Faoiseamh na filíochta

Is file cumasach í Caitríona Ní Chléirchín a bhfuil a glór féin aici


Baineadh siar as Caitríona Ní Chléirchín nuair a fógraíodh go raibh sí ina comhbhuaiteoir ar Dhuais Mhíchíl Uí Airtnéide 2015. Bhí a dara cnuasach filíochta, An Bhrídeach Sí (Coiscéim), ar fáil sna siopaí leabhair le cúpla mí agus í sásta go raibh céim chun tosaigh tógtha aici mar fhile.

Tugann roinnt Ghradam Uí Airtnéide spreagadh breise di. Roineann sí an duais le Marcus Mac Congail, as a chnuasach siúd Ceol Baile (Coiscéim).

Is féidir a rá go bhfuil a cheol baile féin ag baint le saothar Ní Chléirchín, ar as Contae Mhuineacháin di. Pearsa as béaloideas a ceantair dúchais atá sa Bhrídeach Sí agus tá Loch Thulaigh in aice le teach a muintire i Scairbh na gCaorach, ina bhfuil each uisce agus brídeach sí.

De réir an tseanchais, phós an Bhrídeach Sí taoiseach de mhuintir Mhic Cionnaith sa 17ú haois agus bhí triúr clainne acu, ach bhí an fear mídhílis agus chuaigh an Bhrídeach Sí ar ais sa loch leis an triúr leanaí.

READ MORE

Tuigeann an file seo mianach an bhéaloidis agus na miotaseolaíochta chun dian-mhothúcháin an tsaoil a phlé.

Chaith sí seacht nó ocht mbliana ag scríobh a tráchtais PhD ar shaothar Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson agus tá sí anois ag léachtóireacht i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.

Léirigh Máire Mhac an tSaoi agus Nuala Ní Dhomhnaill di gurbh fhéidir beatha nua comhaimseartha a instealladh i bpearsana agus scéalta traidisiúnta ar bhealach ealaíonta éifeachtach.

Labhraíonn Ní Chléirchín ina guth sainiúil féin sa chnuasach seo ach tugann sí guth don Bhrídeach Sí agus do phearsana eile na samhlaíochta is na staire agus í ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí grá, cailliúna, tinnis agus báis. Tá peirspíocht na mban agus léargas léannta anseo a léiríonn dóchas agus dorchacht ar aon.

Tá mórán den ábhar anseo préamhaithe go domhain ina ceantar féin. Tá clann agus cairde, stair, logainmneacha agus oidhreacht chultúrtha: Cú Chulainn; Manannan Mac Lir agus Caitríona Cuntaois Thír Eoghain – a bhí pósta ar Aodh Ó Néill. Filleann go leor de na dánta ar théama na scarúna ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Is léir go ndeachaigh bás a máthar i bhfeidhm go mór uirthi agus gur thug an tréimhse fhada tinnis am do Chaitríona a machnamh a dhéanamh ar an ghrá agus ar an ghruaim. Chuidigh cúrsaí litríochta go mór léi i rith an ama sin agus ó shin.

Thosaigh sí ag cur spéise i nua-litríocht na Gaeilge nuair a cheannaigh a máthair An Crann faoi Bhláth di agus í ar an mheánscoil. Thug sí Rogha Dánta le Máirtín Ó Direáin di ansin, An Dúnaire, Taisce Dán agus mórán eile.

Bhí an-mheas ag máthair Chaitríona ar shaíocht na litríochta Gaeilge agus thuig sí tábhacht na leabhar. Ní hionadh mar sin gur thug Caitríona cúl le leigheas ar an ollscoil le heolas níos doimhne a chuartú ar litríocht na Gaeilge agus na Fraincise.

Tugann an litríocht cuid mhór di: taitneamh agus tuiscint ar an saol, saibhreas smaointeoireachta, samhlaíocht agus saol na haigne, fealsúnacht agus faoiseamh agus focail.

Tugann an fhilíocht bealach éalaithe di ón rud suarach sa tsaol chomhaimseartha. Ach cuireann sé dualgas agus freagracht ar an fhile dul isteach i réimsí deacra na beatha fosta.

“Tá leigheas éigin san fhilíocht, mar tá ceol san fhilíocht agus má éiríonn leis an duine dian-mhothúcháin a scaoileadh amach trí mheán an cheoil, tagann níos mó leighis orthu ná a bheith ag ól nó ag tógail drúgaí,’’ a deir sí.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil nochtadh croí agus anama anseo ach níor mhaith leis an fhile go ndéanfadh daoine míléamh ar a cuid filíochta trína saol agus a saothar a mheascadh.

Tá rian na beatha ar an fhilíocht seo ach ní beathaisnéis í. Tá sí uilíoch chomh maith le pearsanta.

"Uaireanta thig leat níos mó a rá trí persona,'' is dóigh léi. "Saothar filíochta atá ann, ní beatha duine. Baineann an saothar leis an tsamhlaíocht, le nádúr na beatha agus an bháis. Is bealach agam é le dul ag póirseáil i réimse na bhfocal agus na samhlaíochta.''

Tá saothrú coinsiasach teanga déanta sa chnuasach seo, thar mar a bhí aici in Crithloinnir (Coiscéim), a chéad cnuasach i 2010.

Cuireann sí béim ar bhrí, ar fhriotal agus ar cheol na bhfocal. Luann sí Tomás Mac Síomóin mar fhile a chuaigh i bhfeidhm uirthi ó thaobh saothrú iar-nua-aimseartha a dhéanamh ar an Ghaeilge; Nuala Ní Dhomhnaill ó thaobh úsáid persona ón bhéaloideas de; Colm Breathnach mar shampla d'fhile ag caint leis an duine nach bhfuil i láthair (sa Fear Marbh); Seán Ó Ríordáin mar fhile ag iarraidh theacht ar fhoclóir dá chiapadh aigne; Maria Sveteva mar bhean i ngleic le téamaí tragóideacha; ar Lorca; ar scríbhneoirí éagsúla a chuir spéis sa neamh-chomhfhios agus sa chritic fheimineach.

Is bean leabhar agus léinn í Caitríona, a bhfuil a croí istigh ina cuid oibre agus san fhilíocht. Tá moladh tugtha ag lucht critice di a aithníonn an suaimhneas agus an suaitheadh inti. Tá macallaí an traidisiúin agus glór baineann na haimsire seo le cluinstin sa chomhcheol seo.

Éilíonn An Bhrídeach Sí éisteacht. An Bhrídeach Sí le Caitríona Ní Chléirchín, Coiscéim, €7.50