Flosc chun cogaidh 100 bliain ó shin

Fáiltíodh roimh an slad, ár, scrios agus marú 100 bliain ó shin


Cograim seo libh – thosnaigh sé inné, murar thug sibh faoi ndeara é. An Chéad Chogadh Mór: cruinn díreach 100 bliain ó shin a thosnaigh, cé nach é sin a mhaífear toisc nach raibh na gallóglaigh seo againne páirteach ann fós.

Ar an 28ú d’Iúil d’fhógair Impireacht lofa na hOstaire-Ungáire cogadh ar an tSeirbia; agus an lá dár gcionn chrom a cuid loingis ar shliogáin mharfacha a chaitheamh ar an mBéalgrád.

B’in iad na chéad urchair a caitheadh san ár san Eoraip, cé nárbh urchair iad le fírinne, ach pléascáin mhóra ghránna a mharaigh sibhialaigh ar shráideanna na cathrach sin, sibhialaigh a bhí chomh neamhurchóideach leis an leanbh sa chliabhán, ach nach bhfuil aon ainm anois againn orthu, gan amhras.

Ar an lá céanna sin, chuir Ambasadóir na Breataine sa Vín sreangscéal go Londain á rá go raibh “an tír imithe ar mire le háthas agus iad ag dúil leis an gcogadh leis an tSeirbia”. Bhí an Eoraip ar fad ag pléascadh le hairc chun cogaidh agus chun fola.

READ MORE

“Bhí rud éigin maorga, spleodrach agus tarraingteach, fiú” san aer i gcathair sin Vín, dar leis an síochánaí Stefan Zweig, scríbhneoir a chuir as dó féin nuair a ghabh na Gearmánaigh an chathair chéanna i dtosach na chéad bharbarachta Eorpaí eile.

Ba dheacair a rá nach raibh an cogadh ag teastáil. Sa Ghearmáin ar an chéad lá de Lúnasa, bhailigh na slógaí daoine lasmuigh de phálás an Kaiser ag éileamh tiomsú an airm, agus chan siad iomainn ghairdeachais agus hósanannaí nuair a fógraíodh cogadh ar an Rúis.

Le deich mbliana roimhe sin, bhí ginearáil in arm na Gearmáine ag beartú ar fheachtas cogaidh in aghaidh na Rúise céanna sula n-éireodh an mathún róláidir. Sea, ba dheacair a rá nach raibh cogadh ag teastáil go dóite.

Cé go raibh an Bhreatain mall go maith ag socrú an dtiocfadh siad isteach san ollfhéasta fola, nuair a shocraigh siad ar deireadh nach bhféadfaí cogadh breá a dhiúltú tá léamh agus scríobh agus inse bhéil ar an racht buinne aoibhnis a ghabh an pobal nuair a thuig siad go raibh siad ag dul i dtreo an uafáis álainn.

B’éigean don oifig earcaíochta i nDún Éidean fanacht ar oscailt i gcaitheamh na hoíche chun déileáil leis an éileamh.

I Londain, is ina scríb reatha a chuaigh breis agus 100 duine in aghaidh an uair an chloig chun cláraithe san éirleach, agus chun an éirligh a dhéanamh.

Is sea, leis, ba dheacair a áiteamh nach raibh croí na náisiún sa chogadh agus nár theastaigh marú agus scrios agus dísciú uathu, fad is nach orthu féin a déanadh.

Ná níor bhain seo le haon aicme amháin; níorbh iad na hasail ag comáint na laochra chun na hiorghaile é; bhí gach aon duine ciontach.

Deir Barbara Tuchman, duine de na staraithe is fearr a ghabh sa phluda cogaidh seo, mar gheall ar gach ceann de na tíortha a ghlac páirt: “The working class went to war willingly, even eagerly, like the middle class, like the upper class, like the species.”

Dúirt an nuachtán Le Matin san Fhrainc, ar nuachtán mór-ráchairte é, gur "cogadh naofa in aghaidh na barbarachta" a bhí le bheith ann (cár airíomar é sin cheana?); agus an lá dár gcionn mhaígh páipéar na nDaonlathach Sóisialta sa Ghearmáin go raibh i gceist ag an Rúis "cultúir uile Iarthar na hEorpa a bhrú faoi chois" (Fox News, tugtar dod aire!).

Is sea, arís ar ais, cé déarfadh nach raibh seo tuillte againn, an cine neamhdhaonna soir amach?

Cé go raibh léirsithe i gcoinne an chogaidh sa Rúis, bearta a raibh a dtoradh orthu trí mbliana ina dhiaidh sin, fós thug Maicsím Gorcí lántacaíocht don troid in aghaidh daorsmacht na Gearmáine, in ainneoin nach raibh saighdiúir spícechlogach amháin tar éis cos a chur thar tairsigh na tíre fós. Dúirt Soudán de chuid na Tuirce gur jihad chomh maith a bhí ann, am baiste.

Caithfidh go raibh Dia ina dhá leath lasnairde, maidin ar son na Fraince, agus um thráthnóna i lár na Tuirce.

Chuaigh síolta an chogaidh siar i bhfad roimhe sin. Mhéadaigh caiteachas airm na gcumhachtaí móra san Eoraip 50 faoin gcéad idir 1908 agus 1913, in ainneoin nach raibh cuma ná cúis aighnis idir na tíortha sin.

Déarfá nach raibh ann ach go raibh siad ag faire ar a seans. Nuair atá cumhacht impiriúil dod phógadh, tá chomh maith agat do chuid fiacla a chomhaireamh.

Cuimhnítear air sin – agus air seo – nuair a bheidh na trumpaí á séideadh as seo go ceann cúpla bliain: fáiltíodh roimh an slad agus roimh an ár agus an scrios agus an marú an taca seo ama 100 bliain ó shin, cuimhnítear air!