User Menu

Ealaí bána sa spéir liath os cionn an locha

Ealaí ar uisce. grianghraf: alan betson/the irish times

Deonú dúlra – ealaí os cionn an locha, na sléibhte sa chúlra, an spéir liath suaite bán. Cúig cinn a bhí le feiceáil, iad in aon líne amháin, ó ghob go heireaball. Chuir sé rang i gclós na scoile i gcuimhne dom, na páistí ina seasamh duine i ndiaidh a chéile, ag fanacht le dul isteach chun na bunscoile. Ach is in eagar san aer a bhí na healaí seo. Cad é mar a tháinig ciall chucu gur mar sin is fearr dóibh eitilt, gur chóir don chéad eala dul chun tosaigh agus an dara heala ansin, an tríú heala, an ceathrú heala, an cúigiú heala? Ní fhaca mé múinteoir ar bith scoile agus clog ina ghlac aige le múineadh a chur orthu. Bhí siad ar nós na rothaithe sin a fheiceann tú ar an Tour, iad uilig ag cur le chéile le go mbuafadh siad ar an ghaoth.

Cad é an focal is fearr le cur síos a dhéanamh ar an líne seo? Ealta ealaí? Ar éigean é. Ní ealta a bhí ann i gcomparáid, abair, le healta druideanna a bhíonn le feiceáil an t-am seo bliana. Líne? Bhuel, tá sin cruinn ach rud beag fuar. Bheadh ciall áirithe le ‘nasc’ nó ‘slabhra’ ealaí. Ach, arís, tá sin rud beag rómheicniúil mar chur síos.

Ribín ealaí? Sea, déanfaidh sin cúis bhreá, ribín ealaí – cúig eala, ó ghob go heireaball, ag bogadh le chéile in aon ghluaiseacht bheo bhán amháin, na sciatháin mhóra sin á n-iompar ar a suaimhneas i dtreo na móinteacha.

Níorbh fhada go raibh siad imithe, go raibh an spéir uaigneach ina ndiaidh, go raibh an coisí leis féin arís eile.

PÓM