Fíorais agus a leanann

Deirtear gur beo dúinn i saol nach ann don fhírinne ná do na fíorais níos mó


Táthar á rá gur beo dúinn i saol ‘iarfhírinneach’. Lena chur ar shlí eile, i saol nach bhfuil beann ar bith ar fhíorais, ar fhactanna ar féidir iad a dheimhniú.

Ní hionann ar fad ‘fíoras’ agus ‘fírinne’, gan amhras, mar athraíonn fíorais de réir na fianaise, agus n’fheadar aon duine cad is fírinne ann.

Dá mb’ionann fíoras agus fírinne bheadh an domhan cothrom réidh san 15ú haois, agus dá mb’ionann fírinne agus fíoras bheadh rún an tsaoil ar eolas againn cheana.

Deirtear gur beo dúinn i saol nach ann don fhírinne ná do na fíorais níos mó.

READ MORE

Lucht airgid an Trumpadóra ag cumadh pé scéalta is maith leo; na tablóidí ag scaipeadh fírinní fíorúla ar fud na háite.

Is é is brí leis sin ná an té atá thuas óltar deoch air agus creidtear a bhéal.

I saol an chine saghas daonna siar amach ní raibh uair ar bith nach raibh níos mó fíoras, fíricí ná factanna ar fáil.

Cá raghfá leo?

Cad is féidir a dhéanamh leis na fírinní saolta a bhfuil figiúir á dtacú?

Neamhaird a thabhairt iontu, an freagra is coitianta.

Tógaimis cúpla fact, fíoras agus fíric. Níl gar dá séanadh.

Is í an cheist ná, cad a dhéanfaimid leo?

1. Is ea, is maith le daoine figiúir.

Táimid ar cheann de na tíortha is saibhre ar domhan. Ceann de na fearainn is mó deis agus airgid agus seans agus oideachas agus eolas agus sláinte agus fadsaoil dá bhfuil ann anois, is dá raibh riamh ann ó ghluaiseamar amach as an Afraic inár ndaoine gorma timpeall is 60,000 bliain ar ais ó shin.

Is é sin, tá an t-ádh linn nach raibh an t-ádh riamh le glúnta Gael ná le glúnta chine ar bith eile.

Ní hionann sin is a rá nach bhfuil uafás sa tír, nach bhfuil daoine ar an bhfaraoir ghéar, nach bhfuil an córas sláinte ina chac, agus eile.

Ach is ionann é agus gur fearr é ná gach a bhfuil ar fud an domhain bhraonaigh.

Is ionann é agus nach foláir smaoineamh ar conas an císte ramhar airgid a roinnt. Fíoras: go bhfuilimid lofa le hairgead, ach a dháileadh, cad a dhéanfaimid?

2. Och an saol idirnáisiúnta!

Braithim go dona go gcaithim fíorais eile a chur os ard. Ach cad is fiú fíorais in aghaidh na tuisceana atá thuas?

Abraimis, cé tá ag marú thall is abhus, cá bhfuil na corpáin ina sraitheanna sínte?

An é ‘an tIarthar’ atá ag ionsaí ‘an Oirthir’, nó a mhalairt?

An mó an seans atá ann go ndéanfar smionagar díot in, abraimis, Aleppo nó Mosul seachas in Milano nó Malaga?

Ceist thar a bheith saghas tábhachtach, déarfá cineál suimiúil, ina dtaoibh siúd a bhfuil a gcorp is a gcloigne is a gcolainneacha á gcur ó chéile.

Ach ós rud é nach dtadhlann sé leatsa id chompord deas san áit ina bhfuil tú, is féidir leat dearmad a dhéanamh air.

Fíoras, ach cad a dhéanfar leis?

3. Is í an chúis is mó a gcuirtear daoine chun báis in áit ar bith ar fud an domhain bhréanaigh ná toisc gur cailíní iad.

Cailíní sa bhroinn, nó gineanna baineanna muran maith leat friotal eile, nó féitis fhéin nach bhfuil iontu ach crobhaingí cillíní chailíní, nó go díreach na lumpaí sin a fhágtar ar an gcarn aoiligh ina leanaí aon lae nuair a fhaightear nach bhfuil iontu ach cailíní.

Mar fheiminach domhanda, seachas ceann caol-Eorpach, screadaim agus scréachaim le huafás! Sinne abhus, táimid balbh toisc iad a bheith gorm nó buí nó bocht.

Fíoras é, ach cad a dhéanfaimid ina thaobh?

Na fíorais seo neamhThrumpúla, cad a dhéanfaimid mar gheall orthu?