Gan fáilte don aingeal

Nach sinne atá inclúisibh go brách, inclúisibh go deireadh an domhain?


Tá siad scaoilte den iall arís. Ligeadh amach iad athuair. Iad ag gluaiseacht tríd an saol d’fhonn na saoirse a dhamnú. Na liobrálaigh ghoilliúnacha a dhéanfadh cinsireacht ar an mbraon anuas. Na daoine tufálta seo a bhíonn ‘gortaithe’, is a dtagann uabhar orthu má luaitear siolla nach binn lena gcluasa.

Is cinnte nach binn lena gcluasa ding-deaing an Angeluis a bhodhraíonn iad lán dhá nóiméad sa lá.

Feiceann tú ar na sráideanna amuigh iad nuair a bhuaileann na cloig, an deirge ag ramhrú ina bpluca, an gearradh fiacla sa ghiall. Níl áireamh ar a bhfuil de thaomanna croí ann de dheasca beagán clingireachta sa spéir, ach tá socheolaí éigin á thaighdeadh.

Tá an t-ionsaí buan ar siúl arís. Uaireanta ceann ar aghaidh, uaireanta eile ar nós na luiche ag cogan ar chrústa seanaráin. Ní stopfar agus ní staonfar go dtí go mbeidh deireadh le bualadh na gclog um nóin agus roimh dhrochscéalta na nuachta ar a 6pm tráthnóna. Sin é an cleas riamh anall. Faightear cnámh agus creimtear air go mbeidh caite go héag.

READ MORE

Is meallta mé nó is fánach é a uisciliú. Tá RTÉ ag iarraidh go ndéanfaidh daoine “machnaimh mheandair” agus ag tabhairt cuiridh do chách a bheith páirteach ann.

Tá seo inmholta, gan amhras, ar an gcuma chéanna is a deireadh láithreoir amháin, a dtabharfaimid Pat Kenny air ar son argóna, go stopfaimid anois “to pause for prayer”.

Ní bhainfidh seo aon tornapaí dúinn, agus is lú ná sin a phollfaidh sé an cloigeann dophollta.

Paidir Chaitliceach is ea Fáilte an Aingil, ba sa Chaitliceachas a thuismigh, sa Chaitliceachas a rugadh is a tógadh, sa Chaitliceachas a mhaireann. Cén fáth a mbeifí ag iarraidh sin a cheilt?

Sa mhéid sin tá an ceart ar fad ar na haindiagairí dígeanta agus a bpáirtithe caolchraicneacha. Rud Caitliceach siar amach bun barr hólas bolas atá ann. Sin é. Só bhat?

Déarfar le geonaíl gur cheart sochaí thuata a bheith ann gan aon bhaint a bheith ag reiligiúin na ndaoine leis an saol poiblí.

Caithfidh mé a rá go bhfuil tugtha faoi deara agam gur sochaí thuata atá againn – go háirithe suas is anuas le tíortha eile, san Eoraip féin.

Abraimis an dream úd béaldorais a bhfuil an té atá i gceannas na hEaglaise i gceannas an Stáit chomh maith. Nó tíortha eile nua-aimseartha forásacha dul-chun-cinniúla ina mbailíonn an stát airgead na n-eaglaisí. Nó tíortha eile fós nach foláir don Cheann Stáit reiligiún áirithe amháin a bheith aige/aici. Nó tíortha eile fós fós ina bhfuil lámh ag an bpairlimint i rialú na heaglaise bunaithe.

I gcomparáid le formhór na stát ar domhan táimidne ar stát chomh tuata is a gheofá de shiúl thuras eitleáin réasúnta fada.

Ach chaithfeá a bheith id chónaí faoi chloch, nó beo i saol na teilifíse amháin, nó sa phluais laistigh fós dá gceapfá nach rachadh gnéithe den saol cultúrdha – ar a n-áireofaí an reiligiún – i bhfeidhm ar shaol an phobail sin.

Dheineas mórán taighde, agus an bhfuil a fhios agat, oiread is sampla amháin ní bhfuaireas den chultúr reiligiúnda gan a bheith ag dul i bhfeidhm ar an saol máguaird poiblí?

Ach an Fhrainc, adeirtear!

Ó sea, an Fhrainc. Is í an Fhrainc an sampla is léire fimínteacht sa ghnó seo, agus ní hí seo an áit leis na samplaí a iomadú; ach is fimínteacht ghníomhach i gcoinne an phobail Mhuslamaigh is mó atá ann anois, seachas in aghaidh na hEaglaise Caitlicí mar a bhíodh.

Bhí tráth in Éirinn ann, nach rófhada ó shin é, nuair a chuirtí cailíní abhaile ón scoil toisc go mbíodh a gcuid sciortaí róghairid; caitear amach as scoileanna sa bhFrainc anois iad toisc iad a bheith rófhada! Comhartha Ioslam is ea an sciorta fada!

Ach seo é é. Is é seo é. Fág creideamh agus claonta agus caime intinne lasmuigh den doras, nach é an maíomh is mó go donndiongbháilte atá againn anois ná gur pobal iolrach sinn, go bhfuilimid oscailte, tuisceanach, báúil, gur mian linn go mbeadh glacadh le gach n-aon, go bhfuil an uile shaghas agus chineál laistigh den phuball leathan seo ina bhfuil slí do chách? Nach sinne atá inclúisibh go brách, inclúisibh go deireadh an domhain, go críoch na cruinne, go foirceann na firmiminte?

Inclúisibh seachas an tAngelus. Inclúisibh seachas dhá nóiméad gach lá a ligean le daoine ar mian leo é.

Féach leat an nuachtán. Féach ar a bhfuil de stáisiúín teilifíse is raidió ann. Ná céadta. Le linn aon nóiméid amháin d’fháilte an Aingil d’fhéadfá cúpla lá craolacháin a bheith agat ar stáisiúin eile.

Caoinfhulaingt? Comh-mhaireachtaint?

Lig liom agus lig leat?