Faisean! Faisean!

Ní hionann faisean a cheannach agus stíl a aimsiú

Bíodh on-trend, luxe-grunge nó glitz glory i gceist, tá téarmaíocht na seónna faisin ag éirí níos greannmhaire domhsa de réir mar a léim na hirisí.

Ó bhí Seachtain Faisin Londan ann, tá na stíleanna úra le feiceáil ar líne, ar teilifís agus i gcló araon, agus ní fada go mbeidh siad ag teacht chugat.

Go dtí le déanaí, ní raibh tionchar na ndearthóirí móra le sonrú ar aos óg na hÉireann. Ba é an aimsir a stiúraigh an chuid ba mhó de chinnithe faisin ár linne agus mise ar an ollscoil. Cinnte, bhí léine dheas ort, jíons, buataisí b’fhéidir, hoodie nó dhó, cóta gan dabht, agus scairf os a gcomhair sin uilig.

A fhad is go raibh go leor sraitheanna éadaigh ort bheifeá réidh d’achan chineál imeachta.

READ MORE

Anois, tá cúrsaí athraithe as cuimse agus admhaím go bhfuil cuma i bhfad níos maisiúla ar na mic léinn, baineann agus fireann, atá ag athlíonadh na dtithe tábhairne le breis agus coicís anuas.

Smaoiním ó am go chéile gur mhaith an rud é nach raibh na gréasáin shóisialta ann chun grianghrafanna a scaipeadh agus mé i mo mhac léinn, mar ní bheinn féin róshásta bheith tagáilte ar chuid de na pics atá faoi cheilt san áiléar!

#trend
Ba chuma le glúin s'againne faoi chúrsaí faisin ar an fhormhór agus bhí an t-ádh linn mar go mbíonn an-bhrú ar dhaoine óga an #trend is úire a cheannach agus a chaitheamh.

Bíodh sin mar atá, ba bhreá liom gléas taistealama bheith agam, é lán le héadaí agus smideadh na laethanta seo, mo cheann lán le leideanna scéimhe, le fáil amach an ndéanfadh sé mórán difir do mo shaol.

Dá mbeadh na héadaí chomh saor le ceannach agus atá siad anois, agus mé in ann mo stíl a athrú gach uile sheachtain, an mbeinn i m’íospartach faisin, ag léim ar sheilfeanna na siopaí a luaithe agus a tháinig an íomhá is úire amach?

An gcaithfinn crop-top PVC? Ní dóigh liom é, ach cá bhfios? Ní raibh mórán cainte ar fhaisean gasta agus mé i mo mhac léinn agus is cinnte nach mbímis ag ceannach éadaí chomh minic leis an dóigh a gceannaítear inniu iad.

Sármhainicíní
Níl an oiread chéanna tionchair ag na sármhainicíní ar chúrsaí faisin i gcomparáid le deich mbliana ó shin – cé go bhfuil slí bheatha an-rathúil bainte amach ag Gisele Bundchen, Heidi Klum agus a leithéid.

Is ar iomráitigh eile, ceoltóirí agus aisteoirí san áireamh, a bhíonn aire na ndíograiseoirí faisin ag díriú.

Ní fhanann siopadóirí le feiceáil cad é atá á chaitheamh ag na sármhainicíní ar na hardáin taispeána, mar go bhfoilsítear íomhánna chultúr an iomráiteachais agus a gcomhpháirtithe a luaithe agus atá na héadaí caite.

Déantar siopadóireacht fuinneoige agus réalaíoch tríd na gréasáin shóisialta agus na siopaí ar-líne na laethanta seo agus níl gá le comhairle na ndearthóirí níos mó.

De thairbhe chostaisí ísle na n-éadaí is féidir le daoine óga bheith crógach trialach lena gcuid stíle, agus muna bhfuil hotpants leathair en vogue an mhí seo is cuma, mar go ndíolfar leagan den mhír faisin úr atá á caitheamh ag It Girl na míosa seo chugainn.

Is cosúil gurb í Ellie Goulding blas an tséasúir seo agus í ag dul thart le Harry Styles agus Pixie Geldof, ag glacadh selfies leis an dearthóir Alexander Wang, agus in ann a rogha rud a chaitheamh.

Bheadh iontas orm muna bhfeicfí na mílte Ellies Éireannacha ag siúl na sráideanna gan mhoill, iad ag déanamh aithrise ar roghanna stíle Goulding, na feistis áille chomh maith leis na faux pas.

In ainneoin na roghanna stíle atá ar fáil, feictear cuid mhaith dreamanna beaga de mhná óga an-chosúil lena chéile ó thaobh na stíle de, mar a bheadh clón faisin iontu.

Grunger
Feictear an ghruaig bailithe sa dóigh chéanna ar bharr a gceann, na jíons teanna dubha orthu uilig, agus dathanna difriúla den bharréide chéanna ar gach duine acu, gan mórán indibhidiúlachais le sonrú go minic.

Agus mé ag déanamh tagairte d’éagsúlacht, nach iontach an t-athrú atá tagtha ar éadaí na bhfear le déanaí?

Tá sé go hiomlán inghlactha anois fear óg a fheiceáil agus brístí dearga nó glasa agus bróga oráiste no gorma air, agus bíonn na stíleanna gruaige ag athrú go ríghasta.

Is cuimhin liom an t-am nuair a bhí dhá stíl ar fhir: gruaig fhada an grunger agus bearradh gairid an réabhaire. Bhí sé simplí mar gur chomhartha é an ghruaig ar chlaonadh ceoil an fhir.

Anois, tá an-rath ar an scoilt-taoibh siúnta agus na stíleanna arda drámatúla a bhí go mór chun tosaigh ar ardáin taispeána Londan i mbliana.

Tosnaíonn Seachtain Faisin Bhéal Feirste amárach agus beidh Músaem Uladh lán go doras le fashionistas.

Beidh fuinneamh le sonrú sa chathair agus daoine ag baint taitnimh as an ócáid luisiúil.

Athraíonn faisean an t-am ar fad, ar ndóigh, ní stopann sé cé go mbeidh daoine sa tóir air go deo.

Ciorclaíonn sé thart timpeall na dtréimhsí chun seanstíl a dhéanamh retro, agus ar ais arís, cé nach mbeidh dhá shéasúr mar an gcéanna.

Tá an-sult agus spraoi le baint as cúrsaí faisin a fhad is nach n-éirímid ródháiríre faoi.

I ndeireadh na dála, is cuma cén íomhá atá á díol, caithfidh muid idirdhealú a dhéanamh idir faisean agus stíl.