Fiche Blian ag Fás le plé

Fógraíodh le déanaí gurbh é Diarmuid Ó Sé a thabharfadh Léacht Uí Chadhain na bliana seo sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar an ábhar "Fiche blian ag fás mar shaothar liteartha," a scríobhann Liam Mac Amhlaigh.

Oíche an-tábhachtach í Léacht Uí Chadhain do lucht na Nua-Ghaeilge in UCD agus do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath trí chéile, ó bunaíodh sa bhliain 1980 í.

Thug Breandán Ó hEithir, scríbhneoir, an chéad léacht i bhfómhar na bliana sin ar “Máirtín Ó Cadhain: an Pholaitíocht agus an Ghaeilge”, agus tá léacht tugtha i mBelfield ag scoláire nó scríbhneoir aitheanta beagnach gach bliain ó shin ar ghné éigin de shaothar an Chadhnaigh nó de litríocht nó de theanga na Gaeilge.

D'fhoilsigh Muiris Ó Súilleabháin Fiche blian ag fás (1933) ceithre scór bliain ó shin, leabhar a dhéanann cur síos ar a óige ar an mBlascaod Mór agus ar a imeacht ón oileán.

READ MORE

Rachaidh Ó Sé i ngleic sa léacht seo leis an leabhar cáiliúil seo, ar a cháilíochtaí mar shaothar liteartha agus ar chomhdhéanamh an téacsa faoi mar a thug an
t-eagarthóir, Seoirse Mac Tomáis, don phobal é. Úrscéal dírbheathaisnéiseach a thug an-léargas do léitheoirí na dtréimhsí ina dhiaidh ar an duairceas agus an suairceas ar aon i gceantar Gaeltachta amháin in iardheisceart na linne sin.

Taobh le Peig (1936) agus An tOileánach (1927), ba chuid de thrí leabhar ar leith é ar chuir pobal na Gaeilge spéis iontu amhail spotsholas ar shaol a bhí ag teacht chun deiridh.

Go fiú sa lá atá inniu ann, cuireann Gaeilgeoirí suim sna hiarrachtaí coinsiasacha a rinneadh ar luachanna daonna áirithe a chaomhnú agus a idéalú i saothair den chineál seo.

Saineolaí
Léachtóir sinsearach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é Diarmuid Ó Sé agus agus é lárpháirteach i dteagasc agus taighde i gceann de na ranna ollscoile Gaeilge is mó sa tír.

Saineolaí ar ghnóthaí teangeolaíochta, Gaeilge Chorca Dhuibhne go speisialta, bíonn plé aige le cúrsaí a bhaineann le litríocht na Mumhan agus is é a mhúineann cúrsa ar Litríocht an Bhlascaoid san ollscoil.

Agus é ina chathaoirleach ar Choiste Téarmaíochta an Stáit i láthair na huaire, tugann Ó Sé dearcadh géarchúiseach, intleachtúil ar chuid ar bith de staidéar canúineolaíochta i gcónaí.

Tagann an léacht seo sna sála ar léacht chuimsitheach ó Mháire Ní Neachtain anuraidh dar teideal “An é tobar an dúchais tobar an dóchais?”, nuair a tugadh aghaidh ar cad is ciall leis an “tobar”, mar mheafar don Ghaeltacht, mar a shamhlaigh an Cadhnach í, agus í ina lóchrann do phobal teanga na Gaeilge in aimsir an Chadhnaigh agus in aimsir an lae inniu.

Beidh Léacht Uí Chadhain ar siúl i Léachtlann M, Áras Newman, UCD, Déardaoin 17ú Deireadh Fómhair ar 7pm. Eolas: irish.gaeilge@ucd.ie