Gradam do Ghael

Tugann an ollscoil aitheantas do Liam Ó Maolaodha

Bhronn Bord na Gaeilge UCD Gradam Shíoladóir na Teanga ar Liam Ó Maolaodha ag ócáid i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, aréir. Dúirt Ó Maolaodha go raibh “áthas agus bród” air gur “roghnaigh Bord na Gaeilge UCD mé le haghaidh an ghradaim seo. Is breá liom teideal an ghradaim, Síoladóir na Teanga, mar gur oibrigh m’athair ar feadh a shaoil mar gharraíodóir agus gur nós leis a chur ina luí orainn an tábhacht a bhain le síol a chur ag an am ceart nó nach mbeadh aon fhómhar le baint ná aon phlanda faoi bhláth. Thug mo shaol oibre, i gColáiste na bhFiann agus in Oireachtas na Gaeilge deiseanna dom síol na teanga a chur, síol na hathbheochana, síol an chultúir agus na hoidhreachta, agus cuireann sé ríméad i gcónaí orm aon uair a bhfeicim toradh air sin”.

Is de bhunadh Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, é Ó Maolaodha agus is fada é ag plé le cúrsaí teanga agus cultúir. Tá sé ina Stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge ó mhí Feabhra, 1996, agus bhí sé ina Bhainisteoir Stiúrtha ar Choláiste na bhFiann roimhe sin, áit ar thosaigh sé a shaol oibre sa bhliain 1976. D’imir sé peil agus iománaíocht don chumann áitiúil, Round Towers, cumann a raibh baint mhór ag a sheanathair, Davy Molloy, lena bhunú sa bhliain 1884, an bhliain chéanna ar bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael. Bhí Ó Maolaodha ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Gailf Craddockstown agus tá sé ina chaptaen ar Ghalf Chumann Oileáin Chonamara faoi láthair.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times