Feiniméan nua cainte

‘Nuachainteoirí’ á bhfiosrú mar chuid de thaighde Eorpach

Is mó trácht a deineadh le blianta beaga anuas ar mheath na Gaeilge traidisiúnta sa Ghaeltacht agus tuaradh cheana go dtiocfadh deireadh leis an nGaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge as seo go ceann 15 bliain. Os a choinne sin, tá tionscadal nua taighde ag tabhairt aghaidh ar na modhanna agus na láithreacha neamhthraidisiúnta ina bhfuil an Ghaeilge á sealbhú agus tá an ról a d’fhéadfadh a bheith ag “nuachainteoirí” na Gaeilge maidir le cur chun cinn na teanga á fhiosrú.

“New Speakers in a Multilingual Europe” is teideal don tionscadal seo atá faoi stiúir ag an Dr. Bernadette O’Rourke, Éireannach atá ina léachtóir sinsearach in Ollscoil Heriot-Watt in Albain. Tá an Dr. O’Rourke ag obair liomsa ar an taighde a bhaineann leis an nGaeilge. San áireamh sa tionscadal tá níos mó ná 15 ollscoil Eorpach – Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Luimnigh ina measc. Chomh maith leis an nGaeilge, tá Gaeilge na hAlban, an Bhascais, an Chatalóinis agus an Ghailísis i measc na dteangacha eile atá faoi chaibidil.

Is é a thuigimid le “nuachainteoir” mionteanga ná duine a d’fhoghlaim an teanga lasmuigh de chomhthéacs an bhaile, sa chóras oideachais go minic, agus atá tiomanta do labhairt na teanga go rialta.

I gcás na Gaeilge, d’fhéadfaí nuachainteoir a thabhairt ar dhuine a tógadh le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus nach bhfuil blas traidisiúnta na teanga aige nó aici.

READ MORE

Tógann coincheap an nuachainteora ar fhorbairtí teoiriciúla sa teangeolaíocht le blianta beaga anuas, a cheistíonn an t-údarás a bhronntaí ar urlabhra dhúchasach seachas urlabhra nach bhfuil dúchasach. I gcás an nuachainteora, áfach, is tábhachtaí cumas an duine an teanga a úsáid anois ná an cúlra teanga atá aige nó aici.

Tá go leor agallamh déanta againn le nuachainteoirí Gaeilge as na ceithre hairde a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tá an-éagsúlacht ina gcuid scéalta pearsanta ach is í a ndíograis i leith na teanga is mó a spreag iad chun “dul sa tseans” agus an Ghaeilge a d’fhoghlaimíodar ar scoil a ghlacadh chucu agus a úsáid go rialta.

Tá cinneadh déanta ag roinnt nuachainteoirí aithris a dhéanamh ar chanúintí traidisiúnta Gaeltachta, trí dhianstaidéar a dhéanamh ar fhoinsí acadúla agus tréimhsí fada a chaitheamh i gceantar Gaeltachta.

Déanann cuid acu seo idéalú ar chaint na Gaeltachta agus ní gá go mbeidís róthógtha le stíleanna eile Gaeilge nach bhfuil chomh traidisiúnta céanna. Ní cás le daoine eile blas na Gaeltachta in aon chor; b’fhearr leo cur i gcion go láidir gurb as Baile Átha Cliath nó Corcaigh dóibh agus is í labhairt rialta na Gaeilge an ghné is tábhachtaí dóibh.

Tá an-éagsúlacht chumais i gceist chomh maith: ó dhaoine a thugann “saineolaithe” orthu féin go dtí grúpaí eile nach bhfuil an misneach céanna acu ó thaobh líofachta, gramadaí ná cruinnis. Bíonn ceangal láidir idir cumas agus deiseanna úsáide go minic.

Mar shampla, ní raibh fonn ar chuid de na nuachainteoirí ar labhraíomar leo an Ghaeilge a úsáid lasmuigh de thearmann sábháilte seachtainiúil an chiorcail cainte ina halla pobail áitiúil. Bhí tuairim láidir ag an gcuid is mó de na nuachainteoirí ar labhraíomar leo go raibh casadh tábhachtach éigin déanta acu ina saol, tuiscint go rabhadar imithe thar tairseach isteach i ngrúpa cainteoirí líofa Gaeilge a bhí ann cheana.

Mar athrú tábhachtach saoil a fhéachtar ar an gcasadh sin go minic agus is cuid ríthábhachtach d’fhéiniúlacht an nuachainteora é.

San áireamh san athrú seo, mar shampla, tá cinneadh máthar na páistí a chur go Gaelscoil nó a clann a thógáil le Gaeilge, nó cinneadh mic léinn ollscoile an Ghaeilge a labhairt lena chairde atá in aon rang leis.

Bíodh is go gcreidtear go forleathan gur theip go tubaisteach ar mhúineadh na Gaeilge ar scoil, léiríonn ár dtaighde go soiléir go raibh an córas oideachais riachtanach d’fhormhór na nuachainteoirí toisc nach raibh aon tslí eile ar fáil dóibh chun an casadh sin a dhéanamh.

Cuid thábhachtach de thaithí go leor nuachainteoirí iad cainteoirí dúchais Gaeltachta ach ní bhíonn caidreamh compordach ná socair idir an dá dhream i gcónaí.

Tuairiscíonn nuachainteoirí áirithe go mbíonn teannas idir iad agus muintir na Gaeltachta. Is beag suim a léirigh cuid de na nuachainteoirí i gcaint na Gaeltachta agus b’fhearr leis an dream sin a leagan measctha féin a chleachtadh le chéile.

Ní i gcónaí a ghlactar sa Ghaeltacht le daoine a tógadh le Gaeilge in áiteanna eile, bíodh is gurbh í an Ghaeilge ba thúisce a shealbhaíodar.

Os a choinne sin, is ann do nuachainteoirí eile a bhfuil dlúthchairde Gaeltachta acu agus a bhfuil suim choiteann acu an teanga a chur chun cinn.

Dar leis na nuachainteoirí go léir, tá freagracht orthu an Ghaeilge a threisiú. In ainneoin go bhfuil lochtanna móra air, aithníonn Acht na Gaeltachta den chéad uair gur gá pleanáil i gcomhair na ngréasán Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Baileoidh tionscadal na nuachainteoirí eolas tábhachtach ar na grúpaí éagsúla seo agus cuirfidh sé treoir luachmhar ar fáil do lucht déanta polasaí in Éirinn agus thar lear.

Tá an Dr. John Walsh ina Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an taighde seo atá á mhaoiniú ag COST, clár tacaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh.