Féic niús

Tá oideachas ort, nach bhfuil? D’aithneofá scéal bréige dá gcloisfeá é?


Cé gurb é an Trumpa Práis is mó a chuir an nath ‘fake news’ i mbéal an phobail agus sa chúrsaíocht ghnáith ar éigean is gá dúinn a áiteamh gur scéal nua é.

Bhí scéalta bréaga á n-insint ag an gcine daonna an túisce is a d’fhágamar na fearainn theo in oirthear na hAfraice na mílte míle bliain ó shin agus gur leathnaigh an scéal go raibh ciníocha fáilteacha amuigh ansin romhainn sna críocha fuara a raibh craiceann geal orthu agus a bhí níos sibhialta go mór ná mar a bhíomar féin.

Scaip Críostaithe an scéal go raibh Giúdaigh ag ithe páistí óga, agus leathnaigh Moslamaigh an scéal go raibh págánaigh ag bualadh tairní i gcloigne na bhfíréan agus chreid díchreidmhigh go raibh ainchreidmhigh ag loscadh róchreidmhigh nuair a bhí an chaoi sin acu.

B’in san imigéin i bhfad siar ar na hiargúla, gan amhras, mar ní leomhfadh aon duine a chreidiúint go mbeadh pobal tuisceanach lánoideachais inlightinminteach na linne seo taobh le bréaga danartha gan náire anois, an mbeadh?

READ MORE

Ceart go leor, is fíor, bhí Prótacal Sheanóirí Síóin ann a mhaígh go raibh comhcheilg ann chun go bhfaigheadh an cine Giúdach seilbh ar an domhan go léir. Ach b’in tús na haoise seo caite, agus tuigimid anois nárbh fhíor é sin. Ní raibh oideachas ar oiread sin daoine san am. Ach ná bactar leis sin.

Nach raibh rún murascaille Tonkin againn? Ní cuimhin leat é?

Fuair na milliúin de mhuintir Vítneaim bás dá dheasca. B’e scéal é gur dhein longa de chuid Vítneaim ionsaí ar bhád cogaidh de chuid na Stát Aontaithe ar tharla é a bheith ag máinneáil timpeall an bhaill gan chúis gan iarraidh i samhradh na bliana 1964. Tar éis cúpla billiún dollar eile caiteachais agus fiosrúcháin fuarthas amach nárbh fhíor.

Tá beagán breis oideachais ar dhaoine anois, gan amhras, agus ní tharlódh arís. Ach ná bactar leis sin.

Bhí na leanaí sin go léir a baineadh amach as na goradaín sa Chuáit agus ar ligeadh dóibh bás a fháil ar sheomraí na n-ospidéal nuair a dhein an Iaráic gabháltas ar an tír sa bhliain úd 1990. Ba chuma gur scéal a tháinig go díreach as inneall bolscaireachta an Sheikdumb é ó bhéala chailín nach raibh d’ainm uirthi ach Nayirah. Ba leor é leis na meáisíní cogaidh a mhúscailt.

Is fíor go raibh níos mó oideachais orainn seachas mar a bhí aimsir Vítneaim, ach shílfeá nach slogfaí a leithéid hólas bólas arís.

Ach féach, ná bactar leis sin anois.

Chonaiceamar féin an fhianaise maidir leis na hairm ollscriostacha, na hairm sin nach raibh ag Saddam Hussein sa deireadh. Dúirt Cóilín Poll go raibh siad aige, dúirt Seoirse Sceach go raibh siad aige, agus an Blár Cogaidh.

Cúpla milliún corp agus teifeach ina dhiaidh sin, d’fhionnamar go raibh breall orthu. Is fíor go bhfuil feabhas ar an gcaighdeán oideachais, ach mar sin féin.

Ach ná bactar leis sin mórán.

Agus cúpla mí ó shin, nach raibh Isis le ceannas a ghlacadh ar an domhan go léir soir siar?

Nach é sin is cuspóir acu, Cailiféit na Cruinne a chruthú?

Nach bhfuil eagla ort id leaba bhog?

Nach ndúirt daoine le hoideachas sa bhreis fós é?

Conas a d’fhéadfadh dul amú a bheith orthu arís eile?

Is é oighear diachrach an scéil é go bhfuil an ceart ag an Trumpa. Tá ‘féic niús’ ar fud an bhaill. Má tá á chumadh aige féin, tá á chumadh ag cách.

Fútsa atá le haithint, áfach, tusa a bhfuil oideachas éigin ort.