Fís ealaíontóra na hÉireann

Is beag aird a thugtar fós ar ealaín chreidimh an 20ú haois


Ar na healaíontóirí ba thábhachtaí in Éirinn san 20ú haois, bhí an ban-ealaíontóir Gabriel Hayes (1909–1978), a mba dealbhóir agus péintéir den scoth í.

Ar an gcéad amharc, áfach, seans go gceapfá óna hainm baiste go mba fhear í. Dála cuid mhór d’aos ealaíne na hÉireann san am atá thart, fuair Hayes cuid dá meánscolaíocht sa Fhrainc.

Sa lá atá inniu ann, is fearr aithne ar Hayes mar an té a dhear na boinn leathphingine, pingine, agus dhá phingine nuair a d’athraigh córas airgid na hÉireann sa bhliain 1971 agus nuair a cuireadh an córas deachúlach i bhfeidhm.

Ach rinne Hayes réimse leathan saothar ealaíne a dhearadh le haghaidh foirgnimh phoiblí agus eaglasta in Éirinn agus tá áilleacht as an ngnáth le sonrú orthu ar fad.

READ MORE

Aisteach le rá, is beag aird a thugtar fós ar ealaín chreidimh an 20ú haois i dtír seo na naomh, go háirithe má chuirtear san áireamh ilghnéitheacht agus ardchumas na n-ealaíontóirí a bhí ina mbun – leithéidí Hayes, Harry Clarke, Evie Hone, Albert Power, Liam McCormack agus Séamus Murphy – gan ach cúpla duine a lua. Ní hamhlaidh a bheadh in aon tír Eorpach eile, a mbeadh idir oidhreacht agus stair shainiúil faoi chaibidil go rialta inti.

Má fhágaimid an ré luath-Chríostaí as an áireamh, thuigfeá do na cúiseanna polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha a chiallaigh nach raibh mórán dlúis faoi thraidisiún saibhir ealaíne i leith chúrsaí cráifeachta de roimh Fhuascailt na gCaitliceach in 1829.

Agus fiú tar éis na Fuascailte i mblianta luatha an 19ú haois, chiallaigh bochtaineacht na tíre nach raibh aon traidisiún láidir i measc Chaitlicigh na hÉireann maidir le saothar spioradálta a choimisiúnú ná a cheannach fiú amháin ón dtaobh amuigh.

Thairis sin, toisc claonadh láidir soiscéalaíochta a bheith go forleathan i measc bhaill Eaglais na hÉireann, ní raibh mórán lé ag Protastúnaigh na tíre seo le híomhánna ná saothair a raibh cúrsaí spioradálta go sonrach iontu ach an oiread.

Ar na tograí tuata ba thábhachtaí ar oibrigh Hayes orthu, bhí tionscadal mór sa bhliain 1942, mar ar chruthaigh sí réimse leathan dealbh ornáideach d’fhoirgneamh na Roinne Tionscail agus Tráchtála ar Shráid Chill Dara san Ardchathair.

Obair thar a bheith crua a bhí i gceist leis an togra sin agus í i mbun snoíodóireachta aolchloiche amuigh faoin aer le linn di a bheith crochta i mbosca mór adhmaid a bhí suite ar chraein, ar airde 80 troigh os cionn na sráide.

Lena chois sin, chruthaigh Hayes painéil ealaíne Art-Déco don fhoirgneamh céanna a thagair do réimsí dúchasacha tionsclaíochta, a raibh Stát na hÉireann ag cur béim faoi leith orthu sa tréimhse sin, ina measc na tionscail mhuilleoireachta, tobac, stroighin, agus stáisiún cumhachta hidrileictreach na Sionainne.

Ar na chéad oibreacha móra spioradálta a rinne Hayes bhí pictiúr de Naomh Bríd agus sraith Stáisiúin na Croise don séipéal a chruthaigh sí d’Ospís an Bháis i gCrois Araild, Baile Átha Cliath sa bhliain 1934. Tá saothair spioradálta aitheanta eile dá cuid le feiceáil i gcónaí in eaglaisí i gcontaetha Chorcaí agus na Gaillimhe.

Tá Ardeaglais na Gaillimhe suite i gceartlár na cathrach, ar Oileán Ealtanach (Nun’s Island), mar a bhfuil Clochar na gCláiríní Bochta, ord rinnfheithimh a bhunaigh Naomh Clár agus Naomh Proinsias an chéad lá riamh.

Tá siad sa Ghaillimh ón mbliain 1642, nuair a d’fhill grúpa ban rialta Éireannach ón bhFrainc tar éis do ghéarleanúint na gCaitliceach maolú ábhairín.

D’oibrigh Hayes ar feadh beagnach 20 bliain ar dhearadh Stáisiúin na Croise don Ardeaglais, saothar ealaíne fíor-álainn a shnigh sí as Cloch Portland agus a chuimsíonn 28 fíor ar thomhas nádúrtha.

Ní raibh Hayes léi féin sa togra mór sin gan dabht. Tá dealbh iontach den Mhaighdean Mhuire chomh maith le sraith de phainéil chré-umha le Imogen Stuart sa séipéal céanna. Taobh thiar den altóir, tá mósáic thaibhseach den Chroch Chéasta le Patrick Pollen.

Tá ómós ar leith tuillte ag Hayes as a saothar péintéireachta freisin. Ní ceart dúinn dearmad a dhéanamh uirthi. Is léir nach bhfuil sí dearmadta ag aos ealaíne thar sáile, ná baol air.

Díoladh pictiúr léi dar teideal The Road Bowler, a raibh traidisiún caitheamh bollaí an chontae sin mar inspioráid dó ar phraghas ard ag Christies i Londain cúpla bliain ó shin.

Sa lá atá inniu ann, is i lámha na mbailitheoirí príobháideacha ealaíne atá formhór na saothar a chruthaigh Hayes tráth dá raibh, má chuireann tú na saothair spioradálta léi as an áireamh. Tá Alan Titley ar saoire