Ealaíontóirí óga agus seanmháistrí

Ní aip a bhí ag na daoine óga ach pinn luaidhe agus páipéar


Tugann tú suntas do na daoine óga in áit na mbonn. Seo glúin na nguthán cliste, óige na n-aipeanna. Ach aip ná aip le feiceáil ina nglac an iarraidh seo.

Pinn luaidhe agus páipéar atá acu agus tá siad ag stánadh ar líníocht le healaíontóirí móra na cruinne. Tá na healaíontóirí óga seo, lucht ollscoile, ag foghlaim a gceirde trí aithris a dhéanamh ar na máistrí seo.

Übung macht Meister, a deir an seanfhocal sa Ghearmáinis, déanann an cleachtadh máistir díot. Tá na mic léinn seo ag foghlaim lena súile – tá siad ag amharc ar shaothar le Michelangelo, Rembrandt, Dürer agus eile.

Tá siad, diaidh ar ndiaidh, ag tarraingt línte ar phár bán; tá siad ag líonadh an leathanaigh bháin mar ghníomh ómóis do na healaíontóirí a mhair rompu.

READ MORE

‘Idirghníomhach’ atá siad ach idirghníomhach ar leibhéal i bhfad níos doimhne ná comhrá ar na meáin sóisialta.

Ní minic a fheiceann tú an oiread sin daoine óga agus pinn luaidhe ina lámha acu ar na saolta seo. Ach seo scaifte sna déaga, mná agus fir, agus iad faoi dhraíocht ag na pictiúir atá rompu.

Tá urraim le mothú sa tséipéal tuata seo de dhánlann. Tá siad le chéile ach níl aird acu ar a chéile. Tá siad ina dtost. Níl aon duine ag snapchatáil ná ag facetimeáil ná ag whatsupáil. Peann luaidhe agus páipéar atá acu.

Peann luaidhe? Cad é an uair dheireanach a chonaic tú peann luaidhe i lámha déagóra? Ach is iontach an uirlis acu é. Thiocfadh dó gur thiar i gceardlann i bhFirenze le linn na hathbheochana a bhí tú, chomh dílis agus atá na daoine óga seo don obair atá idir lámha acu.

Tá saothar as an athbheochan ar taispeáint fosta. Tá réamhobair dubh agus bán a rinne Michelangelo ar an bhalla, réamhshaothar atá le feiceáil, lán dathanna, sa tSéipéal Shistíneach.

B’fhéidir gurb é sin a spreagann na daoine seo? B’fhéidir go mothaíonn siad bos agus allas Michelangelo ar an leathanach atá rompu. Beagnach 500 bliain ó shin a rinneadh an saothar beag seo agus seoid atá ann, seoid bheag ealaíonta ar bhalla in Éirinn.

Tá an duine a rinne an obair ar shlí na fírinne ach maireann rian a láimhe agus maireann a dhea-shampla dá réir sin. Is ceacht é sin ag ealaíontóir ar bith – agus inspioráid ag an chéad ghlúin eile lena bpinn luaidhe.

Ionad Ealaíon Uí Mhuirí

Bhí tuairisc ar – bhuel – tuairisc.ie go raibh Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge i mbun cainteanna le scéim nua a chur sa tsiúl chun “ionaid fhisiciúla acmhainní” a bhunú fud fad na hÉireann mar chuid den Straitéis 20 Bliain.

Bheadh na hionaid seo in ann feidhmiú mar amharclanna, bialanna agus ionad caidrimh ag lucht na teanga.

Cuirigí deireadh leis an chuardach agus cuirigí an t-airgead chugam, a Roinn agus a fhorais.

Tá áit ar dóigh agam mar ionad den tsórt sin – tugaim “mo theach” air!

Labhraim Gaeilge agus scríobhaim ann gach aon lá. Lárionad comhrá agus pinn den scoth atá ann.

Is minic a chuirim cuidiú ar fáil do lucht na Gaeilge – mo pháistí féin. Tá an chuid is fearr den nuatheicneolaíocht agam ann – ríomhaire agus teilifíseán – agus is minic a bhím i dteagmháil leis an tsaol mhór iontach Ghaelach leis an dá áis sin.

Mura leor sin, tá seomra suí agam agus tá tinteán deas agam ann – níl aon tinteán ann mar do thinteán féin. Ní chuirfeadh siad crua ar bith ormsa cúpla suíochán sa bhreis a chur isteach ann agus oíche airneáin a reáchtáil don phobal.

Amharclann? Bhuel, ba mé an t-aisteoir amaitéarach ba mheasa dá bhfacthas riamh ar stáitse na hÉireann ach tá mé cinnte de go dtiocfadh liom agallamh aonair a dhéanamh a thabharfadh ábhar gearáin do Ghaeilgeoir ar bith!

Agus bia? Bhuel, deir na hiníonacha liom nach bhfuil mo chuid millíní feola agus spaghetti le sárú. (Ní inseodh siad bréag faoi sin, an inseodh?)

Leoga, mura leor sin, tá cúpla focal Ultaise agam – Ach aye – agus thiocfadh liom Ultais a labhairt le cuairteoirí fosta. Mar sin de, lárionad trasphobal ilteangach a bheadh ann.

I mbeagán focal, thiocfadh liom níos mó a dhéanamh don Ghaeilge taobh istigh de 20 bomaite ná mar atá déanta ag an straitéis 20 bliain go dtí seo.

Tig leis an fhoras nó leis an roinn seic a chur chugam am ar bith is mian leo.

Deireadh an domhain

Cad é mar a mheasann tú féin go bhfuil deireadh ag teacht leis an domhan? Dónal T bheith sa Teach Bhán? Cad é mar a thiocfadh le daoine vóta a thabhairt dó? Nó daoine sa Bhreatain bheith ar son na Breatimeachta? Conas mar a d’imeodh siad as club a thóg mótarbhealtaí na hÉireann? Nó Ciarraí gan chraobh na hÉireann a bhaint sa pheil? Nó cliseadh as do chodladh lá amháin agus fáil amach go raibh Enda Kenny ag caint ar Éirinn aontaithe?