Dracula agus Hurlamaboc ar fáil anois ar Léigh Linn

Tá an aip www.léighlinn.com ag cur dhá leabhar úra ar fáil saor in aisce – Hurlamaboc le hÉilis Ní Dhuibhne agus Dracula le Bram Stoker, Seán Ó Cuirrín a d’aistrigh.

Tá an chéad chuid den leabhar le léamh ar an aip seo, chomh maith le closleabhar.

Tá gearrfhíseáin ann ag deireadh gach caibidile ina labhrann an tOllamh Alan Titley faoi na rudaí is suntasaí sa chaibidil sin. Tá go leor ábhair eile ann a chuidíonn leis an léitheoir: réamhrá gearr ar gach leabhar; agallaimh leis na húdair agus léirmheasanna a foilsíodh sna méain Ghaeilge.

Dúirt Declan McGrath, stúirthóir an tsuímh: “Tá cumas léitheoireachta ag go leor duine le Gaeilge ach ní léann an chuid is mó acu leabhair i nGaeilge. Seans go smaoiníonn siad nach bhfuil leabhair i nGaeilge suimiúil go leor. Léiríonn na leabhair ar www.leighlinn.com go bhfuil a mhalairt ar fad fíor.

READ MORE

“Tá na leabhair roghnaithe againn bríomhar, barrúil, cliste. Is scéaltaí iad atá chomh tarraingteach le haon rud atá ar fáil i mBéarla.”

Dúirt sé gur bunaíodh an aip le “díriú orthu siúd a bhí ag iarraidh triail a bhaint as leabhair Ghaeilge a léamh, b’fhéidir orthu siúd a raibh drogall orthu leabhair Ghaeilge a léamh. Ní amháin gur bhain muid duais don aip is fearr ag Féile na Meán Ceilteach i mbliana, ach mhol cathaoirleach an choiste gur cheart go mbeadh a leithéid sna tíortha Ceilteacha eile.

“Tá muid an-sásta le líon na n-úsáideoirí a bhain muid amach go dtí seo.”