Gréasán gnó Gaeilge

Cathair na Mart ag tacú leis an teanga

Tá leagan Gaeilge de láithreán gréasáin Fhéile Cheoil & Bhia Chathair na Mart ar fáil. Rinne lucht eagraithe na féile an leagan Gaeilge den suíomh a fhorbairt i gcomhar le Gnó Mhaigh Eo agus Room150 Design. Cuireann an leagan Gaeilge den láithreán faisnéis ar fáil maidir leis an imeacht mhór siamsaíochta a bheidh ar siúl i dtailte Theach Chathair na Mart idir an 28ú agus an 29ú, Meitheamh. Tagann beagnach 10,000 cuairteoir go Cathair na Mart le linn na hócáide seo.

Dúirt Freda Nic Giolla Chatháin ó Ghnó Mhaigh Eo go raibh an t-eagras an-sásta bheith ag obair i gcomhar leis an fhéile lena chinntiú go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ag cuairteoirí agus iad i gCathair na Mart. Bhí siad ag iarraidh aitheantas a bhaint amach do Mhaigh Eo mar chontae dátheangach agus bhí súil acu go gcuideodh cleachtas dátheangach na féile leis sin.

As an Astráil d'eagraí na féile, Darryl Downey, agus bíodh is nach raibh Gaeilge aige féin, chreid sé go raibh an teanga luachmhar leis an chultúr a chur chun cinn. Bheadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil ar an bhaile – treoracha, clár ama do gach ardán, faisnéis – leis an teanga a chur i láthair lucht saoire.

Eolas: www.westportfestival.com

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times