Gaeil atá glórach

Duaiseanna bronnta ar ghrúpaí pobail

Comharchumann Mhic Dara, an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, a bhain Duais Náisiúnta Ghlór na nGael ag an deireadh seachtaine. Tá €20,000 agus Trófaí Fhoras na Gaeilge buaite acu den chéad uair. An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bhain an comórtas tríú leibhéal agus seic €2,000 as a ndílseacht don teanga. Tugadh amach níos mó ná €120,000 le linn ócáid bhliantúil Bhronnadh Duaiseanna Ghlór na nGael i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. 350 duine ó gach cearn d’Éirinn, ó Nua-Eabhrac agus Ceanada a bhí i láthair don oíche cheiliúrtha. Bronnadh gradaim ar ghrúpaí Gaeilge fud fad na tíre, i gcathracha agus i gceantair tuaithe. Ba é Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley a bhronn na duaiseanna.