Easpa eolais faoi Údarás na Gaeltachta ina hábhar imní

Tá sé tagtha chun solais nár tugadh iomlán an eolais d'iriseoirí nó don phobal faoin phróiseas a bhain le roghnú baill ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tá cúig cháipéis nua a bhaineann le comhaltaí a roghnú don bhord "aimsithe" anois ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus
Gaeltachta. Níor tugadh na cáipéisí seo ar lámh do Nuacht RTÉ/TG4 nuair a iarradh taifid a bhain leis an chóras ceapacháin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) i Nollaig 2012.

I measc na gcáipéisí úra a aimsíodh tá liosta de 34 duine a mhol oifigigh na Roinne don Aire Stáit Dinny McGinley mar dhaoine a bheadh fóirsteanach le bheith ar an bhord. Dhiúltaigh an tAire Stáit do gach duine acu agus tá liosta na ndaoine seo coinnithe faoi rún fós.

Léiríonn na comhaid nua fosta go raibh ionchur sinsireach polaitiúil i gceapadh bheirt bhall ó Pháirtí an Lucht Oibre ar an bhord. Ba é Mark Kennelly, Chef de Cabinet an Taoisigh, a chur in iúl do Damien Garvey, Comhairleoir Speisialta an Aire Jimmy Deenihan, seachtain sular fógraíodh an bord úr go raibh beirt bhall ghníomhacha de Pháirtí an Lucht Oibre le ceapadh. Sheol an tUas Garvey an t-eolas sin chuig Rúnaí Pearsanta an Aire Stáit McGinley.

Diúltaíodh níos luaithe i bliana d'iarratas FOI le liosta a chur ar fáil d'ainmneacha na ndaoine a rinne iarratas ar chomhaltacht tríd an phróiseas poiblí ar an bhonn go mbeadh sárú príobháideachais i gceist. Leathanach i ndiaidh leathanaigh d'eolas ceilte i ndúch dubh a tugadh mar fhreagra ar iarratas Nuacht. Níor tugadh gairmeacha beatha, seoltaí ná contaetha na ndaoine as ar tháinig na hiarratais go fiú ainneoin go raibh an próiseas uilig in ainm is a bheith trédhearcach agus oscailte.

READ MORE

Dhiúltaigh an Roinn athuair na cáipéisí a chur ar fáil nuair a rinne mo chomhghleacaí Áine Lally achomharc agus is i lámha an Choimisinéara Faisnéise atá an scéal faoi láthair. Táthar ag súil le cinneadh ón choimisinéir go luath.

Ach tá ceisteanna tábhachtacha ag eascairt as na cáipéisí breise seo a “d’aimsigh” an Roinn le déanaí. Cá raibh na comhaid seo nuair a chéadiarradh an fhaisnéis agus go deimhin le sé mhí ina dhiaidh sin? Dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise gur mar thoradh ar an fhiosrúchán atá ar bun aigesan a tháinig na cáipéisí chun cinn.

Dúirt an Roinn le Nuacht TG4 Dé hAoine seo caite gur "thaifid bhreise" iad seo "a aimsíodh le linn an phróiseas achomhairc" agus nach raibh an bheirt oifigeach shinsireacha a rinne na cinntí FOI "ar an eolas fúthu" ag an am.

Fiafraíodh den Roinn ansin an bhféadfaí glacadh leis mar sin nach raibh aon bhaint ag ceachtar den bheirt oifigeach sin i ndréachtú an liosta de 34 duine don Aire Stáit? Mar fhreagra dúradh go raibh “baint ag oifigigh éagsúla sa Roinn, na cinnteoirí FOI san áireamh, le moltaí a dhéanamh i dtaca le bord an údaráis”. Nuair a iarradh soiléiriú breise ar an fhreagra seo, dúirt an Roinn i ndeireadh thiar thall go raibh lámh ag an bheirt i gcur le chéile an liosta seo.

Bhí lúb ar lár suntasach sna freagraí seo. Má bhí baint ag na hoifigigh a bhí i mbun an iarratas FOI le dréachtú an liosta don Aire Stáit cad chuige nach raibh siad "ar an eolas" faoi nuair a deineadh an t-iarratas agus an t-achomharc? "Níl fáil ar na hoifigigh atá ag plé leis seo ag an am seo tráthnóna," a dúradh le Nuacht TG4 Dé hAoine.

Go fóill féin níl aon mhíniú sásúil tugtha ag an Roinn ar cén fáth gur séanadh eolas faoin chóras ceapacháin ar iriseoirí agus ar an phobal. Tar éis an tsaoil, is ar mhaithe le hoscailteacht agus trédhearcacht atá an tAcht úd ann. Tá míniú de dhíth fosta faoin chúis gur thug an Roinn le fios i scríbhinn i dtús an lae nach raibh oifigigh ar an eolas faoi cháipéisí áirithe agus gur admhaigh siad níos deireanaí go raibh baint acu le hiad a chur le chéile.

Cén t-iontas mar sin go bhfuil
míshuaimhneas ann i gcónaí faoin phróiseas ceapacháin? I Seanad Éireann ar 4ú Iúil, 2012 rinne an tAire Stáit McGinley cur síos ar an sórt boird a bhí de dhíth ar an údarás: "a well-balanced board that includes specialists, experts and linguists and has a democratic input, rather than an ordinary board with some expertise."

Ach in éagmais an eolais iomláin faoin chóras ceapacháin beidh an pobal fágtha san amhras faoi na critéir a úsáideadh le baill bhord an údaráis a cheapadh.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap