Fianna Fáil ag teacht chucu féin

Saighdiúirí na Cinniúna ag seasamh an fhóid uair amháin eile – ach tá mórán cathanna rompu

Níl Fianna Fáil baileach ar a seanléim ach, más fíor do na pobalbhreitheanna, tá siad ag teacht chucu féin. Tá roinnt pobalbhreitheanna anois ag rá gurb iad an páirtí is láidre tacaíocht i measc an phobail iad agus beidh an fothoghchán sa Mhí Thoir inniu ina theist ar na figiúirí sin. Beidh sé ina theist freisin ar thacaíocht pháirtithe an Rialtais agus Shinn Féin. Bhuaigh Fine Gael dhá shuíochán as trí anseo san olltoghchán agus is de bharr bás duine díobh, an tAire Stáit Shane McEntee, atá an vóta seo ag tarlú inniu.

Tá a iníon Helen san iomaíocht agus cé go dtarraingeoidh sí vóta comhbhróin áirithe is é tuairim na coitiantachta go mbeidh sé deacair aici an suíochán a choinneáil. An Lucht Oibre a bhí chun tosaigh anseo san olltoghchán agus Dominic Hannigan tofa go héasca ach is beag seans atá ag Eoin Holmes inniu.

Ceantar é seo ar deineadh an-fhorbairt tithíochta ann, ceantar comaitéireachta den chuid is mó agus tá a lán úinéirí tí i dtrioblóid lena gcuid morgáistí agus iad spréachta faoin gcáin maoine. Tá líon mór acusan nach dtacóidh le aon pháirtí rialtais.

Is ó Fhianna Fáil a thiocfaidh an dúshlán is láidre do Helen McEntee. Tháinig a n-iarrthóir an Seanadóir Thomas Byrne sa cheathrú háit san olltoghchán, toghadh mar Sheanadóir ó shin é agus tá ardphróifíl aige sa dáilcheantar agus go náisiúnta.

READ MORE

An t-am seo dhá bhliain ó shin bhí saighdiúirí na cinniúna ar a nglúine agus mheas tráchtairí go raibh deireadh leo. Rinneadh sléacht orthu in olltoghchán Feabhra, 2011. Níor tháinig an toradh aniar aduaidh ar an bpobal óir bhí na pobalbhreitheanna á thuar.

Sa gceann deiridh sa nuachtán seo roimh an olltoghchán bhí an tuar ag teacht leis an dtoradh. Cé go raibh an pobal agus tráchtairí leath ullamh don díothú damanta a rinneadh orthu is cosúil nach raibh Fianna Fáil féin réidh dó ar chor ar bith. Le linn an fheachtais bhí rabharta feirge agus míshástachta dírithe orthu, bhí na meáin á thuairisciú ach lean teachtaí agus iarrthóirí den mhana nach raibh an teachtaireacht sin á fháil acu ag na doirse.

Tar éis an olltoghcháin, bhí drochbhail orthu sa Dáil agus lean sin ar feadh bliana ar a laghad. Bhíodar fágtha ar an dtrá thirim, gan acu ach scór teachta. Gan an tacaíocht agus na seirbhísí taighde a ghabhann le bheith in oifig bhíodar go hiomlán in aimhréidh, bhíodar cosúil le seandornálaí a chaith an iomarca ama sa bhfáinne.

Ní raibh aon taithí acu ar fhreasúracht. Anuas air sin, mar gur lean an Rialtas nua a lán den mhéid a bhí aontaithe acu féin leis an Troika ba dheacair acu locht a fháil air.

Aon uair a thug siad dúshlán an Rialtais síneadh méar an mhilleáin leo agus dúradh gurbh iad faoi ndear an drochbhail a bhí ar an Stát, gurbh iad a ghéill flaitheas eacnamaíoch.

Cé go raibh seisear teachtaí sa bhreis ar Shinn Féin acu ní raibh siad chomh heagraithe nó chomh láidir leo. Gan amhras, bhí taithí freasúrachta ag Sinn Féin agus thapaíodar chuile dheis chun iad féin a chur chun tosaigh mar cheannairí ar an bhfreasúra ach chabhraigh laige Fhianna Fáil leo i dtús ama.

D’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil toisc, dar leo, Fianna Fáil agus páirtithe an Rialtais a bheith ar an dtaobh céanna gan aon difríocht shuntasach eatarthu. Níorbh aon bhagairt do Shinn Féin an grúpa teicniúil (d’ainneoin iad a bheith níos líonmhaire ná iad) mar gheall ar an éagsúlacht fealsúnachta agus tosaíochtaí i measc an ghrúpa sin.

Ar an dtalamh, bhí an seanmheaisín imithe le sruth agus b’éigean don cheannaire, Mícheál Martin, díriú ar an pháirtí a atógáil chomh maith le foireann freasúra a chur i dtoll a chéile.

Don chéad bhliain sin, ba é Michael McGrath réalt Fhianna Fáil, ach le himeacht ama, tháinig urlabhraithe eile chun tosaigh ar nós Billy Kelliher, Dara Calleary agus Niall Collins. Tar éis bliana den síneadh méir agus milleánú sheasadar suas dóibh féin agus dúirt, tar éis an dara buiséad ón gcomhrialtas, go raibh sé in am anois ag an Rialtas seo freagracht a ghlacadh dá gcuid cinnithe féin maidir le ciorruithe agus cánacha.

Is ansin a thosaigh an téarnamh agus beidh siad ag súil le toradh inniu a chruthaíonn gur feabhas leanúnach é. Eatarthu féin agus Fine Gael atá an choimhlint don chéad dá áit sa chomórtas inniu.

Is annamh a bhuann Rialtas fothoghchán. D’éirigh leis an Lucht Oibre sin a dhéanamh i mBaile Átha Cliath Thiar nuair a fuair Brian Lenihan bás ach bhí Rialtas nua ann agus bá an phobail fós leis. Beidh cath idir an Lucht Oibre agus Sinn Féin don tríú agus an cheathrú háit sa Mhí Thoir agus beidh an toradh sin suntasach freisin.

I gcás Fhianna Fáil, áfach, fiú má bhuann siad inniu beidh siad ag troid ar chuile thaobh as seo go dtí an chéad olltoghchán eile, caithfidh siad coinneáil chun tosaigh ar Shinn Féin agus beidh siad ag iarraidh an tacaíocht a chailleadar le Fine Gael a mhealladh ar ais.

A lán déanta ach an t-uafás fós le déanamh mar sin.