Gaeilge chroíúil na Gaeltachta

Leabhar nua, clár teilifíse agus comhdháil


Seans, ar an chéad amharc, nach dtabharfá aird mhór ar leabhar nua Mhichíl Uí Chonghaile, Colourful Irish Phrases (Mercier Press). Tá clúdach gairéadach greannmhar air le lucht an chúpla focal agus cuairteoirí a mhealladh.

Seans, dá réir sin, go mbeifeá den tuairim nach bhfuil rud ar bith ann duit. Ní bheadh an ceart agat. Is fíor gur leabhar éadrom é – i ngach aon chiall den fhocal. Thiocfadh leat é a chur i do phóca agus ní chuirfidh a léamh stró ar dhuine ar bith.

Ní hionann sin agus a rá nach mbeadh tairbhe lena léamh. Tá cnuasach beag abairtí agus línte i nGaeilge ann, agus aistriúcháin Bhéarla in aice leo, a thugann léargas don fhoghlaimeoir agus don chainteoir líofa ar mheon na teanga.

Tá caibidilí beaga ar mhaslaí (úsáideach i gcónaí), ar bhua na cainte, ar mhothúcháin, ar an ól, ar thréithe agus ar an tsaol laethúil, mar shampla.

READ MORE

Is fíor go bhfuil Gaeilge gháirsiúil ann nach bhfeicfeá ar chúrsa scoile – níl mise ag insint duit cad é a ba cheart duit a dhéanamh le do mhéar – ach tá línte eile ann nach gcuirfeadh dearg ar leiceann ar bith.

Aithneoidh léitheoirí mórán de na habairtí gan deacracht: “íde na muc agus na madraí” nó “bhí an phraiseach ar fud na mias” nó “lig sé a chuid maidí le sruth”.

Sa chás go bhfuil tú líofa, ní dhéanfaidh sé lá dochair duit athscrúdú a dhéanamh orthu. Leoga, seans go mbeidh rud inteacht le foghlaim agat. Chuala tú go mbeadh “lá eile ag an bPaorach” gan amhras? Ach an raibh a fhios agat go raibh an Paorach céanna “was a famous 18th century highwayman who was active in the Waterford area...”

Thairis sin, tá réamhrá gairid scríofa ag Ó Conghaile ann, réamhrá ar cheart do gach aon duine a léamh. Scríobhann Ó Conghaile faoina óige ar Inis Treabhair agus an dóigh ar tréigeadh an t-oileán diaidh ar ndiaidh: “So much dies with the death of island life. Even in the future, if other people go there, the chain or the link to the original inhabitants will be forever broken...”

Scéal na Gaeltachta, scéal na teanga.

Is fiú a léamh – chomh cinnte agus atá cac san asal!

Clú agus Constance

Níor chuala mé iomrá riamh ar Constance Smith (1928-2003), aisteoir, go dtí go bhfaca mé clár ar a saol ar TG4 an tseachtain seo caite –

Constance Smith: Tragóid Hollywood

(Dearg Films).

Ghlac sí páirt i mbreis agus 30 scannán agus d’aithin mé roinnt de na haisteoirí fir a bhí ina cuideachta gan stró – Jack Palance agus Richard Widmark, gan ach beirt a lua. Ach is beag duine a labhrann ar Smith, bean a bhí i mbéal an phobail le linn na 1950í.

Duine dáigh a bhí inti, duine nach raibh le ceansú ach duine a d’imigh ó stiúir de réir a chéile. De bhunadh Luimnigh í; bhí a muintir beo bocht agus thug soilse Hollywood deis di slí bheatha a dhéanamh sa tsaol.

Bhí tóir ag lucht na scannán uirthi ar feadh tamaill ach ní raibh sí le háireamh riamh i measc phlúr na n-aisteoirí. Níorbh fhada gur ith Hollywood an croí agus an t-anam aisti.

Thug saoistí stiúideo uirthi ginmhilleadh a fháil, rud nach raibh lena toil agus rud a ghoill uirthi. Diaidh ar ndiaidh, chúlaigh na ceamaraí uaithi. Bhí goile craosach ag Hollywood d’aisteoirí nua.

Ba bhocht a críoch sa deireadh –ól, seal sa phríosún agus rinne sí iarracht lámh a chur ina bás féin. Thug an clár léargas tochtmhar ar an dochar a dhéanann clú agus cáil don té nach bhfuil in ann an t-ualach a iompar.

Finscéal nár fíoradh.

Siompóisiam i nGaillimh

Beidh siompóisiam lae – “125 Bliain ag Fás? An Athbheochan agus Conradh na Gaeilge” – ar siúl san Aula Maxima, Ollscoil na Gaillimhe, Dé hAoine, 15ú Meitheamh, idir 9.30 a.m. agus 4.30 p.m.

Is é an tUachtarán, Michael D Ó hUiginn, a thabharfaidh an phríomhchaint. Beidh cainteoirí eile ann: Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus mórán ón tsaol acadúil, An Dr John Walsh, Roinn na Gaeilge, OÉ Gaillimh agus An tOllamh Regina Uí Chollatáin, Scoil na Gaeilge, UCD. Labhróidh na cainteoirí ar an Ghaeilge, ar an stair agus ar an taighde atá ar bun acu faoin téama seo. Níl aon chostas ar an tsiompóisiam ach iarrtar ort clárú roimh an Aoine 8ú Meitheamh. Eolas: cnag@oegaillimh.ie

Óige, eolas agus áit Mol an óige – agus baileoidh siad logainmneacha. Le Coláiste Pobail Cholmcille, Toraigh, an curadhmhír i gcomórtas a reáchtáil Meitheal Logainm.ie. D’iarr an mheitheal ar dhaltaí sonraí logainm a bhailiú ina gceantar féin agus iad a ionchur ar shuíomh Meitheal Logainm.ie.

D’éirigh le daltaí Thoraí breis agus 400 mionlogainm agus taifeadtaí fuaime a chruinniú le chéile. “Is bailiúchán an-suntasach é seo a chuireann go mór le caomhnú oidhreacht logainmneacha Thoraí agus an cheantair máguaird,” a dúirt lucht an chomórtais.