Gafa le mata agus an cruth ina bhfuilimid

Tá fís ag ceannaire na Fraince ach an mbeidh muidne thíos léi?

Beidh taithí ag mórán páistí ar Gafa le Mata – téacsleabhar matamaitice sna bunscoileanna lán-Ghaeilge.

Ach ba é an ‘gafa’ de shórt eile a bhí i gceist ag ceannaire na Fraince nuair a labhair sé ar an bhfís a bhí aige do thodhchaí na hEorpa Dé Máirt seo caite i bPáras.

D’fhág an méid a bhí le rá aige (go hindíreach) faoi Google, Apple, Facebook agus Amazon (GAFA) imní ar mhórán ó shin sa Stát seo.

Dhírigh sé, mar atá déanta go minic cheana aige, ar an tslí dar leis, a laghdaíonn na ceithre chomhlacht mhóra seo agus a thuilleadh nach iad, an méid cánach a íocann siad de bharr iad a bheith lonnaithe i dtíortha ina mbíonn ráta corparáideach íseal cánach i bhfeidhm.

READ MORE

Sna tíortha sin a íoctar an cháin seachas sna tíortha ina bhfuil formhór na n-earraí a ndíol acu.

Am sumaí a bhí mar theideal ar théacsleabhar eile i múineadh na matamaitice – Figure it out an leagan Béarla – agus dar le Macron nach bhfuil ciall leis na figiúirí agus go bhfuil sé in am teacht ar dháileadh ar bhonn Eorpach a bheadh níos cothroime.

Agus é a oibriú amach.

Fágaimis na cúrsaí sin leis na saineolaithe airgeadais, ach is fíor gur ábhar é a bhaineann linn ar fad sa Stát seo.

Bhí go leor ábhar tromchúiseach eile san óráid – cosaint, imirce, daonlathas. Ach is sa bhéim a leag ceannaire na Heicseagáine ar ról an oideachais san Eoraip is spéis linn anseo agus an cruth ar mhaith leis a chur air. Agus is cruth iltaobhach é.

Gan amhras, tá an chuid is mó agus is tábhachtaí den méid a bhí le rá aige faoin oideachas á leanúint mar pholasaí ag an Aontas Eorpach cheana féin, sna hinstitiúidí agus sna cláracha éagsúla, leithéidí Erasmus Plus agus araile.

Mar shampla, tá sé molta ag Comhairle na hEorpa go bhfoghlaimeodh gach dalta a mháthairtheanga féin, mar aon le péire eile de theangacha na hEorpa.

Bhí an teachtaireacht chéanna in óráid Macron, ach chuir sé sprioc ama leis – 2024.

Teastaíonn uaidh chomh maith go gcaithfeadh aos óg na hEorpa, tar éis an meánoideachas a chríochnú dóibh, ar a laghad sé mhí i mballstát eile ar thréimhse foghlama.

Agus ní daltaí ollscoile amháin a bheadh i gceist, ach printísigh chomh maith – polasaí atá cheana fógartha sa chlár nua Erasmus Pro a d’fhógair an Coimisiún sa Bhruiséil i 2016.

Ollscoileanna Eorpacha

Mhol sé ina theannta sin go mbunófaí thart ar 20 ollscoil Eorpach agus aitheantas ar fáil do na cáilíochtaí a bhronnfaí iontu fud fad na hEorpa, agus go mbeadh freastal ar theangacha éagsúla ann.

Is cinnte gur dírithe go maith a bhí sé ar aos óg na Fraince agus gné idirnáisiúnta breise a thabhairt dá dtaithí foghlama.

Bheadh an Béarla mar chuid thábhachtach sa straitéis oideachais sin, ach is léir gur mór aige an cleamhnas leis an nGearmáin.

Mar shampla, tá múineadh na Gearmáinise thar n-ais mar chuid thábhachtach sa chóras oideachais Francach ó bunaíodh an rialtas nua roimh an samhradh – tar éis do rialtas Hollande roimhe seo é a chur ar an imeall beagáinín.

Ar bhonn ginearálta, is léir gur níos mó den Eoraip seachas níos lú atá mar bhonn leis an bhfís uaidh.

Gan amhras, bíonn mórán saoirse ag na ballstáit a rogha rud a dhéanamh i gcúrsaí oideachais, má cheaptar gur ag leibhéal na tíre is fearr polasaí áirithe a dhéanamh seachas ag leibhéal an Aontais.

Géilleann an tAontas leis an tír sa chás sin, agus is creat cuibheasach leathan a thugtar, níos mó ná rialú ródhocht.

Oireann sé sin don bhallstát, go mórmhór de bharr go bhfuil oideachas agus cultúr chomh fite fuaite le chéile, agus maireann ilghnéitheacht na náisiún dá bharr.

Ach b’fhéidir go bhfeicfear gluaiseacht i dtreo an láir agus an ionannais níos mó sna cúrsaí seo amach anseo.

Agus má éiríonn le Macron tacaíocht a fháil don treo nua seo, is cinnte go mbeidh impleachtaí go leor ann d’aos óg ár dtíre féin, i gcúrsaí oideachais, ach cúrsaí fostaíochta agus araile chomh maith.

Ag labhairt le tionól den éigse léannta agus mic léinn a bhí Macron, san ollscoil iomráiteach sin ar a dtugtar an Sorbonne.

Sármhaith agus uaillmhianach, sin an Eoraip a theastaíonn uaidh, seachas lag agus mí-éifeachtach, mar atá sé faoi láthair, a dúirt sé.

Ach beidh go leor tuairimí ann timpeall na hEorpa ar conas an sármhaitheas sin a bhaint amach – agus cén cruth a chur orainn mar phobal.

Go leor ábhar machnaimh chun sinn a choimeád gafa.

Is léachtóir ar Choláiste Mhuire gan Smál é Cathal de Paor