Forbairtí ‘cliste’ ó TG4 don ré nua

aip nua ar fáil

Tá trí thogra nuálacha seolta ag TG4 leis an tseirbhís a chur ar fáil go héasca ar ardáin digiteacha.

Tá aip nua seolta acu do theilifíseán cliste a bheidh ar fáil beo feasta ar theilifíseáin de dhéantús Samsung, Philips, Opera TV, Foxxum, Toshiba agus ar fáil ar Google TV. Dúirt Stiúrthóir Teicniúil TG4, Neil Keaveney, gur léirigh an aip nua go raibh an tseirbhís ag coinneáil coise leis an nua-theicneolaíocht agus go raibh siad ag cinntiú go mbeadh ábhar an chainéil ar fáil don lucht féachana ar na hardáin ar fad ab fhearr leo féin.

Lena chois sin, tá leagan feabhsaithe de Sheinnteoir TG4 ar fáil ar an mbrabhsálaí (tg4.tv) ar aon ghaireas. Ba ag TG4 ba thúisce a bhí seinnteoir teilifíse in Éirinn (2002) agus is í foireann TG4 féin a dhear agus a chruthaigh an seinnteoir. Cuireann an cóiriú is nuaí ar chumas an úsáideora a sheinnliosta féin a chruthú.

Agus leagan feabhsaithe d’Aip TG4 don iPad é an tríú togra. Beidh seo ar fáil ón App Store le híoslódáil, saor in aisce ar fud an domhain.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times