Is ait an maíomh é go mbímid ag déanamh gaisce as an 30,000 éigin saighdiúir Éireannach a chuaigh dá mbás sa chogadh seo gan chiall gan cheart. Níor saighdiúirí Éireannacha iad, gan amhras, ach saighdiúirí Briotanacha.

Cailleadh 140,000 éigin Albanach, agus gealladh smut éigin den rialtas baile dóibh siúd chomh maith. Tá’s againn cad a tharla don gheallúint sin – an rud a bhí i ndán do na geallúintí a tugadh dúinne – crotal caoch folamh gan aird.

Nuair a mhúsclaítear an poppy love seo gach bliain, agus is ag dul i dtreise atá sé, caithfear na ceisteanna crua a chur: cad ar a shon? Cén fáth? Arbh fhiú? Cén toradh? Dá mba?

An bhfuilimid go léir as ár meabhair?