Foréigean beag agus mór

B’fhearr liom go mbeadh daoine réasúnta


Cheap mé go mb’fhéidir go gcuirfeadh an méid a scríobh mé anseo an tseachtain seo caite daoine áirithe ina dtost.

Ach is léir go bhfuil slua gan náire amuigh ansin nach náireofaí iad dá mbeidís ar muintir na muice féin.

Chruthaigh mé gan amhras anonn go raibh Éirí Amach na Cásca mídhaonlathach – mar a bhí – ach go raibh sin gátarach riachtanach in aghaidh rialtais gur chuma leo faoin daonlathas.

Is den áiteamh céanna gur thug an réabhlóid an foréigean isteach i bpolaitíocht na tíre. Agus, agus, agus, go raibh stát na hÉireann i ngreim ag an bhforéigean céanna ó shin.

READ MORE

Is fíor, is fíor faraoir, gur lámhachadh daoine nach raibh baint ná páirt ná páirt ná baint acu leis an éirí amach. Cad is féidir a rá faoi sin? Bheadh go leor acu beo leathchéad bliain ina dhiaidh sin, beo beathach bríomhar.

Déarfá gur luachmhaire aon bheatha amháin ná cúis pholaitíochta ar bith.

Ach ní chreideann aon duine é sin lándáiríre, an gcreideann?

Chreid síochánaí é ar nós Francis Sheehy Skeffington. Ach mo thrua is mo thubaist, níor chreid na saighdiúirí (cogar os íseal, ‘Sasanacha’) a chuir piléir trína chloigeann álainn é.

Maidir leis an bhforéigean de, agus arís, ó bhó go deo, agus á fach, cad is fiú na huafáis a rianadh? Ní raibh in Éirí Amach na Cásca ach goirín beag bog neamhurchóideach amháin ar shliasaid mhór na barbarachta nuair a chuaigh óige na hEorpa ag marú a chéile le flosc, le fonn, le fíbín foréigneach ar mhachairí an áir.

Tá lánchead ag an uile dhuine ar a leagan féin maidir le foréigean 1916 a thabhairt.

Ach tá rud amháin cinnte an chéad rud ar maidin go fiú don naíonán i rang 1(a) an chliabháin eitice.

Ní féidir a bheith i gcoinne an fhoréigin ar Shráid Uí Chonaill, agus a bheith ar a shon ar an Somme. Ní féidir ar tharla ar Dhroichead Shráid an Mhóta a dhamnú, agus móradh a dhéanamh ar na saighdiúirí a dhein ionsaí ar na haoirí caorach agus ar na buachaillí gabhar i mbun a dtréad sna Dardanelles.

Ní féidir cur in aghaidh na scliúchas sráide timpeall ar na Ceithre Chúirteanna agus a mhaíomh go raibh an sléacht ag Ypres go glórmhar.

Is é sin, go hachomair, tá tú i dteideal cur go láidir in aghaidh an éirí amach más síochánaí tú.

Is é is síochánaí ann, mura bhfuil a fhios agat, duine atá in aghaidh an fhoréigin ar gach cúis ar gach ócáid faoi gach coinníoll siar amach go brách gan teorainn.

Ar chúis éigin, ní hea, actually, mar adeir siad sa Ghaeilge is fearr, ní cheapaim gur síochánaithe iad mórán de na daoine a bhíonn ag piocadh is ag cniogaireacht faoin éirí amach. Ceapaim gur daoine iad a shíleann go raibh foréigean na Breataine go maith, agus go raibh foréigean na hÉireann go dona.

An bhfuil sé chomh simplí sin? Actually, tá.

Maidir lena hiarmhairt mar réabhlóid, áfach, d’oirfeadh go léifeadh daoine cúpla leabhar faoin domhan mór.

Tugtar le fios go raibh mar thoradh ar réabhlóid 1916 gur dingeadh an foréigean isteach mar chuid de chultúr polaitiúil na tíre.

Lánait sin, mar tá críocha Saorstát Éireann ar na fearainn is síochánta sa mbith ar fud na cruinne le 93 de bhlianta anuas. Mo dhúshán fúibh, liostaigí libh na stáit ba shíochánta ná sinn ó shin!

Is beag iad. An Vatacáin, b’fhéidir?

Is aite fós go gceapfaí go raibh aon rud neamhchoitianta ag baint le stát a bhain a chuid neamhspleáchais amach le hairm san 19ú nó sa chuid is mó den 20ú haois.

De ghnáth, nuair a ghabhann impireacht forlámhas ar phobal beag, agus nuair a iarrtar uirthi go deas séimh síochánta béasach umhal lúitéiseach a cos a thógáil ón mbolg agus an scian a bhaint den scornach, de ghnáth ní dhéantar sin. An té a bhain leis an gclaíomh, bainfear de leis an gclaíomh.

Ní hé sin mo chreideamh saoil, b’fhearr liom go mbeadh daoine réasúnta, agus nuair a dhéanfaí iarratas réasúnta, go ngéillfí go réasúnta dó. Ach is maith liom an fhianaise chomh maith céanna, murab ionann agus go leor. An fhianaise bhocht!

Cad í an uair dheiridh gur dhein an fhianaise bhocht aon difear don intinn stóinsithe?

Agus smaoiním ar an tsaoirse a baineadh den daoirse le foréigean, faraoir: abraimis, go neamhthuairimeach ar fad – An Ísiltír, an Fhionlainn, an Airgintín, An Bhulgáir, Angola, Bangla Deis, Vítneam, An Ghréig, An tSile, An Ailgéir, An Indinéis, Haiti, Iosrael, Meicsiceó, Mozambique, na Stáit Aontaithe, agus ar aghaidh agus ar aghaidh agus ar aghaidh…

Ach cá dtéim leo?

Tá an foréigean ‘mór’ go maith is an foréigean ‘beag’ go dona, mar a bhí riamh.