Gaeltogs, an Ghaeltacht agus an óige

Díolaim nua luachmhar


Mol an óige ... agus scríobhfaidh siad.

Cnuasach sleachta atá scríofa ag daoine fásta, don chuid is mó, atá in Aois na hÓige: díolaim próis (Cló Iar-Chonnacht, €15) ach sleachta a bhaineann go sonrach leis an óige fadó fadó agus chan chomh fadó sin ar fad.

Beirt scoláirí mór le rá – Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin – a roghnaigh na míreanna agus ní bréag a rá go bhfuil obair mhór déanta acu. Tá ábhar dírbheathaisnéise agus ficsean sa leabhar agus is maith mar a chuireann an dá sheánra le chéile le radharc a thabhairt ar chás na n-óg.

Aithneoidh an léitheoir mórán de na scríbhneoirí atá sa leabhar gan stró. Tá Pádraig Mac Piarais ann, Micí Mac Gabhann, Peig Sayers, Róise Rua, Muiris Ó Súilleabháin, Máire Ní Ghaoithín, Máirtín Ó Direáin – seanfhondúirí a thuilleann meas. Ach tá scríbhneoirí comhaimseartha ann fosta – Alan Titley, Éilís Ní Dhuibhne, Seán Mac Mathúna agus Pádraic Breathnach, ina measc.

READ MORE

Maireann an óige i gcónaí!

Tá caibidil agus fiche sa leabhar agus réamhrá roimh gach aon phíosa. Scrúdaíonn na húdair uilig feiniméan sin na hóige ar a ndóigh shainiúil féin.

Tá scéal na Gaeltachta i lár an aonaigh agus is maith go bhfuil. Tá greann i gcuid de na píosaí, ar neamhchead do Chorca Dhorcha.

Seo chugainn Eoghan Ó Domhnaill agus “Bata Marascail”, é ag iarraidh ord agus eagar a chur ar a chuid trúpaí óga thiar i nDún na nGall: “Bhíothas á shamhailt dom cheana féin go n-abródh corrfhear acu nach ligfeadh a mháthair dó teacht – go gcaithfeadh sé dul a bhuachailleacht.

“Cé acu saighdiúir nó buachaill bó atá ionat?” arsa mise, go leathíseal. Cé acu ordú a mháthar nó ordú a cheann feadhna chaithfeas saighdiúir a chomhlíonadh in aimsir cogaidh?” ”

Cuireann Máire Ní Ghaoithín síos go grámhar soineanta ar bhábóg a fuair sí mar bhronntanas: “Bhí an bhábóg seo go gleoite, bhí gruaig fhada bhuí chasta uirthi, dhá shúil ghorma aici a dhúnfadh nuair a luínn siar a ceann.”

Tá sleachta eile ann a bhainfeadh deoir as cloch. Tá mír ann “Eachtraí Cailíní Óga” le Máire Ní Shéagha, Brighid Ní Shíothcháin agus Brighid Stac.

“Féinléirithe neamhghnáchacha iad na cuntais chín lae ... tugann siad léargas neamhrómánsúil ar ghnéithe de shaoltaithí na bpáistí,” a scríobhann na heagarthóirí agus foilsíodh an t-ábhar ar dtús idir 1916 agus 1918.

Scríbhneoirí gan iomrá

Seans nár chuala tú iomrá orthu agus míníonn na heagarthóirí cad chuige: “In ainneoin tuin spraíúil agus meanma na hóige a bheith le brath ar na haistí seo, ba chrua an chinniúint a bhí i ndán do lucht a scríofa.

“Cailleadh Brighid Stac sa bhliain 1919 leis an bhFliú Spáinneach a scaip ar fud na hEorpa ag deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Ní raibh sí ach ceithre nó cúig bliana déag d’aois ag an am.

“Maidir le Máire Ní Shéagha, is amhlaidh a chuaigh sí ar imirce go Meiriceá thart ar an mbliain 1920.”

Scríobhann Stac ina dialann:

“Chuamair ar sgoil agus chaitheamair an lá go sólásach. Bhí caitheamh aimsire ana-dheas againn lár a’ lae...”

Ní raibh a fhios aici cad é a bhí i ndán di ach tá a fhios againn cad é a d’éirigh di. Maireann na focail agus ba cheart dúinn bheith buíoch de na daoine ar fad a rinne cúram de na focail chéanna.

Léiríonn scríbhneoirí eile an dímheas a bhí (atá?) ag mórán daoine ar lucht na Gaeilge.

Ba de bhunadh Chonamara é Micil Chonraí ach d’aistrigh a mhuintir soir go Ráth Cairn sa bhliain 1935. Ní raibh gach aon duine sa cheantar sásta iad a fheiceáil. “Feckin’ Gaeltog” a thug lucht an Bhéarla ar phobal na Gaeltachta: “ye’re all feckin’ Gaeltogs.” Gaeltogs – sin é an t-ainm a bhí ar mhuintir Chonamara thart anseo san am. Sé an t-ainm a bhí ar na gasúir ag goil ag an scoil é – Gaeltogeen agus Gaeltogs...”

Tá sliocht le Lorcán S. Ó Treasaigh agus buachaill óg faoi ionsaí ag maistíní a cheantair féin i mBaile Átha Cliath. Tá a fhios ag na maistíní go bhfuil Gaeilge aige ach níl meas madaidh acu air: “Na fataí ar fud na sráide. Ar mo dhícheall ag iarraidh iad a bhailiú. Na toughies ag magadh fúinn.

“Look at the f**kin’ Irish pigs pickin’ up spuds from the road! Irish pigs, Irish pigs, abhaile libh.”

Cuireann sleachta eile an fostú séasúrach i gcuimhne dúinn, an dóigh ar cuireadh páistí óga, ar aois na bunscoile, chun aonaigh le go mbeadh cúpla pingin sa bhreis ag a muintir: “Tá cuimhne agam go dtí an lá inniu ar an rud a dúirt fear acu fá dtaobh díom féin. Tháinig sé anall chugam, rug greim dhá ghualainn orm agus chroith go maith mé. “He’s a sturdy wee fella,” arsa seisean...”

Scríobhtar ar chúl an leabhair go “nochtar gnéithe de scéal na hóige nach mbíonn an oiread sin tráchta orthu i bhfoinsí oifigiúla” .

Nochtar.