Forbairt pholaitiúil de dhíth

Tá Comhaontú Aoine an Chéasta ann le 15 bliain. Tá sé thar am na heasnaimh a leigheas

Cúig bliana déag agus an t-am seo bhí móramh mór de mhuintir na hÉireann thuaidh agus theas ag ceiliúradh. Fíorú na haislinge ab ea Comhaontú Aoine an Chéasta, ceapadh. Ba gheall le míorúilt é. Bhí roinnt daoine míshásta ach ceapadh go gcruthódh an ‘nua-pholaitíocht’ gur mhaith ann é ionas go leáfadh an naimhdeas ar nós sneachta.

Faraor, níor tháinig an tuar faoin tairngreacht.

Nó, níor tháinig fós. Ach d’fhéadfaí feabhas a chur ar an scéal. Ní bhfuarthas díbhinn na síochána de thoradh an chúlú eacnamaíochta agus ba mhór an gar é cabhair speisialta. Thairis sin, níor mhiste leas a bhaint as comóradh 15 bliain an chomhaontaithe chun dlús a chur leis an obair pholaitiúil atá riachtanach.

Dúirt uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, ina theachtaireacht ar Aoine an Chéasta go raibh obair phráinneach riachtanach.

READ MORE

Bhí sé sin ag teacht le ráitis ón Taoiseach, Enda Kenny agus ón Tánaiste, Eamonn Gilmore le déanaí. Is maith go n-admhaíonn siad é. Rinne siad gairdeachas as an tsíocháin, fiú má tá sí lochtach. Tá buanna thairis sin le cuntas, go háirithe an claochló ar phóilíneacht. Saothraíodh na buanna go daor agus ní mór iad a chosaint.

N’fheadar cén chumhacht atá ag rialtais na hÉireann agus na Breataine chun tarraingt na gcos i Stormont a chosc, rud nach bhfuil á dhéanamh acu. Tá a ndícheall á dhéanamh acu i dtaca le fadhbanna slándála ach b’fhiú go mór gach laige a mhionsonrú anois féachaint le fealsúnacht agus feidhmiú an chomhaontaithe a fhorbairt.

Is léir don dall gur mhéadaigh an chontúirt ó easaontóirí poblachtacha le tamall anuas; dúnmharú David Black, an t-oifigeach príosúin, roicéid nua sofaisticiúla faighte i nDoire agus i mBéal Feirste agus iarrachtaí buamála i gcontae Fhear Manach i measc eachtraí eile.

Bhí sé soiléir ón samhradh seo caite freisin go raibh dornán d’easaontóirí paraimíleatacha dílseacha ag cothú achrainn. Sa mullach air sin bhrúcht an nimh a bhaineann le paráidí amach arís, maille leis an réabadh faoi chonspóid na mbratach.

Caithfear tabhairt faoin bhforéigean sin ar bhonn slándála, le póilíneacht agus sna cúirteanna. Ach ní mór a dhul i ngleic leis na cúiseanna agus leis an nguagacht a chothaíonn sé. Éilíonn sé sin ceannaireacht agus misneach.

Buaicphointe i Stormont ab ea é nuair a sheas Peter Robinson, ceannaire an DUP agus Martin McGuinness ó Shinn Féin, gualainn ar ghualainn mar Chéad agus Leas Chéad Aire chun droim láimhe a thabhairt le foréigean na n-easaontóirí poblachtacha tar éis dhúnmharú bheirt shaighdiúirí in Aontroim agus an Constábla Stephen Carroll i gconate Ard Mhacha. Ba é an scéal céanna é nuair a maraíodh an Constábla Rónán Kerr ar an Ómaigh, Co Thír Eoghain.

Bhíothas ag dréim le comhghníomh den tsórt céanna i mbliana nuair a bhí na sráideanna á scriosadh ag lucht círéibe dílseach faoi chonspóid na mbratacha. Dhiúltaigh Robinson. Cháin sé na círéibeacha ach ní raibh sé toilteanach seasamh le McGuinness chun dúshlán na ndaoine “ar a thaobh féin” a thabhairt.

Seachas an cáineadh, is mar aontachtach a ghníomhaigh sé i leith na conspóide; shéan sé freagarthacht as gríosú na hagóide agus bhunaigh sé an fóram aontachtach (ionad gaotaireachta dar le bunáite na ndílseoirí).

Cá raibh an gníomh cróga, ag labhairt mar Chéad Aire le gach saoránach? Cá raibh an ráiteas simplí ag cur ar shúile lucht agóide nach laghdú ar chearta X é cearta Y a chosaint?

Ní ón ghaoth a tháinig an easpa sin. Baineadh siar go mór as an bpobal anuraidh nuair a chuir Peter Robinson a ainm le litir chuig an státrúnaí ag éileamh go scorfaí Coimisiún na bParáidí. Chéad Aire Thuaisceart Éireann ag glacadh páirt i bhfeachtas in aghaidh údaráis reachtúil! Bheadh sé dochreidte in áit ar bith eile. An ndearna urraithe an chomhaontaithe – an dá rialtas – a dhath faoi?

Má rinne, is faoi rún é.

Chuir neamhaird rialtas na Breataine ar Stormont san aois seo caite leis na fadhbanna a chráigh Tuaisceart Éireann. Níor cheart don dá rialtas é sin a ligint i ndearmad. Liosta le háireamh iad na hábhair ar cheart dóibh ceisteanna a ardú fúthu.

Bhí athmhuintearas, meas ar chearta gach duine, aitheantas dlíthiúil don dá thraidisiún pholaitiúla agus comhoibriú trasphobail, trasteorann agus tras mara de dhlúth agus d’inneach Chomhaontú Aoine an Chéasta.

An scrúdaíonn na rialtais feidhmiú an chomhaontaithe i dtaca leis na coinníollacha sin? Bille Cearta? Todhchaí Comhroinnte? Acht na Gaeilge? Scéim uileghabhálach faoi chrochadh bratacha? Scéim fhrithsheicteachais? Plean frithbhochtanais? Córas ar mhaithe le híobartaigh? Agus go leor eile.

Maíonn baill den DUP nach bhfuil ceangal orthusan faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta mar nár ghlac siad leis agus mar gur chuir siad Comhaontú Chill Rímhinn ina áit. Creideadh gur aguisín ab ea conradh Chill Rímhinn.

Céard a deir na rialtais? Déantar an-chuid cainte faoin ngá le freasúra i Stormont fearacht Westminster nó Teach Laighean. An bhfuil cruthúnas ar bith go bhfuil Tuaisceart Éireann in inmhe an chórais sin?

Tá obair chéadtach, fhadthéarmach riachtanach i dtosach.